‘Níl an Stát uaillmhianach go leor agus ní raibh riamh’

Tá easpa soláthar tithíochta do theaghlaigh Ghaeltachta ar cheann de na ceisteanna is mó i saol na Gaeltachta

Foclóir: uaillmhianach - ambitious; beagnach - almost; léargas - overview; gníomhú - to act; díomá - disappointment; paidrín - rosary; tascfhórsa - tascforce; gníomh - action.

”Níl an Stát uaillmhianach go leor agus ní raibh riamh.” Sin a dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus í ag machnamh ar 130 bliain de stair an eagrais cúpla lá roimh ardfheis na bliana seo.

Bunaíodh Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893 i mBaile Átha Cliath. Beagnach ón tús bhí sé mar aidhm ag an gConradh an teanga a athbheochan agus a athréimniú, agus bhí tionchar mór ag an eagras ar athbheochan chultúrtha agus náisiúnta na hÉireann.

Reáchtáladh ardfheis Chonradh na Gaeilge i dTiobraid Árann ag an deireadh seachtaine agus toghadh Paula Melvin ina huachtarán den dara bliain as a chéile.

READ MORE

Labhair sí le Tuarascáil cúpla lá roimh ré faoin mbliain atá thart agus faoin méid atá beartaithe don bhliain amach romhainn. Thug sí léargas ar chuid de theipeanna an Stáit agus ar an gcaoi gur gá é a tharraingt in aghaidh a thola go minic chun gníomhú ar son na teanga.

Bhí rún le rith ag an ardfheis i mbliana ar an easpa soláthair tithíochta do theaghlaigh Ghaeltachta ach tá an Conradh ag tabhairt faoin bhfadhb le fada an lá trí fheachtas ar son polasaí náisiúnta do phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht.

Cé go bhfuil sí “an-sásta” go bhfuil “roinnt dul chun cinn” déanta ar an gceist, dúirt Melvin go bhfuil “an-díomá” uirthi “nach bhfuil reachtaíocht againn go fóill.”

Dúirt sí gur léirigh an tAire Tithíochta Darragh O’Brien “sárthuiscint” ar an bhfadhb nuair a chas toscaireachtaí ó Chonradh na Gaeilge leis anuraidh, ach dúirt sí go bhfuil “gá le gníomh anois”.

“Tá polasaí náisiúnta don phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht fós ar an chloch is mó ar ár bpaidrín,” a dúirt sí.

Mhol Conradh na Gaeilge anuraidh go gcuirfí tascfhórsa ar bun chun cás na gcoláistí samhraidh a scrúdú.

“Tá muid fós ag impí ar an rialtas tascfhórsa a chur le chéile gan a thuilleadh moille chun na fadhbanna atá ag na coláistí samhraidh sa ghearrthréimhse, sa mheántréimhse agus san fhadtréimhse [a réiteach].”

“Tá géarchéim ann. Níl aon cheist faoi sin. Tá glúin ann a chaill an deis freastal ar choláistí samhraidh.

Ag tagairt do scéim rialtais chun daltaí meánscoile ó cheantair faoi mhíbhuntáiste a thabhairt chun na Gaeltachta, dúirt sí gur cheart é sin “a leathnú amach.”

“Ba cheart go mbeadh an deis ag gach páiste sa tír freastal ar chúrsa Gaeltachta,” a dúirt sí.

D’fháiltigh pobal na Gaeilge roimh an nuacht i mí na Nollag anuraidh go raibh an bille teanga ina acht oifigiúil in Westminster.

“Seo ceann de na buanna is mó a bhí ag an nGaeilge riamh,” a dúirt Melvin.

“An rud is mó anois ná go gceapfar coimisinéir teanga láidir,” a dúirt sí.

“Tá muid ag fanacht leis seo ar feadh i bhfad. Thosaigh an Conradh ag stocaireacht ar son seo nuair a bhí Íte Ní Chionnaith ina huachtarán sna 1980dí.

“Gealladh é arís agus arís eile, agus faoi dheireadh, cruthaíodh an oifig sin. Is gá gníomhú ar gach rud atá sa reachtaíocht láithreach bonn.”

Ba bhua mór don teanga an reachtaíocht sin agus dúirt Melvin gur chuir an feachtas borradh mór faoi phobal na Gaeilge freisin.

“Ní hamháin go bhfuilim sásta faoi na rudaí a baineadh amach maidir leis an reachtaíocht ach sílim go bhfuil an Dream Dearg agus gach éinne a bhí bainteach leis an bhfeachtas seo tar éis a lán daoine óga a spreagadh.”

Cáineadh go géar anuraidh polasaí an rialtais páipéar a haon sa scrúdú Gaeilge a bhogadh ón séú bliain go dtí an cúigiú bliain mar chuid de thimthriall athchóirithe na hardteistiméireachta.

Tá saineolaithe oideachais tar éis a rá go neamhbhalbh nach bhfuil bunús oideachasúil leis an polasaí agus go bhfuil na hathruithe á dtabhairt isteach faoi dheifir.

