Dianchúrsa Gaeilge agus ceardlanna ábhair

Reáchtálfaidh an Chomhairle um Oideachas Gealtachta agus Gaelscolaíochta (COGG) Dianchúrsa Gaeilge agus Ceardlanna Ábhair i mí Lúnasa i gcomhar le Gaelchultúr.

Tá an cúrsa seo oiriúnach do réimse leathan múinteoirí, idir mhúinteoirí a bhfuil taithí fhada acu ag teagasc i scoileanna Gaeltachta/Gaelcholáistí agus mhúinteoirí atá nuacháilithe nó nuacheaptha don teagasc trí Ghaeilge.

Beidh deis ag múinteoirí iar-bhunscoile atá ag teagasc trí Ghaeilge cur lena gcuid scileanna an mhí seo chugainn nuair a reáchtálfaidh an Chomhairle um Oideachas Gealtachta agus Gaelscolaíochta (COGG) Dianchúrsa Gaeilge agus Ceardlanna Ábhair (Lá na Speisialtóirí) 2024 i gcomhar le Gaelchultúr.

Cuirfear ranganna Gaeilge ar líne ar fáil do mhúinteoirí iar-bhunscoile saor in aisce idir 12-14 Lúnasa agus ar an lá deiridh, Déardaoin 15 Lúnasa, reáchtálfar Lá na gCeardlann Ábhair (Lá na Speisialtóirí) i gColáiste na Coiribe, Gaillimh ó 10 r.n go 4 i.n.

Dianchúrsa Cogg: 12-15 Lúnasa

Deis a bheas ann do mhúinteoirí ceardlann a dhéanamh le sainmhúinteoirí ina gcuid ábhar féin agus acmhainní nua a bhailiú, mar aon le freastal ar sheisiún nó dhó comónta le gach múinteoir a bheidh i láthair.

Beidh na saincheardlanna dírithe ar 8 n-ábhar: Ceol, Gaeilge, Eolaíocht, Matamaitic, Nuatheangacha, Stair, Tíreolaíocht, Gairmthreoir.

READ MORE

Léireofar acmhainní nua atá á bhforbairt ag múinteoirí do COGG. Deirtear go mbeidh na hacmhainní seo thar a bheith tairbheach do mhúinteoirí agus scoláirí atá in iar-bhunscoileanna Gaeltachta/Gaelcholáistí.

Tabharfar léargas freisin ar shuíomh nua Google do Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí (a chuimsíonn nótaí idirghníomhacha ar gach caibidil Eolaíochta, cluichí, físeáin agus ceisteanna scrúdaithe) agus aistriúcháin ar théacsleabhair nua don Cheol, don Fhraincis agus don Stair (Sraith Shinsearach). Roinnfear cóipeanna den phacáiste úrnua Gairmeacha – Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge ar na Comhairleoirí Treorach agus ar na múinteoirí ar fad a bheith i láthair i gColáiste na Coiribe.

Tá an lá seo oiriúnach do réimse leathan múinteoirí, idir mhúinteoirí a bhfuil taithí fhada acu ag teagasc i scoileanna Gaeltachta/Gaelcholáistí agus mhúinteoirí atá nuacháilithe nó nuacheaptha don teagasc trí Ghaeilge.

Cláraigh anseo: ranganna Gaeilge 12-14 Lúnasa

Cláraigh anseo: Lá na gCeardlann Ábhair (Lá na Speisialtóirí) 15 Lúnasa

Breis eolais: eolas@cogg.ie