‘Impireacht spioradálta Éireannach’


Dark waters of the beginning.

Rays, violet and short, piercing the gloom,

foreshadow the fire that is dreamed of.

Christopher Okigbo (1932-1967)

READ MORE

Maraíodh Christopher Okigbo, file, le linn na coimhlinte i mBiafra (1967-1970). Murab ionann agus mórán eile a fuair bás le linn an chogaidh sin, maireann dánta dá chuid, dánta a chuireann cloch ina leacht.

Thug clár faisnéise de chuid TG4 a craoladh an tseachtain seo caite – Biafra: Misean Dearmadta (Akajava Films) – thug sé deis do dhaoine eile an choimhlint sin a thabhairt chun cuimhne arís.

Bhí dlúthbhaint ag sagairt agus mná rialta Éireannacha le Biafra an t-am sin; bhí mórán acu ar misean sa tír agus iad ag déanamh a ndíchill cás an phobail a fhorbairt. Labhair baill d’Ord an Spioraid Naoimh go mothúlach macánta faoina bhfaca siad agus faoina ndearna siad le linn an chogaidh. (Ait go leor, bíodh is gur luadh iad, ní raibh bean rialta ar bith faoi agallamh.)

Bhain an Nigéir neamhspleáchas amach ón Bhreatain ag tús na 1960í, níorbh fhada go raibh scoilt sa tír. Shocraigh Biafra go mbunódh siad poblacht dá gcuid féin de bharr gur ionsaíodh a bpobal; is beag caidreamh a bhí acu leis an chuid eile den tír.

Leoga, ar cheart “tír” a thabhairt ar an ionad polaitiúil a raibh an Nigéir air? Mhínigh colúnaí an nuachtáin seo, Alan Titley, gur “tíortha bréige” a bhí i mórán tíortha san Afraic. Struchtúr de chuid na gcumhachtaí cóilíneacha a bhí iontu; réimsí móra talaimh a cuireadh le chéile de bharr go raibh siad faoi smacht ag rialtais de chuid na hEorpa, má thuig mé i gceart é.

Níor chuir an clár síos buille ar buille ar an chogadh a d’éirigh idir an dá ghrúpa sa réigiún. Ba leor na pictiúir agus an chaint le tuairim mhaith a thabhairt duit cad é a tharla. Chonacthas pictiúir d’eitleáin agus iad ag déanamh ionsaí ar phobal Bhiafra. Chonacthas fosta pictiúir den ghorta agus an dóigh léanmhar a bhí ar pháistí na tíre. Chorródh an radharc croí cloiche.

Agus más de réir a chéile a thógtar na caisleáin, is de réir a chéile a thagann an cuidiú. Diaidh ar ndiaidh, chuaigh an chléir chun cainte le polaiteoirí in Éirinn agus thar sáile le cabhair a fháil. Cluas bhodhar a tugadh go minic dóibh ach múineann gá seift agus thug pobal na hÉireann airgead go fial. £100,000 punt Éireannach a bhí de dhíth ar lucht tacaíochta Bhiafra; fuair siad £3.5 milliún.

Bhí líne spéisiúil ag an Dochtúir Fiona Bateman, ollscoil na Gaillimhe, a dúirt gur cuid den “Irish spiritual empire” a bhí in obair na misean; iarracht ar chabhair a thabhairt gan brabús a bhaint as daoine.

Lámh chúnta na hÉireann ag iomrascáil le lámh láidir na gcumhachtaí móra – an Bhreatain agus an Fhrainc, mar shampla, agus iad ar lorg airgid as gunnaí a dhíol agus as ola a cheannach.

Ba dheas an íomhá í. B’fhearr i bhfad impireacht spioradálta Éireannach ná an sórt eile.

Forbairt an phobail

Níl a fhios agam cá mhéad uair a d’úsáid mé an focal “pobal” in imeacht na mblianta: pobal na Gaeilge; pobal na Gaeltachta; pobal na teanga; pobal an Tuaiscirt...

Tá casadh nua bainte as an fhocal i nGaeilge de bharr cúrsaí polaitíochta. Tá an focal “populism” i mbéal an phobail – úsáid eile! – de bharr Donald Trump agus eile. Deirtear, mar shampla, nach fada go mbeidh rialtas “populist” san Iodáil.

Agus an Ghaeilge air seo? “Pobalóir” atá ag tearma.ie ar an ainmfhocal; “pobalach” ar an aidiacht agus “pobalachas” ar an fheiniméan. Seans mór gur cheart dúinn sin a fhoghlaim nó tá gach aon chuma ar an scéal go mbeidh na focail in úsáid go ceann tamaill – bíodh is gur beag seans go mbeidh mé ag caint ar phobalóirí na Gaeilge in am ar bith.

Míorúilt an aistriúcháin

Is minic lucht na teanga i mbun gearáin nach gcuireann grúpaí eolas ar fáil i nGaeilge dóibh, ar shuíomh idirlín, mar shampla. Ní gan bhunús a bhíonn an gearán sin, gan amhras. Moltar, mar sin, an obair a dhéantar gan iarraidh.

Tharla go raibh mé i mbun taighde ar Chruinniú Domhanda na dTeaghlach atá le bheith in Éirinn go luath. Chuaigh mé ar lorg eolais ar an tsuíomh idirlín – www.worldmeeting2018.ie – agus an foclóir le mo thaobh, réidh leis an ábhar a thiontú go Gaeilge.

Níor ghá dom. Tá ábhar an tsuímh – imeachtaí, stair, clárú, paidreacha – le fáil i nGaeilge. (Tá an t-ábhar le fáil sa Fhraincis, san Iodáilis agus sa Spáinnis fosta má tá fonn ort na teangacha sin a chleachtadh.)

“Táimid buíoch dár n-aistritheoirí deonacha go léir a chabhraigh linn an leathanach seo a chur ar fáil i nGaeilge,” a scríobhtar ar an tsuíomh. Ba cheart go mbeadh nó tá obair mhór déanta acu.

Ach caithfidh mé m’fhaoistin a dhéanamh; ní raibh mé ag súil leis an oiread sin ábhair bheith ar fáil i nGaeilge. Tomás an Amhrais a bhí ionam. An féidir liom ‘míorúilt’ a thabhairt ar an eachtra?!