An chuairt úd

Mar a tharla, bhíomar níos gaire dó níos déanaí nuair a bhí sé ag fágáil na cathrach.

Tá sé thart anois agus an deannach á scaoileadh le gaoth, fág nach raibh oiread sin deannaigh ann de dheasca na báistí fliche Gaelaí nuair a bhí sé inár measc.

Táimse críonna go leor gur cuimhin liom turas John F. Kennedy ar an tír, gan trácht ar an bhfuadar, ar na sceitimíní, ar an húplá, ar an hóró hurrae a bhí timpeall air fad an ama, go deimhin, roimhe agus ina dhiaidh. Bhí an saol dubh agus bán an uair sin, ach ba dhathannach mar a bhí slua na mionuaisle ag titim thar a chéile sa ruathar ialla a bhróg a líreac ag fleá an gharraí in Áras an Uachtaráin.

Ráinig mise a bheith sa mheánscoil ag an am nuair a sheol sé tharainn go mear ar an Meal Theas i gCorcaigh. Bhíodh ár múinteoirí ag iarraidh an nath cainte ‘ar nós na gaoithe’ a bhualadh isteach ionainn ar feadh na mblianta, ach bhí sé againn go dearbh an lá sin laistigh de leathshoicind. Go deimhin, rachadh sé rite le haon duine é a lámhach go fiú is dá mbeadh grassy knoll in aice láimhe.

Mar a tharla, bhíomar níos gaire dó níos déanaí nuair a bhí sé ag fágáil na cathrach. Shleamhnaigh drong againn amach go dtí an fhaiche ina raibh a héileacaptar (nó a ingearán mar a bhí air san am, agus thar a bheith oiriúnach) le hardú d’fhonn dul go dtí an chéad ionad óráide eile. Ní raibh trí chéad fear slándála ann d’fhonn sinn a chosc mar is dócha nach raibh cuma sceimhlitheoirí orainn. Ní féidir a rá go bhfacamar gealacán a dhá shúil, ach chonaiceamar gealdó a chraicinn nach raibh saor, agus beannacht a láimhe deise leis an saol Fódlach amhail is gur Pápa a bhí ann.

READ MORE

Ní raibh an sioscadh céanna timpeall ar thuras Ronald Reagan toisc go bhfacthas an iomad scannán ina raibh sé. Mar sin féin, bhí sé lánoiriúnach go dtabharfadh sé cuairt ar Bhaile na bPrátaí Beaga agus an oiread sin buachaillí bó sa cheantar. Rinne an eite chlé agóid leathuiscealach ina choinne fág go raibh sé géag mhór níos faide ar dheis ná an rialtas abhus ag an am.

Bíonn imir éigin riamh den seamrógachas agus den pháidíochas agus den mháthair-mo-chroíachas ag baint le teacht na nUachtarán Poncánach inár measc. Seosamh Ó Fionnagáin Bliúit, duine dínn féin. D’imir sé, agus lucht scríte a chuid scrioptanna, an cluiche go binn. Shlogamar é, cuid againn mar mhil agus cuid eile mar ola ae troisc. Tá sé ceart go bhfearfaí céad míle fáilte, nó nócha naoi mile naoi gcéad ceithre fichid is a naoi déag míle fáilte roimh cheann stáit ar bith más ar ghnó oifigiúil atá siad, ach ba chóir go mbeadh leathfháilte amháin uaigneach amuigh ansin ina mbeadh amhras ag screadach go hard.

Tá an taobh deas agus an naomh clé ag baint le cách, agus b’fhéidir nárbh í seo an uain le bá Biden le cuid de na réimis is gránna ar domhan a chur os ard (ná luaitear an Araib Shádaisteach!), ach bíonn na leipreacháin sa tseomra ag pramsáil i gcónaí go fiú is mura bhfeictear iad.

Bímid ag coinne leis an gcuid is maoithní agus is siúcrúla den GhaelMheiriceánachas nuair a thagann uachtarán dár bpór aniar ar chuairt ámhaille. Níor chuir sé díomá orainn. Ní chuirfeadh sé puinn iontais ach oiread orainn dá gcromfadh sé ar véarsa nó dhó de ‘Delaney’s Donkey’ nó ‘The Old Bog Road’ a rá. Mhaithfí dó é.

An rud nach féidir a mhaitheamh dó, áfach, ná na focail dheiridh ar fad uaidh a chuir muca ag eitilt agus úlla ag fás ar an draighneán donn: ‘Mayo for Sam! Mayo for Sam!’ Is ea, mar dhea!

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar