Is teanga mhóraimh í, sa chiall is leithne den bhfocal, mar is teanga don mhóramh í agus ba theanga mhóraimh in Éirinn í ag tréimhse staire faoi leith.
Is teanga na cruinne í: tá sí mar chuid de theangacha an domhain agus an t-iontas is mó a bhaineann léi ná gurb ann di in aon chor. Tá sí fós ann, agus is mar chuid den eispéireas uilíoch í.
Caithfidh go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna den tuairim gur teanga do chách í, mar ábhar riachtanach í an Ghaeilge sa chóras oideachais. Más teanga do chách í, ciallaíonn sin go mbaineann a todhchaí le gach saoránach in Éirinn.
Tá sé mar chuspóir ag an Rialtas sa Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 an líon cainteoirí Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais a mhéadú go 250,000 faoi 2030.
Ciallaíonn sin go bhfuil an tromlach nach labhraíonn Gaeilge tábhachtach do thodhchaí na teanga.
Má tá an Ghaeilge le cothú sa Ghalltacht, is í an chéad chéim le tógáil ná an bhéim a leagtar sa dioscúrsa poiblí ar fhráma tagartha na teanga mionlaigh a athrú.
Ní hionann sin agus a rá nár cheart iniúchadh a dhéanamh uirthi mar theanga mhionlaigh i gcomhthéacsanna áirithe. Ach cothaíonn an cur síos teangeolaíoch mórán deacrachtaí: cuireann sé laincisí ar an tsamhlaíocht ar go leor slite.
Tá an baol ann go bhfágfaidh an fráma tagartha seo a lorg ar smaointeoireacht na chéad ghlúine eile, a bheidh ag féachaint amach ar an teanga trí fhuinneog bheag na teanga mionlaigh, amhail is go bhfuil sí amuigh sa chlós, neamhspleách ar na daoine a labhraíonn í.
Feictear uaireanta go bhfuil tuairimí diúltacha ag cuid de phobal Béarla na hÉireann faoin nGaeilge agus go bhfuil an chuid eile ar nós cuma liom.
Tá cúiseanna éagsúla leis sin. Is minic na tuairimí seo ag daoine cheal eolais, cheal taithí dhearfach.
Ach mar a thaispeánann eachtraí ar fud an domhain, ní amháin gur féidir rudaí a athrú, ach is dlúthchuid den saol é. Dar liom gurb é an gléas athraithe is cumhachtaí chun deacrachtaí a shárú agus chun dul i ngleic le dúshláin ná an tsamhlaíocht.
Ceann de na rudaí is túisce ba cheart a dhéanamh má táthar le cuspóir réamhluaite na stráitéise a bhaint amach ná ról neamhspleách a chruthú a bheadh dírithe ar phobal an Bhéarla, macasamhail Ollúnacht um Thuiscint Phoiblí ar an nGaeilge a d’fheidhmeodh trí Bhéarla. Tá a leithéid i dtíortha eile: bhí an t-eolaí Richard Dawkins ar an gcéad Ollamh Simonyi um Thuiscint Phoiblí ar an Eolaíocht in Ollscoil Oxford.
Na príomhaidhmeanna a bheadh leis an ról ná oidhreacht na Gaeilge a roinnt leis na saoránaigh sin nach bhfuil Gaeilge acu, na slite a mbaineann an Ghaeilge le saol laethúil comhaimseartha na hÉireann a shoilsiú, agus líon na gcainteoirí a mhéadú. Caithfear eispéireas a sholáthar ar dtús, agus ní mór léargas a thabhairt ar an gcoibhneas idir an Ghaeilge agus ábhair éagsúla.
D’fhéadfaí gnéithe faoi leith den teanga a chomhtháthú leis an saol nithiúil, agus le taithí an Bhéarla. Má tá níos mó i gceist le teanga ná focail, ba cheart na slite a ndeachaigh an Ghaeilge i bhfeidhm ar an domhan briathartha agus neamhbhriathartha a léiriú.
Mar ní fada go bhfillfeadh daoine ar thobar an eispéiris, sin le rá, focail na teanga. B’iad na focail a chruthaigh an t-eispéireas an chéad lá, agus bhí an briathar ann i dtús báire.
Tá difríocht idir sin agus tuairimíocht dhearfach faoin nGaeilge a chothú, ná feasacht teanga; agus difríocht mhór arís idir sin agus a riachtanas sa chóras oideachais.
Ba cheart an teanga a thabhairt don bpobal fásta, seachas fanacht leo teacht chun na teanga.
Agus ina dhiaidh sin ba cheart ligean do dhaoine a n-aigne féin a dhéanamh suas faoi thábhacht na Gaeilge dóibh féin.
Shoilseodh ról um Thuiscint Phoiblí ar an nGaeilge gnéithe den Ghaeilge atá faoi cheilt. Chuimseodh sí ealaín, stair, tír eolas, dúlra, seandálaíocht, ceol, leigheas, taisteal.
Dhéanfadh an ról freastal orthu siúd nár éirigh leo an Ghaeilge a fhoghlaim go dtí seo, is cuma cad ba chúis leis.
Chruthódh sé deiseanna do dhaoine nach bhfuil an t-am ná an t-airgead acu freastal ar ranganna Gaeilge: tá airgead le cur ar an tábla má tá tú ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim.
Dhéanfadh sé freastal ar eachtrannaigh in Éirinn. Mhíneodh sé Curaclam na Gaeilge i mBéarla do thuismitheoirí nach bhfuil Gaeilge acu.
Dhéanfadh sé freastal ar thurasóirí. Thabharfaí amach í go háiteanna nach dtaithíonn sí de ghnáth.
Mar a dhéanann an Ollúnacht um Thuiscint Phoiblí ar an Eolaíocht, d’fhéadfaí réimse imeachtaí a reáchtáil a bhfuil tábhacht shiombalach agus phraiticiúil leo.
Cheisteodh sí an cur síos róshimplí naimhde agus cairde i leith na Gaeilge.