Polaiteoir go smior

Dúirt sí rud amháin, áfach, ar fhágaint an tseomra dom arbh ait liom é ag an am.

Mary O'Rourke ina hoifig, Dáil Éireann, 2009. Grianghraf: Nick Bradshaw/The Irish Times

Níor casadh Mary O’Rourke orm ach faoi dhó. Nuair a bhí sí ina hAire Oideachais sna blianta léanmhara sin ag deireadh 80í na haoise seo caite, déanadh ár agus léirscrios ar go leor de sheirbhísí poiblí an stáit ar scáth córa fiscil. Baineadh na teagascóirí páirtaimseartha go léir a bhí agamsa sa roinn a raibh mé i gceannas air i gColáiste Phádraig dínn, rud a d’fhág creachta sinn, mo léann gear.

Níl tuairim agam cad iad na cúlbhóithríní a shiúlaíos chun agallamh a fháil leí, ach ní foláir nó gur oibrigh mar gan aon rómhoill bhí sí ina suí os mo chomhair ina hoifig le giolla éigin dá cuid, agus mise ansiúd le cáipéisí ar a raibh figiúir agus staitisticí agus grafanna agus le gach trealamh ba ghá chun cás a chur faoina bráid. Is ag iarraidh cuid riachtanach dár bhfoireann teagaisc a fháil ar ais a bhí mé, mo chuid argóintí agus áitimh go binn réidh ullamh ar mo bhéal.

Casadh polateoirí orm feadh an ama agus ba dhóigh leat gur laistiar de phlána gloine dothreáite nó sciath chosanta iarainn a bhíodar ag caint leat. Is é sin, b’fhollas gurbh fhuar agat dul i bhfeidhm orthu beag ná bídeach.

Níor mar sin do Mary. D’éist sí go béasach, labhair liom go séimh is go réasúnta, phléigh an cheist go meáite, d’fhéach idir an dá shúil orm, ach níor go bagrach, d’iarr ar a giolla nótaí a thógaint, agus choinnigh an miongháire sin ar a béal ar miongháire é gan aon bhaol go dtitfeadh siar ina straois nó ina strabhas.

READ MORE

Cé go raibh fearg agus frustrachas orm ar mo dhul isteach sa seomra, bhí leáite go leor orthu tar éis tamaill, nó ar a laghad bhí urú dulta orthu agus iad curtha i bhfolach i nideog éigin dem chorp. Ní plámás a dhein an séimhiú orm, ná béal bán, ach focal éigin atá gaolmhar leo nach bhfuil ceaptha againn fós.

De ghnáth, b’é seo an tráth go ndéarfadh polaiteoir leat go ndéanfaidís a dhícheall, nó go ndéanfaí athbhreithniú air, nó gur ghairid go mbeadh idir lámha, nó cibé friotal a chomharthódh milseacht bhriathar agus sínteoireacht aimsire. Níorbh é sin a tharla, áfach, ach tugadh le tuiscint dom, arís go béasach is go sibhialta is go caoin, ach gan aon fhocail a úsáid go bhféadfaí a rá le haon deimhne gurbh é sin ba chiall leo, nach ndéanfaí faic! Agus níor déanadh. Turas in aisce ar fad a bhí ann agus bheadh orm mo chip de cháipéisí is mo mheanaí de pháipéarachas a chur sa reoiteoir don chéad iarracht eile.

Dúirt sí rud amháin, áfach, ar fhágaint an tseomra dom arbh ait liom é ag an am.

‘An chéad uair eile a fheicfidh mé tú, Alan,’ ar sise, ‘beidh aithne agam ort.’

Níor thógas aon cheann faoi leith de bhladar dá leithéid go dtí tuairimi is dhá bhliain ina dhiaidh sin. Ráinig mé a bheith ag cruinniú in óstán i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath tráthnóna Céadaoin éigin. Ar mo shlí amach cé a chasfadh liom sa doras ar a slí isteach ná an tAire féin, Mary O’Rourke.

‘Hello, Alan,’ ar sise go bríoch ‘conas tá tú? Tá súil agam go bhfuil tú go maith.’

Ní gá a rá nach bhféadfainn freagra a thabhairt mar bhíos balbh ar an toirt, rud is annamh.

Conas mar a d’éirigh léi cuimhneamh ar dhuine amháin as na mílte a gcasadh sí orthu ar shiúl seachtaine tar éis dhá bhliain iomlána? Arbh é an cumas sin, fara nithe eile, a dhein polaiteoir go smior ó bharr a cinn go híochtar ladhracha a cos, ó mhullach talamh, ó sháil go rinn de Mary O’Rourke?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar