FOCLÓIR: Aiteach – Queer; taibheoirí draig – drag performers; tchíonn – see; comharghrúpa – co-operative group; eispéireas – experience; léitheoir – reader; monalóg – monalogue; fosta – also; fadúda (fá dtaobh de) – about; gort – field; sa saol mar atá – in real life; Féile Idirnáisiúnta Amharclannaíochta Aeraí Bhaile Átha Cliath - International Dublin Gay Theatre Festival.
“Bíonn ár gcuid ealaíne ag dul i ngleic le saol an aiteachais agus feictear dúinn nach bpléitear cúrsaí aiteachais mórán sa Ghaeilge agus nach bpléitear an Ghaeilge mórán sa saol aiteach.”
Sin a bhí le rá ag Sam Ó Fearraigh, scríbhneoir agus aisteoir as Gort an Choirce i dTír Chonaill atá ag glacadh páirt sa dráma Grindr, Saghdar & Cher atá á chur i láthair ag Féile Idirnáisiúnta Amharclannaíochta Aeraí Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo.
Labhair Tuarascáil le hÓ Fearraigh faoin dráma agus faoin gcrosbhealach idir saol na Gaeilge agus saol an aiteachais.
Scríobh na filí Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy an dráma nua le hÓ Fearraigh. Tá sé léirithe ag an ngrúpa AerachAiteachGaelach, agus tá sé le taispeáint i gClub na Múinteoirí, Cearnóg Parnell Thiar, Baile Átha Cliath, ón 8-10 Bealtaine.
“Is baill muid den ghrúpa AerachAiteachGaelach,” a dúirt Ó Fearraigh.
Bhunaigh Ciara agus Eoin an comharghrúpa ealaíne LADTA+ seo in 2020 agus tá breis agus 60 ball acu, idir scríbhneoirí, cheoltóirí, dhrámadóirí, ghrianghrafadóirí, thaibheoirí draig agus ealaíontóirí físe agus fuaime.
Is annamh a théann drámaíocht na Gaeilge i ngleic le heispéireas aiteach na linne nó a théann saol an aiteachais i ngleic le saol na Gaeilge. Is léir, mar sin, go bhfuil luach agus tábhacht ar leith ag baint leis an gcomharghrúpa seo .
“Is de bharr go mbíonn muid ag titim idir an dá stól [sin] i gcónaí a bunaíodh AerachAiteachGaelach,” a dúirt Ó Fearraigh.
Tá tábhacht ar leith ag baint le bheith in ann teacht le chéile mar chomharghrúpa.
“Tá muid in ann tacú lena chéile. Nuair a scríobhaim dán nó scéal bunaithe ar an eispéireas aiteach agus mé ag iarraidh [teacht ar] léitheoir fá choinne dréacht a léamh, is féidir liom duine a aimsiú a thuigeann ábhar an scéil, agus tá sé sin agam tríd an ngrúpa AerachAiteachGaelach,” a dúirt sé.
“Anois agus muid ag cur seó le chéile tá muid in ann dul i dteagmháil le daoine a bhfuil bá acu leis an scéal atá muid ag iarraidh a insint agus is mór an rud é sin.”
Dar ndóigh, níl an dráma seo ar an gcéad dráma leis an ngrúpa. In 2021, léirigh Ní É agus Mc Evoy Idir Mise agus Craiceann do Chluaise, léiriúchán 25 nóiméad ar fhad, a bhí mar chuid d’Fhéile Imill Bhaile Átha Cliath. Scéal é sin a bhí bunaithe ar dhuine aerach a tógadh i mBaile Átha Cliath ach a d’imigh go Londain.
Léiriú ‘ar an láthair’ i gClub Chonradh na Gaeilge a bhí ann chun deis a thabhairt don lucht féachana iad féin a thumadh go hiomlán san eispéireas, mar a bheadh sé sa saol mar atá.
Ina dhiaidh sin shocraigh Ní É agus Mc Evoy gur theastaigh uathu triail a bhaint as cur chuige nua agus “níos uaillmhianaí” agus tháinig siad ar an smaoineamh dráma níos traidisiúnta a scríobh a bheadh in oiriúint don stáitse.
Rinneadar teagmháil le hÓ Fearraigh agus chumadar an dráma Grindr, Saghdar & Cher le chéile. Tá an scéal bunaithe ar oíche chinniúnach amháin i mbeár aerach.
“Tháinig muid le chéile agus phléamar cén saghas scéalta a theastaigh uainn a insint: cé hiad na carachtair agus cén bhaint a bheadh acu - nó nach mbeadh acu - lena chéile,” a dúirt Ó Fearraigh.
“Tá an dráma i bhfoirm trí mhonalóg atá fite fuaite ina chéile,” a dúirt sé.
“Triúr atá i mbeár aerach ar an oíche chéanna, ach nach bhfuil aithne acu ar a chéile.
