“Labhraíonn sé ar an teideal a tugadh air, ‘The Loneliest Boy in the World’, mar ní raibh aon leanaí eile san oileán ag an am ach deir sé féin nár bhraith sé aon uaigneas in aon chor mar go mbíodh na haon duine ag tabhairt aire dó. Bhíodh bronntanais, éadaí, bréagáin á seoladh chuige ó Mheiriceá.”
Déanann an craoltóir Sláine Ní Chathalláin cur síos ar an agallamh a chuir sí ar Ghearóid ‘Cheaist’ Ó Catháin, an leanbh deireanach a mhair ar an mBlascaod Mór agus a bheidh le cloisteáil ar eagrán speisialta den chlár Saol Ó Dheas a chraolfar ar Raidió na Gaeltachta Aoine na seachtaine seo.
Rugadh Gearóid in 1947 agus bhain sé clú agus cáil amach an bhliain dár gcionn nuair a tháinig an t-iriseoir Liam Robinson agus an grianghrafadóir Donal MacMonagle ar cuairt chuig an oileán, agus foilsíodh an t-alt a scríobhadh faoin turas seo i nuachtáin ar fud an domhain.
Robinson a chum an teideal a baisteadh ar Ghearóid agus bhíodh fear an phoist síoraí seasta ag teacht go teach an ghasúir le litreacha agus bronntanais a bhí spreagtha ag an íomha den ghasúr óg uaigneach a bhí gafa ar oileán sceirdiúil iargúlta amach ó iar-chósta na hÉireann
READ MORE
Ceann de na cuimhní is luaithe atá aige ná péire de bhróga beaga gorma a bheith á chaitheamh aige - rud nach raibh feicthe ag muintir an oileáin roimhe. Chuir fear áirithe amháin as Texas fiú scéala chuig a mhuintir lena rá go raibh fonn air Gearóid a thabhairt go Meiriceá le haire a thabhairt dó de bharr nach raibh cairde aige in Éirinn.
Chuir fear áirithe amháin as Texas fiú scéala chuig a mhuintir lena rá go raibh fonn air Gearóid a thabhairt go Meiriceá le haire a thabhairt dó de bharr nach raibh cairde aige in Éirinn.
Ach cé go raibh saol an-éagsúil ag Gearóid agus é ina leanbh, i ndáiríre, bhí sé sona sásta agus é ina pheata ag muintir an oileáin.
“Níl faic ach dea-chuimhní agus dea-fhocail le rá aige faoi mhuintir an oileáin agus na carachtair ar fad,” a deir Sláine
“Aon rud a dhéanfadh na daoine fásta ar an oileán, chaithfeadh Gearóid a bheith ina measc. Is dócha go raibh ceann críonna ar choileán óg sa chaoi sin, mar bhí sé níos críonna ná na leanaí eile toisc nach raibh na leanaí aige agus an súgradh sin.”
Bhog Gearóid go Dún Chaoin nuair a aistríodh muintir an Bhlascaoid Mhóir chuig an mórthír in 1953, agus é 5 bliana d’aois ag an am.
I láthair na huaire, tá Gearóid ina chónaí i lár Chathair Chorcaí, áit ar oibrigh sé mar chuntasóir le bácús ina fhear fásta, agus is minic a thugtar cuireadh dó aoi-léacht a thabhairt do mhic léinn in Ollscoil Choláiste Chorcaí faoin saol a chaith sé mar ghasúr óg ar an oileán.
Cé go bhfuil cónaí air sa chathair le fada an lá anois, tá a chuid Gaeilge chomh saibhir blasta is a bhí riamh, agus an cumas atá ann cur síos deisbhéalach paiteanta a dhéanamh ar an saol a bhíodh ar an oileán a spreag an t-agallamh a chraolfar ar an raidió.
“Bhuel, tharla an clár seo trí thimpiste, mar bhíos i gCorcaigh agus bhíos ag dul go dtí tigh Ghearóid chun píosa beag gearr a thaifeadadh leis, a cheapas féin,” a deir Sláine.
“Ach lean sé air ag caint agus leanas romham ag taifeadadh, agus anois, tá timpeall 50 nóiméad de chlár taifeadta agam leis. Ligeas dó labhairt agus thug sé cuntas an-ionraic ar an gcuimhne atá aige féin ar an mBlascaod agus é óg.”
Ach cé go raibh Gearóid sásta nuair a bhíodh sé ina chónaí ar an oileán, fós féin, tugann a chuimhní le fios an cruatan a bhain leis an saol ag an am sin.
“Is cuimhin leis an aimsir an-mhór. Ní cuimhin leis riamh aon fhuacht a bheith ann ach é a bheith te sa samhradh,” a deir Sláine.
