Taibhsítear amuigh ansin go coitianta gur pobail thuata iad formhór thíortha na hEorpa agus an ceantar éiginnte sin a dtugtar iarthar an domhain air. Is é sin, tá na heaglaisí traidisiúnta sniugtha agus níl iontu ach crotail chaocha fágtha ar mhuir mhór an chreidimh atá tráite le fada, iarsmaí d’údaráis a bhí lánréimiúil uair dá raibh. Is fíor go bhfuil spuaicí na n-ardeaglaisí áille le feiscint ar íor na spéire i ngach aon mhórchathair de chuid na hilchríche, agus séipéal nó teampall i mball feiceálach i ngach aon bhaile. Bíodh sin mar atá, is ródhócha gur ag triall ar ardeaglaisí móra gloine agus tomhaltóireachta na láithreán siopadóireachta a bheidh formhór an phobail lá Domhnaigh nó sabóide, nó neachtar acu ag triall chun amhairc ar chluiche spóirt ar fhaiche bheannaithe d’fhonn a gcuid déithe áitiúla a adhradh agus ómós a thabhairt dóibh an lá céanna.
In ainneoin sin, tá timthriall fhéilire na bliana abhus máguaird tógtha timpeall ar fhéilte Críostúla, osclaítear parlaimintí agus ócáidí poiblí go minic le paidir, agus bíonn séiplínigh agus coinfeasóirí ag na hairm is tuata maíomh ar fad, gan ach an Fhrainc féin a lua. Fós freastalaíonn 400 milliún Hiondúch ar an bhféile Kumbh-Mela, agus triallann tuairim is 11 mhillún oilithreach ar Mhecca gach bliain, cathair bheannaithe Ioslaim.
Tuigfear nach ionann cás an lae inniu agus cúpla céad bliain ó shin nuair a bhí pobail na hEorpa ag marú a chéile de dheasca diagachta, agus gur fearadh cogaí de bharr easaontais maidir leis na focail i leabhar paidreacha. Is lán ait mar sin féin nach féidir dreancaidí an tseanghabhair sin a dhíbirt, dá mhéid croitheadh is a dhéantar air. Deirtí go mbíodh polaiteoirí in Éirinn sceimhlithe go bhfaigheadh siad buille den bhachall dá gcuirfeadh siad in aghaidh reacht de chuid na heaglaise, ach ní anseo amháin a raibh feidhm leis an mbachall chéanna.
Tá, mar a bhíonn i gcónaí, ceacht in áit éigin sa stair don té a lorgóidh é. Lá geimhridh fuar in Eanáir na bliana 1077 tháinig fear amháin de shiúl a chos faoi shacéadach go dtí dúnphort in Canossa san Iodáil agus fuair sé na geataí móra iarainn dúnta ina choinne. Bhí an Pápa Gréagóir VII laistigh agus dhiúltaigh teacht chun casadh leis an duine a bhí á iarraidh. D’fhág sé lasmuigh é faoi shneachta is faoi shioc agus gaotha ón gcnoc á lascadh, an t-ocras á chreimeadh, an náire á aithisiú agus an t-éadóchas á chlipeadh. B’é fear a bhí ann an tImpire Annraoi IV a bhí tar éis dúshlán an Phápa a thabhairt maidir le ceapadh is le hinsealbhú easpag. Bhí níos mó ná sin i gceist, gan amhras, mar a bhíonn de shíor, óir is fairsinge creideamh ná creideamh agus is leithne polaitíocht ná polaitíocht agus is uileghabhalaí fós an dá cheann díobh i bhfóiribh a chéile.
READ MORE
Is é an fearann a bhí faoin Annraoi céanna ná an Impireacht Naofa Rómhánach, nárbh impireacht, nár Rómhánach, agus go cinnte nár naofa í, mar a dúirt an té a dúirt. Cluiche cumhachta a bhí idir an bheirt acu, agus ní hamháin gurbh éigean d’Annraoi géilleadh ach cuireadh d’iachall air leorghníomh agus umhlú agus lúitéis agus ceann faoi a dhéanamh os comhair an Phápa.
B’é ceacht a bhí ann ‘ná gabh ag méiseáil leis an bPápa!’
Ní móide go raibh aon phioc eolais ag an Trumpa faoin eachtra seo nuair a scaoil sé a chuid sciodair amach mar gheall ar an bPápa.
Ach faire, faire! B’fhéidir gurbh fhiú do Leo cúbadh chuige féin chomh maith, óir tá nós ag Meiriceá taoisigh nach maith leo a fhuadach de dhroim oíche. Tar éis an tsaoil, ‘cé mhéid saighdiúirí atá ag an bPápa’ mar a d’fhiafraigh Stalin uair amháin?












