Bhí Matilda Dudley dhá bhliain is fiche d’aois nuair a ceapadh í ina captaen ar an gcraobh áitiúil de Chumann na mBan ina ceantar dúchais i nGarinis ar leithinis Bhéarra i gCo. Chorcaí. Níor fhan sí thart le deireadh na cogaíochta a fheiceáil, áfach. I Nollaig na bliana 1922, agus an cogadh cathartha fós faoi lán seoil, thug sí agus a deirfiúr Maggie an bád bán orthu féin agus chuaigh anonn go dtí Fall Rivers in Massachusetts. Bhí neart gaolta ag Matilda roimpi i Meiriceá agus d’éirigh léi post a fháil mar bhanaltra. Ní fios ar fhill sí ar Éirinn riamh.
[ Read the complete Century: 1923 Birth of a Nation seriesOpens in new window ]
An ghluaiseacht in aghaidh na himirce
Ba mar sin a bhí an saol ag cuid mhór den ghlúin a chreid sa réabhlóid in Éirinn ag tús an chéid seo caite. Idir na blianta 1850 agus 1914, bhí ráta eisimirce níos airde in Éirinn ná i dtír ar bith eile san Eoraip. Ní nach ionadh, mar sin, go raibh sé mar mhóraidhm ag lucht na réabhlóide an gnás seanbhunaithe seo a bhriseadh. D’fhoilsigh Conradh na Gaeilge go leor bolscaireachta a chuir ina luí ar dhaoine óga gan an tír ‘a thréigean’ agus thug Pádraig Mac Piarais le fios gurbh ionann dul thar lear agus feall a dhéanamh ar chúis na saoirse. Nuair a tionóladh Dáil Éireann sa bhliain 1919, d’fhógair siad go mbeadh ‘cosc iomlán’ ar an imirce feasta agus nach gceadófaí do shaoránach ar bith dul thar sáile gan ‘cead i scríbhinn’ a fháil ón rialtas. Cuireadh beartais phraiticiúla i bhfeidhm freisin: bhain grúpaí d’Óglaigh na hÉireann pasanna de dhaoine a raibh sé de rún acu imirce a dhéanamh, agus tá tuairiscí ann freisin gur tógadh daoine amach as traenacha agus as carranna chun stad a chur lena n-aistear imirce.
An imirce le linn na réabhlóide
Ach ar oibrigh na cleasa seo? Léiríonn scéal Matilda Dudley go raibh daoine óga – daoine a bhí sáite sa ghluaiseacht phoblachtach san áireamh – fós ag crochadh a seolta in ainneoin threoracha na gceannairí. Tháinig iriseoir Meiriceánach darbh ainm Genevieve Forbes go hÉirinn sa bhliain 1921 agus thug sí le fios go raibh fuadar imeachta faoi chuid mhór de na mná óga a casadh uirthi. Turas deacair fada a bhí i ndán dóibh. Mhair an turas báid os cionn seachtaine agus bhí scannal ann ag an am faoi na mionscrúduithe coirp a rinneadh ar na himircigh nuair a tháinig siad i dtír ar Oileán Ellis.
An imirce i mblianta tosaigh an tSaorstáit
Má bhí Éireannaigh ag imeacht ina sluaite le linn bhlianta na réabhlóide féin, is amhlaidh freisin gur tháinig méadú ar an imirce sna blianta beaga ina dhiaidh sin. Is iomaí cúis a bhí leis an imirce seo. Bhí cúinsí ann a spreag daoine leis an tír a fhágáil (tosca tarraingthe). Mar shampla, bhí deiseanna fostaíochta níos fearr ann i Meiriceá agus bhí tacaíocht le fáil ó ghaolta agus ó chairde a bhí ag cur fúthu san Oileán Úr cheana. Ar an lámh eile, bhraith daoine áirithe go raibh iallach orthu dul ar imirce (tosca brú). B’amhlaidh an cás é ag cuid shuntasach de na poblachtaigh a chuir i gcoinne an chonartha Angla-Éireannaigh: b’fhacthas dóibh nach raibh deiseanna ar fáil dóibh sa Saorstát agus gurbh í an deoraíocht a bhí rompu. Tá fianaise ann freisin gur moladh do réabhlóidithe áirithe dul thar sáile chun cúram leighis a fháil. Bhí tuiscint ann ag an am go ndéanfadh an t-athrú suímh (agus an dea-aimsir) maitheas don té a raibh drochbhail air ag na néaróga.
An imirce agus na ceantair Ghaeltachta
Cé gur bhain an imirce le gach aicme den tsochaí, ba iad na daoine bochta ba mhó a bhí thíos léi. Ní hamháin sin, ach ba iad na ceantair thuaithe in iarthar na tíre – ceantair inar labhraíodh an Ghaeilge fós ina measc – na réigiúin ba mheasa a bhí buailte ag an imirce. Bhí an bochtanas forleathan i ndiaidh an chéad chogaidh dhomhanda agus bhí baol ann ag tús na bliana 1922 go mbeadh gorta ann i gConamara. Tuairiscíodh ar an gcéadleathanach d’iris Chonradh na Gaeilge, Misneach, go raibh daoine ‘á spíonadh is á gcur chun báis de chionn faillí rialtais agus neamhshuim an dreama ar éirigh leo a ndóthain a bheith acu i láthair na huaire’.