“Dúirt sé nach bhféadfá a shamhlú cé chomh holc is a bhíodh na stoirmeacha, go gcaithfeadh daoine fanacht istigh ar feadh laethanta nó seachtainí, nach bhféadaidís na doirse a oscailt. Agus dá gcaithfeadh éinne a imeacht amach, cheanglaídís le téadán a chéile ionas go mbeadh níos mó meáchain iontu.”
“Bhíodh sé ag caint chomh maith faoi na mná agus an obair a dhéanfadh siad sa teach, dá mbeadh an fear amuigh ag iascach ar feadh an lae mar shampla, bheadh na héadaí báite le salann agus chaithfidís an salann a bhaint amach ó na héadaí gach aon oíche.”
Ar ndóigh, déantar an-chur síos ar shaol crua an oileáin sna saothair atá foilsithe ag Blascaodaigh chlúiteacha eile cosúil le Peig Sayers, Tomás Ó Criomhthain agus Muiris Ó Súilleabháin.
Ach cruthaíonn scéal Ghearóid nasc idir an saol sa lá atá inniu ann agus an saol a bhíodh ann nuair a bhíodh leithéidí Pheig ar an bhfód.
“Tá sé ar dhuine den fhíorbheagán daoine atá fágtha a bhfuil an nasc sin ann mar tá aithne aige ar gach duine sa lá atá inniu ann agus bhí aithne ag ar an seandream sin chomh maith,” a deir Sláine.
“Tráchtann sé ar Pheig agus ar bheith ag dul ar a tuairisc in ospidéal an Daingin nuair a bhí sí ag fáil bháis. Bhí sé an-chairdiúil chomh maith le Seán Ó Ríordáin, an file, agus le mac Pheig, ‘Maidhc File’, Mícheál Ó Gaoithín.”
“Bhíodh cuairteanna á dtabhairt ag Seán Ó Ríordáin agus ag Maidhc File ar Pheig san ospidéal agus bhíodh Gearóid Cheaist ina dteannta uaireanta.”
“Bhí an-mholadh aige do Sheán Ó Ríordáin. Thagadh sé go Baile an Fheirtéaraigh go gceannódh sé uachtar reoite dó sa siopa. Bhí Gearóid óg ag an am, ach dúirt sé go raibh an-oiread ama ag Seán Ó Ríordáin dó agus gur caidreamh an-deas a bhí eatarthu.”
Dar le Sláine, tá tionchar tábhachtach fós ag muintir an Bhlascaoid ar oidhreacht Dhún Chaoin agus Chorca Dhuibhne ar an iomlán.
“An saibhreas teanga a tháinig as, tá sé mínádúrtha agus na hamhráin a tháinig as chomh maith, tá siad fós againn buíochas le Dia,” a deir sí.
“Agus an léargas is dócha a thug na gnáthdhaoine dúinn ar an saol, ar nós Pheig, ar nós Thomáis Uí Chriomhthain, ar nós Mhuiris Uí Shúilleabháin. Chímid pócaí beaga den seansaol tríd an gcuntas an-simplí a thugadar dúinn agus an suntas a bhaineann leis, níl aon áireamh air is dóigh liom féin.”
“Bhí an tuiscint a bhí acu ar an saol an-tanaí, an-chúng is dócha. Ach múineann gá seift agus aon rud a bhí le déanamh, tháinig siad féin ar réiteach na faidhbe seachas a bheith ag brath ar an saol, mar ní raibh an saol mór ann dóibh.”
Cé nach raibh an tionchar céanna ag an domhan mór ar mhuintir an Bhlascaoid fadó, áfach, mar atá anois, ní shin le rá nach raibh sé ar a gcumas tuiscint níos doimhne a fháil ar an domhan beag a bhí mórthimpeall orthu.
“Mhaireadar sin ó lá go lá,” a deir Sláine. “Tá carraig amháin amuigh san fharraige agus tá cuma fir ar an gcarraig seo. Is é an rud a deiridís ná, dá mbeadh an fear á bhearradh féin, dá mbeadh sobal bán thíos ar a smig, gan dul ar an bhfarraige an lá sin mar go raibh sé ró-dhainséarach.”
“Mar sin, an léargas a bhí acu ar an saol, tháinig sé ón tuiscint a bhí acu, ach sin é an saibhreas chomh maith. Gnáthléargas ar shaol an-simplí ach cuireann siad oideachas orainn ar mar a bhí an saol fadó.”
“Tá an-suim ag daoine sna Blascaodaigh agus níl ach cúpla duine acu fágtha. Tá sé de dhualgas orainne é sin a thaifeadadh.”
Craolfar an eagrán speisialta den chlár Saol Ó Dheas, 12in Dé hAoine.