“Ach, tchíonn an lucht féachana an dóigh a mbíonn a saolta fite fuaite ina chéile.”
Maidir le próiseas na scríbhneoireachta, “bhí muid ag obair inár gcuid spásanna agus áiteanna féin” ach tháinig an triúr acu le chéile chun an obair a chóiriú nuair ba ghá.
“Gidh go bhfuil go leor i gcoiteann againn mar Ghaeil agus mar dhaoine aiteacha, dar ndóigh tá eispéireas difriúil againn fosta agus bhí muid ag iarraidh scéalta ónár saol féin a shníomh tríd.”
“Is as Tír Chonaill domhsa agus tá mé fós i mo chónaí sa cheantar inar fhás mé aníos,” a dúirt Ó Fearraigh.
“Is fear tuaithe é mo charachtar féin (Dónall), agus tá sé bunaithe ar go leor de na daoine ar casadh orm nuair a bhog mé ar ais go Tír Chonaill roimh an bpaindéim.”
“Daoine iad, mar a deir siad, atá ‘closeted’, a bhfuil go leor homafóibe acu fúthu féin, agus atá ag séanadh an rud atá iontu.”
“Cheapamar go mbeadh sé suimiúil [carachtar] mar sin a chaitheamh isteach sa sorcas, mar dhea.”
Pearsantacht iomlán difriúil atá i gcarachtar Mc Evoy (Conch).
“Fear uirbeach, atá go hiomlán ar a sháimhín só leis féin,” a dúirt Ó Fearraigh.
“Fear é, mar a deir siad sa Bhéarla, atá ina ‘Scene Queen’. Tarlaíonn eachtra dósan atá coitianta go leor fosta.”
Is é carachtar Ní É (Louise) an t-aon bhean aerach atá i measc scata ban atá ag freastal ar chóisir na gcearc.
“Agus dar ndóigh, ní shásódh aon rud na cearca sin ach cuairt a thabhairt ar an gclub aerach,” a dúirt Ó Fearraigh.
“Bíonn an triúr againn sa chlub céanna ar an oíche chéanna agus sin mar a thosaíonn an scéal.”
Cruthaíodh an dráma “le spás a oscailt” ina bhféadfaí “comhfhás” a spreagadh idir an dá ghné lena bhfuileadar bainteach – saol an aiteachais agus saol na Gaeilge.
Agus, mar chabhair dóibh siúd sa lucht féachana nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu cuirfear fotheidil Bhéarla ar fáil.
“Den chéad uair riamh beidh muid ag cur fotheidil leis an dráma ionas go mbeidh rochtain i bhfad níos leithne ag an lucht féachana,” a dúirt Ó Fearraigh.
Síleann sé go bhfuil dul chun cinn déanta maidir leis an aiteachas i saol na Gaeilge le tamall anuas.
Mar léiriú air sin, líon an grúpa amharclann ag ócáid lán-Ghaeilge mar chuid d’fhéile Imram chun Grindr, Saghdar & Cher a fheiceáil.
“Bhí an amharclann lán le Gaeil agus do dhráma a bhí fadúda saol an aiteachais, shíl muid go raibh sé sin iontach, ba mhór againn é.”
Cé go gcabhraíonn obair AerachAiteachGaelach le hinfheictheacht a phobal a mhéadú, is léir go bhfuil dul chun cinn fós le déanamh.
“Mionlach laistigh de mhionlach atá ionainn. I saol an Bhéarla samhlaítear an Ghaeilge - agus tá mé ag labhairt mar fhear Gaeltachta - leis an seansaol, leis an saol traidisiúnta Caitliceach. Fiú sa saol aerach agus aiteach, shílfeá go mbeadh daoine iontach leathanaigeanta [ach] bíonn claontaí áirithe ag daoine agus déanann siad talamh slán de nach bhfuil áit ag daoine aiteacha i saol na Gaeilge.”
“Domhsa go pearsanta, bhí mé páirteach i gcúpla ócáid roimhe seo agus bím mar chineál ‘token Gael’, mar dhea, ag na hócáidí aeracha; agus b’fhéidir mar ‘token aerachán’ ag na hócáidí Gaelacha.”
“Bíonn daoine b’fhéidir i saol an Bhéarla giota beag níos aineolaí amanna ar fhairsinge shaol na Gaeilge agus tá muid ag súil go mór leis an deis [seo] agus muid páirteach i bhFéile Idirnáisiúnta Amharclannaíochta Aeraí Bhaile Átha Cliath.
“Beidh daoine ag teacht nach bhfuil Gaeilge acu agus beidh daoine ag teacht b’fhéidir nár shamhlaigh riamh go raibh an oiread sin daoine aiteacha i saol na Gaeilge,” a dúirt sé.
“Tá mé ag súil go mór go bhfosclófar níos mó súile ar an ghné seo de shaol na Gaeilge atá ann le fada.”
Breis eolais: AerachAiteachGaelach: aerachaiteachgaelach.net