Shleamhnaigh isteach faoi fhallaing na nuachta gránna eile go bhfuil an rialtas meáite ar an nglas tríreach a cheanglaíonn orainn gan dul ag ionsaí tíortha eile gan chead na Náisiún Aontaithe le caitheamh ar an gcarn aoiligh. Is ea, is fearr glas ar an mbéal mar gheall ar an nglas céanna sin.
Is é an cúram is mó atá ar stát polaitiúil ar bith ná a gcuid saoránach a chosaint. Iad a chosaint ón ocras, ón nganntann, ón bhforéigean. Chuige sin an stát, agus an conradh sóisialta a dhéanann an pobal lena aicme riartha, go folaithe nó go hoscailte.
Ní raibh tráth ar bith ann nach raibh polaitíocht an domhain suaite go mór agus idir seacht gceann na meá, ach is domhaindeimhin gur mar sin atá faoi láthair tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin dhá bhliain go leith ó shin gan trácht ar an gcoscairt laethúil atá ar siúl i nGaza.
Mhúscail ionradh sin na Rúiseach díospóireacht bhríomhar mar gheall ar ár n-ionad i saol an domhain mhóir agus cad tá i ndán dúinn mar thír bheag neamhspleách a bhfuil éileamh againn ar a bheith neodrach.
Is é is córa dúinn in aon iomard mar seo ná seasamh siar. Is é an dearcadh fada do gach leith is oiriúnaí nuair atá bonn agus forscreamh an tsaoil ag bogadh agus ar sonachrith. Cibé céim chrua ina ngabhtar sinn faoi láthair, is céim chrua shealadach í. An insint a bhí ar an saol leathchéad bliain ó shin, ní hí an insint í atá anois ann. An leagan amach a bheidh againn fiche bliain amach anseo níl a fhios ag aon duine cad a bhéarfaidh sé ina líon.
Is den phlé sin an dearcadh fada, an t-amharc siar i bhfad agus an tsúil ghéar ar aghaidh i dtreo na ganfhiosaíochta.
Dhealrófaí duit go dtuismíonn cuid mhór de phlé na huaire in ubh ghlogair an chogaidh fhuair. Bímid déanach chun an aonaigh de ghnáth, agus tá an chuma air gur sinne sine dheiridh na 1950í ag diúl ar bhagairtí atá seanchaite agus feoite. Ní hé nach bagairt bheo í an Rúis do na fearainn atá timpeall uirthi ar a himeall. Do na fearainn atá timpeall uirthi ar a himeall. Do na fearainn…arís eile. B’ea riamh, agus is dócha go mbeidh go deo. Ach ní baol d’fhairsinge na hEorpa í an Rúis, ach an oiread is nach baol í an Tuirc do Vín.
Faigheann impireachtaí bás, agus ní bhíonn an bás sin gan a iarmhairt ghránna. Lean barbarthacht ainiochtach bualadh na Fraince san Ailgéir agus in Vítneam, agus ní scéal nuachta mór é a chraoltar go forleathan go raibh campaí géibhinn ina bhfuair na mílte bás ag an Ríocht Aontaithe sa chogadh a d’fhear siad i gcoinne éirí amach an choilíneachais i gCéinia agus thall thairis.
Is í cic dheireanach na hImpireachta Sóivéadaí atá san ionradh ar an Úcráin, fág go bhfuil deireadh leis an Aontas Sóivéadach le fada. Cealg bháis na foiche, anáil lag an tseanduine a bhfuil a chuid scamhóga ar an dé dheiridh, puth dhéanach na cumhachta a raibh glóir ag baint léi tráth. D’fhéadfadh díorma d’Arm na Fionlainne cathair St Petersburg a ghabháil de dhroim oíche mura mbeadh na Polannaigh ann rompu.
Fós féin, is scanrúil a bhfuil de ghuthanna á n-ardú gur cheart dúinn a bheith páirteach in arm Eorpach nó níos sceimhlíthí fós, in NATO. Is annamh a deirtear sin go lom amach ach tugtar le fios le milseacht an ghleacaí shleamhain as pislíní cúinne an bhéil.
Is iad tionscal na n-arm ollscriostacha agus na buachaillí ar gean leo bréagáin nua bháis an t-aon dream a mbeidh an lá agus an oíche leo san áiteamh apacailipteach seo.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis