Bímis lom-mhacánta. An sean-nath meirgeach sin a bhfuil cailimhineog agus cuileoga na mblianta air a luaitear le Voltaire, ‘Ní maith liom in aon chor an rud a deir tú, ach cosnód go héag do cheart a leithéid a rá’, i gcuntais Dé na glóire agus na teicneolaíochta, an gcreideann aon duine ann anois má chreid riamh?
Ba bheag an bhá a léirigh mórmheáin iriseoireachta agus faisnéise an domhain le Julian Assange nuair a sacadh sa charcair é na blianta fada anois ó shin, ná go deimhin nuair a scaoileadh saor ó chrúcaí an dlí Mheiriceánaigh é an tseachtain seo caite. Bhain cuid de sin le nádúr an duine féin mar de dhealramh bhí an chuma air go bhféadfadh sé a bheith corr, achrannach, easaontach agus nár chun a leasa féin a bhí a iompar i gcónaí.
Ach b’í cúis ba mhó a raibh daoine amhrastúil ina thaobh ná gur léirigh sé rúindiamhracha na rúindiamhracha, eolas folaigh an eolais fholaigh, faisnéis na hoíche nár cheart go bhfeicfeadh an lá a leithéid. Is ea, thaispeáin na tuairiscí a nochtadh ar WikiLeaks an chorraíl a tharla sa Tibéid sa bhliain 2008 nuair a gabhadh manaigh agus mná rialta (tá a leithéid acu) agus mar ar chloígh na Sínigh an suathadh pobail leis an bhfórsa is dual dóibh; agus ba mhór an greann nuair a dúirt sé féin gurbh ionann an rogha idir Hillary Clinton agus Trump i dtoghchán na bliana 2016 ná rogha idir an calar agus an bholgach fhrancach.
Ach níorbh aon chúrsaí spóirt é nuair a nocht sé breis agus ceithre chéad míle comhad a bhain le rúin na himpireachta, le rúin impireacht na Stát Aontaithe, óir níorbh fhéidir maitheamh dá leithéid. Bhain an chuid ba ghránna díobh leis an ionsaí a dhein na Stáit úd ar an Iaráic agus ar an Afganastáin, agus ar ghnéithe níos imeallaí ar nós a gcaidrimh leis an Araib Shádaisteach.
Seans maith gurb é an sampla is táscúla seachas is scanrúla de na cogaí concais sin an giota den ionsaí héileacaptair a déanadh ar shibhialtaigh agus ar iriseoirí in Bagdad ar an 12ú Iúl 2007. De bhreis ar an marú féin bhí an tráchtaireacht ainiochtach, “Keep shootin’...keep shootin,’’ agus níos measa nuair a bhí daoine ar lár, amhail is gur scannán bhuachaillí bó a bhí ann, gan trácht ar scrios a dhéanamh ar fheithicil a bhí ag bailiú a raibh leonta agus marbh araon. ‘Féach ar na bastaird mharbha sin ar fad...Go deas.’ Cá bhfios cad iad na huafáis eile a bhí ann de cheal féachaint ar chodanna eile de WikiLeaks féin?
Ceart go leor, agus admhaítear go hoscailte é, tá a leithéid agus níos measa déanta ag airm choncais eile lenár linn, ag ruathair bhuamála na Rúiseach ar chathracha na Siria agus na hÚcráine, ag aerfhórsa NATO ar Libia, ag diúracáin spriocdhírithe (mar dhea) Iosrael ar Gaza. Ach bhí ráite riamh nach mar sin dúinne, an t-iarthar órga glan daonlathach, don té a ghéillfeadh dá leithéid.
B’é peaca a dhein Assange agus a chomrádaithe ná smut beag caol cúng ar imeall na slí, póca veiste beag den fhírinne mhór a nochtadh. Níorbh fhéidir scaoileadh leis an bhfírinne lom go hiomlán.
Ba dá dheasca sin a chaith sé na blianta ar a choimeád, cuntais mhíchuibhiúla ar a bheatha á scaipeadh, líomhaintí amhrastúla maidir lena iompar a chraobhscaoileadh, gan trácht ar bhreis agus trí scór go leith mí sa phríosún. É sin ar fad ar son na fírinne a insint.
In ionad an dlí a chur ar Assange bhí de cheart gradaim idirnáisiúnta mhóra a bhronnadh air, duais Nobel na síochána féin, mura masla dó é ag cuimhneamh dúinn ar chuid dar bronnadh orthu cheana í.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis