Samhradh na Leabhar

Liosta léitheoireachta an tsamhraidh

Meidéa. Euripides, aistrithe ag Simon Ó Faoláin

Foclóir: An chéid seo caite - the last century; asarlaí - sorcerer; seanchas - folklore; a bhformhór mór - the vast majority; fabhalscéalta - legendary tales/fables; ilchineálach - varied; imníoch - worried; suaithinseach - remarkable/distinctive.

D’iarr Tuarascáil ar Bhridget Breathnach (Cló Iar-Chonnachta/cic.ie), ar Ghráinne Ní Mhuilneoir (siopaleabhar.com) agus ar Dharach Ó Scolaí (LeabharBreac.com) roinnt teideal a mholadh mar ábhar léitheoireachta samhraidh.

Bibeanna: Brenda Ní Shúilleabháin. €35; 350 lch; clúdach crua; ISBN: 9781856355438. Mercier Press. I ndiaidh dó bheith as cló le blianta, tá athchló déanta ag Mercier Press ar an leabhar seo a ghabhann leis an gclár teilifíse Bibeanna a céadchraoladh ar TG4 i 2006. Leabhar fíorthaitneamhach dátheangach is ea é seo, ina rianaíonn cúigear ban is fiche ó Chorca Dhuibhne forbairt na hÉireann ón sean-sochaí bocht tuaithe go dtí saol nua-aimseartha na haoise seo. Is cuimhin liom cloisteáil faoin leabhar seo arís is arís gan é a fheiceáil riamh, agus anois seo chugainn ar ais é faoi chlúdach crua agus é go haoibhinn. Tá beathaisnéis na mban a fheictear sa chlár féin istigh sa leabhar seo, mar aon le cnuasach scéilíní breactha óna mbéal. siopaleabhar.com

Fáinne Geal an Lae le Éilís Ní Dhuibhne

Fáinne Geal an Lae: Eilís Ní Dhuibhne. €10; 130 lch; clúdach bog; ISBN: 978-1-78444-255-2. Cuimhní cinn agus ficsean measctha tríd atá sa scéal i “Fáinne Geal an Lae”. Leanann sé scéal Róisín, cailín óg atá ag fás aníos i mbruachbhaile i mBaile Átha Cliath, i gcaogaidí agus seascaidí an chéid seo caite. Cónaíonn sí lena hathair, a máthair, a deirfiúr Brídín agus a deartháir Conn i Raghnallach. Freastalaíonn siad ar scoil lán-Ghaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Ach ní hionann Raghnallach an t-am sin agus anois. San am sin, teaghlaigh de chuid na haicme oibre ba choitianta i Raghnallach agus ní raibh mórán airgid ag go leor daoine sa cheantar. Diaidh ar ndiaidh, nochtar do Bhridín gur mar seo atá cúrsaí. Cineál cuimhne cinn a chuireann teacht in inmhe cailín óig i láthair go seoigh. cic.ie

READ MORE
Bláthnaid le Darach Ó Scolaí

Bláthnaid: Darach Ó Scolaí €18.00; 56 lch; clúdach crua; ISBN 978-1-913814-56-4 Tá scéal Bhláthnaide ar cheann de scéalta móra na Rúraíochta. Is ann atá cur síos ar Chú Raoi, rí Dheasumhan agus ard-asarlaí Éireann, agus ar an gcaoi ar fhuadaigh sé Bláthnaid, iníon álainn rí Mhanann, go dtí a dhún féin, Cathair Con Raoi i gCiarraí. Ach níorbh é Cú Raoi amháin a leag súil uirthi. Shantaigh Cú Chulainn freisin í agus is mar gheall ar ghrá na beirte di a bhí sé ina bháire fola idir Muimhnigh agus Ultaigh ar shleasa Shliabh Mis. Go deimhin, tá sé sa seanchas fós i gCiarraí gur dhoirt Bláthnaid bainne in abhainn na Fionnghlaise mar chomhartha do Chú Chulainn agus na hUltaigh go raibh Cú Raoi ina chodladh gan chosaint sa dún. Is ar na leaganacha sin a bhunaigh Darach Ó Scolaí an leagan nua seo. Leabharbreac.com

Fáinne Geal an Lae le Éilís Ní Dhuibhne

Ag Dul i Bhfad: Alan Titley. €15; 416 lch; clúdach bog; ISBN: 9781784442576 Seo é an chéad chnuasach gearrscéalta le hAlan Titley ó foilsíodh an 100 scéal atá i Leabhar Nóra Ní Anluain (1998). Má tháinig scata úrscéalta uaidh idir an dá linn níor thréig sé an ealaín ghairid riamh, óir tá seacht scéal anseo a ghnóthaigh duaiseanna Oireachtais. A bhformhór mór níor cuireadh i gcló cheana iad. Is ilchineálach an t-ábhar atá sa chnuasach seo: scéalta traidisiúnta ar an seandéanamh, fabhalscéalta, scéalta gaisce nó rómánsaíochta agus tuilleadh. cic.ie

Amhráin Amhairgin: Máire Mhac an tSaoi

Amhráin Amhairgin: Máire Mhac an tSaoi. €18.00; 48 lch, clúdach crua; ISBN 978-1-913814-55-7 Don té a bheadh ag iarraidh dul amach ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi, tá fianaise bhreise sa leabhar seo ar an acmhainn diamhair teangan agus samhlaíochta atá le brath ó thosach deireadh a cuid scríbhneoireachta. Tá údarás agus uaisleacht in uachtar sna dánta seo, Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, agus Amhra Choilm Cille mar atá sa chuid is fearr dá cuid dánta féin, an teanga á feacadh agus á lúbadh i gcúrsaí friotail agus comhréire agus í ag cruthú uair amháin eile gur uirlis lánacmhainneach í don té atá inniúil ar í a ionramháil mar is cóir. Leabharbreac.com

Póg Mo Thóin agus Scéalta Eile le Pádraig Breathnach

Póg Mo Thóin agus Scéalta Eile: Pádraig Breathnach. €15; 232 lch; clúdach bog; ISBN: 9781784442675 An caidreamh a dhéanann daoine le daoine eile is cás le Pádraic Breathnach sa saothar seo – an chéad chnuasach nua gearrscéalta dá chuid le beagnach fiche bliain. Caidreamh ina thús nó ina dheireadh, caidreamh á chothú agus caidreamh á scrios, caidreamh folláin agus caidreamh míshláintiúil. Seo díolaim scéalta a bhfuil casadh chun an dorchadais le sonrú go láidir iontu. Leabhar é ar furasta gruaim a shamhlú leis ach a bhfuil an solas ina orlaí tríd. cic.ie

Meidéa. Euripides, aistrithe ag Simon Ó Faoláin

Meidéa. Eoiripidéas, aistrithe ag Simon Ó Faoláin. €20; clúdach bog. Barrachód: 6660012240012. Coiscéim. Tá tobar domhain saothar ar domhan a d’fhéadfadh a bheith aistrithe go Gaeilge ach spiorad agus am a dhóthain ag duine tabhairt faoi. Tá Ó Faoláin go mór le moladh as tabhairt faoin aistriú seo ar dhráma clasaiceach le hEoiripidéas, ‘Medea’. Déantar cur síos sa réamhrá ar chúlra agus ar údar an dráma, agus tá nóta ag Ó Faoláin mar gheall ar aistriú an tsaothair ón SeanGhréigis go Gaeilge. Ná bí ag súil le Gaeilge chaighdeánach anseo; leagan logánta Chorca Dhuibhne a bheidh os do chomhair amach. Mar atá ráite ag Alan Titley faoi, is é atá sa leabhar seo ná ‘gaisce aistriúcháin, gaisce drámaíochta agus gaisce filíochta’. siopaleabhar.com

Saighdiúir. Cathal Ó Searcaigh

Saighdiúir. Cathal Ó Searcaigh. €16.00: 312 lch; clúdach bog; ISBN: 978-1-913814-35-9 Faoi thailmeacha na bpléascán agus chnagarnach bhuan na ngunnaí móra, faighimid radharc scanrúil ar an chogadh trí shúile an fhir óig seo as Gaeltacht Chloich Chionnaola, agus é féin agus a chomhaoisigh á gcur thar an mhullach isteach sa chath, gás nimhe ag scalladh na scamhóga astu, agus an fód á dheargadh lena gcuid fola. In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal. Ní hé amháin gur saothar ceannródaíoch é Saighdiúir ach is úrscéal cumhachtach frithchogaidh é, agus é tugtha chun solais go húr beo máistriúil ag Cathal Ó Searcaigh. Leabharbreac.com

Sa Pholl Báite le Anna Heussaff

Sa Pholl Báite: Anna Heussaff. €15; 350 lch; clúdach bog; ISBN: 978-1-78444-261-3 Tá Colmán Ó Gríofa ina theach saoire ar leithinis Bhéarra, é scartha ó Emer ach dílis di i gcónaí. Tacaíonn a chomharsa Aoife Nic Dhiarmada leis agus í ag éirí gafa sa chás. Tá noda fiúntacha agus fianaise bhréige á scagadh aicise agus ag na gardaí; tá faire faoi cheilt ar siúl istoíche agus an t-am ag sciorradh. An nochtfar an ciontóir sula ndéanfar an dara marú? Is úrscéal cumhachtach é Sa Pholl Báite a chaitheann solas géar ar choimhlintí sóisialta agus ar an nimh i gcroí an duine. Bhain an saothar seo duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022. cic.ie

Mná le Daithí Ó Muirí

Mná. Daithí Ó Muirí. €12. 140 lch. Clúdach bog. ISBN: 978-1-78444-270-5. Anois is arís, cuireann an t-údar seo saothar úr ar fáil dúinn, agus is fiú i gcónaí fanacht leis na leabhair uaidh. Sa bhailiúchán nua seo, “Mná,” scríobhann sé faoi shaol na mban i seacht scéal suaithinseach. Bíonn a scéalta ag dul i ngleic leis an taobh sin dár nádúr nach féidir a chur i bhfocail go héasca, agus déanann an t-údar é seo le healaín agus le paisean. cic.ie

Crainn agus Toir le Máirín Uí Chonchubhair

Crainn agus Toir: Máirín Uí Chonchubhair. €85; 762 lch; clúdach crua; ISBN: 9781527281301. Dingle Publishing. Abair eipic! Níl bealach ceart cur síos a dhéanamh ar áilleacht an leabhair seo i scríbhinn; ní thuigtear é go dtí go bhfeictear é. Seasann an leabhar seo amach mar sheoid eolais. Ní fheictear dom go bhfuil dochtúireacht ag Uí Chonchubhair, ach mura bhfuil tá céim oinigh sa luibheolaíocht tuillte di as an éacht atá déanta aici chun sonraí faoi chrainn agus toir an oileáin seo (mar a chonaic sise iad le linn a shaoil) a tharraingt le chéile. Clúdach crua atá ar an leabhar agus é clóite go hildaite ar pháipéar láidir mín. Tá chuile leathanach ag cur thar maoil le heolas, agus tá idir théacs, ghrianghraif agus léaráidí san áireamh ann. Seoid amach is amach. siopaleabhar.com

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.