Iarracht phobail ar son ‘Rí an cheabairé' Rónán Mac Aodha Bhuí

‘Níl glúin ar bith Gael nach bhfuil aithne acu ar Rónán Mac Aodha Bhuí'

Foclóir: Cóngas - closeness/relationship; craoltóirí - broadcasters; aíonna - guests; cumasach - capable; glé - clear/vivid/lucid; glinn - distinct/vivid; stiúrthóir - director; aicíd - disease; ceabairé - cabaret; ildánach - versatile/accomplished in many fields; dáimh - love/affection.

Bhí cóngas gaoil i gcónaí idir pobal éisteachta Raidió na Gaeltachta agus craoltóirí an stáisiúin sin.

B’fhéidir nach iontas ar bith é. Ón uair a bunaíodh an stáisiún breis agus caoga bliain ó shin ba ó mhórphobal na Gaeltachta a d’eascair na craoltóirí, na haíonna agus na fostaithe.

Ach níl cóngas níos dlúithe nó cairdeas níos doimhne ná an urraim agus an grá don chraoltóir aitheanta, Rónán Mac Aodha Bhuí, atá léirithe le tamall anuas ag pobal na Gaeilge.

READ MORE

Tá Rónán tinn leis an ailse le ceithre bliana anuas agus tá an aicíd imithe in olcas le déanaí. Tá iarrachtaí deonacha ar bun chun airgead a bhailiú le costais leighis a íoc.

Is duine cumasach agus ildánach é Rónán dar ndóigh. Cuimhneoidh go leor daoine ar a ghlór glé glinn ar an gclár raidió Rónán Beo. Cuimhneofar freisin ar an gcur i láthair a bhí aige lena chomhghleacaí Bláthnaid Ní Chofaigh ar Scaoil Amach an Bobailín i measc cláir theilifíse eile.

Ach ní hamháin sin - mar a deir Liam Ó Maolaodha iarStiúrthóir Oireachtas na Gaeilge: “Is sa bhliain 2008 a tháinig an Cabaret Craiceáilte chugainn ar dtús agus d’eagraigh Rónán mórócáidí craiceáilte ag leithéidí An Puball Gaeilge ag Electric Picnic, ag Fleadh Feirste i mBéal Feirste, ceiliúradh na Féile Pádraig i mBaile Átha Cliath, Féile Oirialla i Muineachán, Pléaráca Chonamara, ar Thoraigh agus go leor áiteanna eile.”

Teastaíonn ó Rónán triail a bhaint as cóir leighis nua thar lear ach tá costas mór ag baint leis. Tá feachtas bailithe airgid á reáchtáil ar a shon agus cé go bhfuil níos mó ná €155,000 bailithe go dtí seo, meastar go mbeidh gá le €180,000 chun íoc as an gcóir leighis.

Reáchtáladh ceolchoirmeacha i nGort an Choirce, ar Oileán Thoraí, i Ráth Chairn agus i mBéal Feirste an mhí seo caite mar chuid den fheachtas agus tá ceolchoirm eile ar baisteadh ‘Gig do Rónán’ uirthi le reáchtáil in Whelan’s, i mBaile Átha Cliath, ag deireadh na míosa.

“Níl glúin ar bith Gael ann nach bhfuil aithne acu ar Rónán Mac Aodha Bhuí,” a dúirt Bláthnaid Ní Chofaigh, dlúthchara le Rónán agus ball de choiste eagraithe cheolchoirm Whelan’s.

“Tá chuile dhuine ag iarraidh cúnamh a thabhairt,” a dúirt sí.

“Aon duine ar chuir mé téacs chucu, chuir siad téacs ar ais ag rá ‘cinnte, glacfaimid páirt ann’.

“Tá mé ag crá chuile dhuine,” a dúirt sí.

“Cheannaigh na heagraíochtaí Gaeilge uilig fógraí sa chlár. Níor dhiúltaigh eagraíocht amháin muid agus is rud é sin a chuir mórtas orm,” a dúirt sí.

Tá Colm Mac Con Iomaire, Eoghan Ó Ceannabháin agus Cairde, Síle Denvir, Kíla, agus Na Bonny Men chun páirt a ghlacadh sa cheolchoirm atá le reáchtáil ar 25 Aibreán.

Clár ilghnéitheach spleodrach atá beartaithe nach mbeadh as áit ar chlár ar bith de chuid Rónáin!

Is stáisiúin phobail náisiúnta iad Raidió na Gaeltachta agus TG4. Is trí ghlór na láithreoirí go minic a chloistear guth an phobail agus a chuirtear a scéal os comhair an domhain mhóir.

Ní hamháin go mbíonn scoth na Gaeilge agus scileanna craoltóireachta agus iriseoireachta ag a gcuid craoltóirí, ach léiríonn siad comhbhá agus dáimh leis an bpobal ar as dóibh freisin. Scileanna iad sin atá go smior ag fear Ghaoth Dobhair.

“Bhí Rónán ina chónaí sa Ghaeltacht, ina chónaí i measc na n-éisteoirí agus chreid sé sa rud a bhí á dhéanamh aige,” a dúirt Ní Chofaigh.

“Chreid sé sa raidió. Thaitin an raidió leis. Chuir sé chuile dhuine beo ar an raidió.

“Nuair a bhíomar ag obair le chéile ar an teilifís bhíodh sé ag cur daoine ag rapáil i nGaeilge ar an teilifís sular thuig aon duine go bhféadfaí a bheith ag rapáil i nGaeilge,” a dúirt sí.

“Duine ar bith a chas ar Rónán riamh, bhí siad an-tógtha leis,” a dúirt Ní Chofaigh.

Thug Rónán tacaíocht do Ghaeltacht Bhéal Feirste freisin “nuair a bhí chuile dhuine eile faiteach aitheantas a thabhairt dóibh,” a dúirt sí.

“Bhí neamhaird á tabhairt orthu,” a dúirt sí.

“Anois tá a stáisiún raidió féin acu agus tá a gceantar féin Gaeltachta acu. Ba cheart aitheantas ceart Gaeltachta a thabhairt d’iarthar Bhéal Feirste mar tá an Ghaeilge níos láidre ansin anois ná mar atá in go leor ceantair Ghaeltachta eile,” a dúirt sí.

Díolfar clár speisialta ar oíche na ceolchoirme agus tá cairde agus iar-chomhghleacaithe le Rónán tar éis teacht le chéile chun a gcuid tacaíochta a chur in iúl ann: “Braistint agus blas an fhiántais agus na hainrialach a bhíonn sa treis go minic i saothar Rónáin,” a deir an t-iriseoir Seán Tadhg Ó Gairbhí.

“Ba é a shárchlár tráthnóna dáileog laethúil dopaimín na nGael agus ní hannamh a bhímis ag cur ceisteanna ar an raidió le teann iontais.”

“An ndúirt sé sin i ndáiríre? Conas go dtugann sé na cosa leis?

“An bhraistint sin go bhféadfadh aon rud tarlú a choimeádann ag éisteacht sinn,” a dúirt sé.

“Ach má tá a neamheagla agus a mhór-theacht i láthair i measc na mbuanna is mó atá aige mar chraoltóir, is í an ildánacht agus a chomhbhá leis an uile dhuine a dhéanann máistir de Rónán,” a dúirt sé.

Dúirt Tomaí Ó Conghaile gur thug Rónán tacaíocht dó nuair a bhunaigh sé an iris NÓS in 2008.

“Nuair a rith sé liom ... go raibh géarghá le hiris chultúir i nGaeilge ina bpléifí [ábhar] coitianta an tsaoil ar dhóigh tharraingteach chomhaimseartha, thuig Rónán an coincheap ar an toirt agus ba mhór an tacaíocht a thug sé do NÓS ó na luathbhlianta sin ar aghaidh, mar scríbhneoir agus mar léitheoir,” a dúirt Ó Conghaile.

“Alt spreagúil ar shaol ceoil na Breatnaise a scríobh sé don chéad eagrán den iris in 2008, ba léiriú maith é ar a dhearcadh idirnáisiúnta a chothaíonn dlúthpháirtíocht le pobail mhionlaithe eile i gcéin agus i gcóngar.”

“Ní thig liom an dlúthpháirtíocht agus Rónán a lua gan smaoineamh ar an dáimh ar leith atá aige le Gaeil na sé chontae, agus againne leis,” a dúirt sé.

“Is go deimhneach diongbháilte a thacaigh an réabhlóidí mórchroíoch le pobal Gaelach an tuaiscirt le linn a shaoil uilig agus thug sé ardú meanman dúinn go mion minic, bíodh sé ón stiúideo raidió nó ó ardán an fheachtais,” a dúirt sé.

“Bhí sé ar dhuine de na réaltaí sa cheantar i m’óige,” a dúirt cara eile leis, an craoltóir Áine Ní Bhreisleáin, ar chuimhin léi é a fheiceáil ar an teilifís nuair a bhí sí ina páiste.

“Ach ní duine é Rónán a lorgaíonn an spotsolas nó aird, ach tá sin uilig tuillte aige.

“Spreagann sé mé mar chraoltóir agus thar rud ar bith léirigh sé i gcónaí cineáltas agus tuiscint le daoine, measctha le dánacht agus craic agus gríosaíonn sé muid le dorn a chur san aer ar son na nGael ar fad,” a dúirt sí.

Is cinnte gur oíche ghalánta bhríomhar a bheidh ann ar oíche na ceolchoirme agus cé go bhfuil roinnt ticéad fós ar fáil, ní fada go mbeidh siad díolta. “Níl uainn ach na Gaeil a thabhairt le chéile,” a dúirt Ní Chofaigh.

“Táimid ag comóradh agus ag ceiliúradh Rónáin Mhic Aodha Bhuí, Rí an cheabairé.”

Ticéid: https://www.whelanslive.com/event/gig-do-ronan/

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.