Bhí tuirse ar an asal. Mórtas chomh maith. B’éigean dó an turas fada a dhéanamh agus an bhean ar a dhroim. Is ag dul i dtroime a bhí sí fad an bhealaigh, shíl sé, is é féin ag dul i dtuirse. Mar sin féin, b’é seo an saol a bhí aige, agus bhí a fhios aige go raibh saol níos measa ag asail eile. Uaireanta dhéanadh an fear iarracht suí ar a dhroim chomh maith, ach bhí sin iomarcach.
Ar a laghad casadh asail eile air fan na slí. Cuid acu ag dul an treo eile agus lastais mhóra á n-iompar acu. Cosa laga agus turas fada. Agus chonaic sé áiteanna eile. Bailte beaga, crainn ológa, fígí ar sileadh ó chrainn eile, camaill ar geall le hasail mhóra iad ach go raibh siad gránna. Dronn mhínádúrtha, soic mhíchumtha orthu agus sliobarna míbhéasach ar sileadh ó bhéala.
Faoiseamh a bhí air nuair a shroich siad an phluais. Saghas stábla a bhí ann a raibh bó cheana i gceannas air. Ach bhí an bhó mar a bhíonn ba de ghnáth, macánta agus dúr. B’é ab fhearr go raibh fuílleach tuí ann agus glasraí ar déanadh dearmad orthu. Bhain sin an t-ocras de go mear.
B’éadrom a dhroim anois mar bhí an bhean ina luí trasna uaidh, ach ba léir go raibh sí i bpéin go mór. Chuir an liú péine isteach go mór air, mar ba mhinic é ag éisteacht le hasail agus iad á sciúrsadh nuair nach raibh go leor á iompar acu. Nó iad a bheith leisciúil. Thuig sé féin pian, ach ní pian mar seo a bhí á fulaingt ag an mbean.
Ansin chuala sé liú eile. Liú caointe linbh. Scread bheag mhór na beatha. Osna ghoil áthais na máthar. Ansin gogalach sásaimh, agus fuaimeanna beaga teolaí a chomharthaigh go raibh gach rud i gceart.
Nuair a tháinig na cuairteoirí ní mó ná sásta a bhíodar leis. Má shíl na haoirí caorach go raibh gradam níos airde ag a gcuid ainmhithe méileacha siúd ná eisean, níor tada é sin ar ghualainn drochmheas na sotalach a tháinig ina dhiaidh sin. Éadaí galánta orthu, gan trácht ar na camaill ghránna sin lasmuigh. Thug duine amháin díobh cic as an tslí dó ionas go bhfeicfeadh sé radharc níos fearr ar an leanbh. Leag duine eile a uillinn air amhail is gur posta cois bhealaigh a bhí ann.
Agus ba chuimhin leis nuair ab éigean dóibh imeacht. Imeacht go mear. D’éirigh an fear i lár na hoíche le sceimhle, mhúscail an bhean, bhurláil an leanbh isteach in éadaí blátha, leag ar a mhuin iad, thug buille dó agus ghluaiseadar leo. B’fhada an turas gan fáilte é.
Is maith a thuig sé go raibh an saol mar sin ó shin. É ina ainmhí iompair go brách. Ag iompar lastais ó áit go háit. Á bhualadh le fuip nuair a stad ar son anála a tharraingt. Malraigh bheaga dhána ar a dhroim ag stoitheadh a raibh de mhoing aige. É faoi mhagadh ag camaill. É faoi dhrochmheas ag capaill. É á fhágaint i leataobh ag innill. Rothaí móra ag dul thairis faoi luas ag caitheamh seilí deannaigh suas ina phus. Bagairt ó thaobh na dtaobhanna.
Agus anois ón aer chomh maith. Go dtí seo, bhí gach contúirt laistiar, nó aniar, nó aneas, nó aduaidh, ach bagairt ar bith ní raibh anuas. Chonaic sé tithe a bhí ann le cuimhne na n-asal á leagadh. Foirgnimh chomh láidir le máistir ina smionagar.
B’asal é. Bhí targaid ar a dhroim. Cros ar a dhíreodh diúracáin. Bhí a fhios aige nár shlán an t-asal ach an oiread leis an leanbh sa chliabhán, ná an leanbh sa ghoradán féin.