Bíodh is gur tugadh stádas oifigiúil do na ceantair ‘Ghaeltachta’ sa Saorstát nua, níor tháinig aon mhaolú suntasach ar an imirce sna réigiúin sin. Ní gá ach féachaint ar na liostaí a cuireadh le chéile sna 1930í de bhaill an IRA agus Chumann na mBan. Bhí 36 bean páirteach i gCumann na mBan i bhFionn Trá i nGaeltacht Chiarraí, ach faoi lár na 1930í, bhí 26 acu sin (72%) ag cur fúthu i Meiriceá nó i Sasana. Tá an patrún céanna le haithint i nGaeltacht Chonamara. Bhí 36 fear gníomhach sna hÓglaigh i gCill Chiaráin agus thug 20 duine acu sin (55%) aghaidh ar Mheiriceá nó ar Cheanada.
Bhí íoróin ag baint leis seo i bhfianaise rún an stáit neamhspleách an Ghaeilge a chur ag croílár an chórais oideachais agus na státseirbhíse. Mar a dúirt an scríbhneoir Seosamh Mac Grianna sa bhliain 1925: ‘Is iad na Gaeilgeoirí is mó atá ag imeacht. Anois nuair atá an uile dhuine a bhfuil Gaeilge aige de dhíobháil go crua ar an tír’. Ní haon áibhéil é sin. Léiríonn na staitisticí gur tháinig laghdú 50% ar dhaonra na Gaeltachta le linn ré gach glúine ó aimsir an Ghorta i leith.
Imirce na mban
Caitheann liosta ballraíochta Chumann na mBan solas freisin ar thréith shainiúil de scéal na himirce in Éirinn le linn na tréimhse seo: gur líonmhaire iad na mná ná na fir a bhí ag dul ar imirce. Bhí Bríd Ní Dhireáin (née Gillan), Árannach a bhí gníomhach i gCumann na mBan, i measc na mban sin. Luann sí ina cuimhní cinn go raibh fonn uirthi aghaidh a thabhairt ar Bhostún mar gheall ar na deiseanna fostaíochta a bhí ann agus mar go raibh scata mór as Árainn sa chathair sin roimpi.
A mhalairt de dhearcadh i leith na himirce a bhí ag Eithne Ní Chumhaill, banréabhlóidí Gaeltachta eile. Ba as Cloichchionn Fhaola i nGaeltacht Thír Chonaill ó thús di, agus bhí sí ina hUachtarán ar Chumann na mBan idir na blianta 1926 agus 1941. D’fhan Ní Chumhaill in Éirinn agus labhair sí amach faoi na dúshláin eacnamaíochta agus caighdeán saoil a bhí le sárú ag pobal na Gaeltachta i luathbhlianta an stáit: ‘Caithfidh rud éigin a dhéanamh ar son na Gaeltachta roimh dheireadh na bliana seo; mura ndéantar roimhe sin, beidh sé rómhall… Caithfidh bunadh na Gaeltachta iad féin éirí agus na slabhraí sin atá á gceangal leis na carraigeacha a chaitheamh uathu’.
I gcás réabhlóidithe ar nós Eithne Ní Chumhaill, d’fhéadfá a rá gur sheas meath na gceantar Gaeltachta do mheath aisling na réabhlóide agus gur léiriú a bhí san imirce leanúnach ar an bhfís nár fíoraíodh.
Stór focal
Cogadh cathartha: civil war
Faoi lán seoil: in action
An bád bán a thabhairt ort féin: to emigrate
Bolscaireacht: propaganda
Feall a dhéanamh: to betray
Tionóil: to convene
Grúpaí d’Óglaigh na hÉireann: groups of Irish Volunteers
Fuadar imeachta: excitement to leave
Bhí siad ag cur fúthu: they were residing
Tosca tarraingthe: pull factors
Tosca brú: push factors
Dul ar deoraíocht: go into exile
Duine a raibh drochbhail air ag na néaróga: a person suffering psychologically/ from nerves
ag crochadh seolta: to set sail
tá X de dhíobháil orm: I need X
teacht i dtír: to land
gach aicme den tsochaí: every class of society
spíonadh: to burn out
maolú: lessening, abatement
meath na Gaeltachta: decline of the Gaeltacht
Na rudaí a bhí de dhíth ort le dul ar imirce go Meiriceá sa bhliain 1921:
· Cead i scríbhinn ón rialtas
· Litir ón sagart paróiste
· Litreacha ó ghaol / ó urraitheoir sna Stáit Aontaithe
· Grianghraf díot féin
· Vacsaíní
· Dhá chulaith éadaí le caitheamh ar an mbád