Creideann Melvin go bhfuil ceisteanna móra gur gá aghaidh a thabhairt orthu sa chóras oideachais, ach nach raibh bunús ar bith leis na hathruithe seo. Luaigh sí go mbeadh buachaillí faoi mhíbhuntáiste de bharr go dtagann siad chun aibíochta beagán níos déanaí ná cailíní.

“Cothóidh sé meon thar a bheith diúltach i leith na Gaeilge ag buachaillí,” a dúirt sí.

“Tá sé spéisiúil mar gur labhraíodh le grúpaí matamaitice faoi pháipéar a bhogadh ón séú bliain go deireadh an chúigiú bliain [san ábhar sin] ach níor lean siad ar aghaidh leis nuair a mhol na saineolaithe nár cheart é sin a dhéanamh.”

“Is léir gur drochsmaoineamh é. Aontaíonn muid le Norma Foley [an tAire Oideachais] sa mhéid is go bhfuil an córas briste agus gur gá rud éigin a dhéanamh faoi. “Ach ní hé seo an freagra,” a dúirt sí.

Ceadaíodh €8.5 milliún sa bhreis anuraidh i gcáinaisnéis 2023 d’eagrais agus do thionscadail Ghaeilge agus Ghaeltachta agus ceadaíodh €7.3 milliúin sa bhreis do TG4.

Ach, de réir phlean nua infheistíochta Chonradh na Gaeilge, níl ach idir 0.13 faoin gcéad agus 0.17 faoin gcéad de chaiteachas an Stáit á chaitheamh ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta, céatadán atá mórán mar an gcéanna is a bhí sé in 1956.

Cé gur fháiltigh Melvin roimh an gcáinaisnéis ba dhéanaí, dúirt sí gur cheart an méid a ceadaíodh a chur i gcomhthéacs mar go rabhthas “ag tosú ó bhonn a bhí thar a bheith íseal.”

“Ó 1956 i leith, níl feabhas tar éis teacht [ar chúrsaí],” a dúirt sí.

“Mar shampla, Seachtain na Gaeilge, an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan, níl ach buiséad €25,000 aici sin. Léiríonn sé sin amháin an easpa infheistíochta a dhéantar sa Ghaeilge,” a dúirt sí.

Deirtear i bplean infheistíochta Chonradh na Gaeilge gur thit buiséad Fhoras na Gaeilge thar thréimhse 20 bliain ó €17.1m go €16.2m. Sa tréimhse chéanna, tháinig ardú ar bhuiséad na Comhairle Ealaíona ó €44.1m go €130m.

“Níl mé i bhfabhar ciorruithe ar aon earnáil eile agus níl mé ag ionsaí na Comhairle Ealaíona ach cur i gcás, dá mbeadh Foras na Gaeilge ag fáil na n-arduithe céanna atá faighte ag an gComhairle Ealaíon, bheadh ar a laghad €50m mar bhuiséad acu,” a dúirt Melvin.

Tá an Conradh ag moladh go n-ardófar an infheistíocht go 0.4 faoin gcéad de chaiteachas an Stáit idir 2024 agus 2029. Ardú de €223m breise sa bhliain a bheadh i gceist faoi 2029.

“Samhlaigh dá mbeadh an Stát ag tacú linn faoi mar ba chóir dó a bheith,” a dúirt Melvin.

Is minic a luann lucht na Gaeilge uaillmhian rialtais na Breataine Bige agus an tacaíocht a thugtar do phobal labhartha na Breatnaise sa tír sin.

“Tá muid in éad leis an mBreatain Bheag,” a dúirt Melvin.

“Tá muid ag iarraidh go mbeadh ár rialtas féin chomh huaillmhianach le rialtas na Breataine Bige - tá siadsan ag gníomhú chun milliún cainteoir Breatnaise a bheith ann faoi 2050.

“Níl an Stát uaillmhianach go leor agus ní raibh riamh,” a dúirt sí.

“Ag amharc siar ar an stair, is trua nach n-éisteann an Stát linn níos tapúla. Bhí muid ag feachtasaíocht ar feadh i bhfad ar son rudaí ar nós an Achta Teanga. An scéal céanna le Teilifís na Gaeilge, bhí dlúthbhaint ag an gConradh leis an bhfeachtas chun TG4 a bhunú.

“Is minic gur éist an rialtas linn, ach d’éist siad linn rómhall.

“Tá mé ag impí ar an rialtas éisteacht linn níos sciobtha.”

* Bronnadh Gradam an Uachtaráin de chuid Chonradh na Gaeilge ar Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir aitheanta agus duine de na daoine is spreagúla i saol na Gaeilge. “Is ceannródaí teanga agus pobail é, a sheasann linn i gcónaí ar son cearta teanga agus ar son chearta na Gaeltachta,”a dúirt Paula Melvin. Tréaslaíonn Tuarascáil go mór le Rónán as an duais seo.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.