An ealaín mar chosaint

Nuair a fhéachaim anois air níl a fhios agam nach fabhalscéal de chuid Éire ár linne féin atá ann.

To Kill a Mockingbird, Grianghraf: Universal History Archive/UIG via Getty images

Nuair a bhíodh cúrsaí slándála ar ríomhairí níos simplí ná mar atá siad anois, is é sin sula mbíodh ort a chruthú nár róbat tú, nó litreacha amscaí ciotrúnta a athscríobh, ba mhinic go mbíodh ort ceisteanna a fhreagairt fút féin. Mar shampla, bhíodh ort ainm baiste do sheanmháthar ar thaobh do mháthar a chumadh nó a mheabhrú, nó smaoineamh ar an ainm a bhí ag do dheartháir nuair a chuaigh sé faoi lámh easpaig, má chuaigh.

Ar na ceisteanna ba shimplí b’ea cad é an scannán b’ansa leat. De ghnáth le teann grinn bhíodh fonn orm The Texas Chain-Saw Massacre a chur síos, ach go macánta deirinn Mississippi Burning, fág go mbíodh orm cuimhneamh ar líon na litreacha dúbailte ann. Ní féidir liom gan féachaint air aon uair a nochtann sé ar an teilifís, agus sin ó thús go deireadh. Ar feadh i bhfad b’é an scéal féin a mheall mé agus Gene Hackman na diabhlaíochta ina shúile mar go raibh a fhios aige cén saghas iad na daoine a raibh sé ina gcoinne.

Nuair a fhéachaim anois air níl a fhios agam nach fabhalscéal de chuid Éire ár linne féin atá ann. Ó fóill ort! arsa tusa, agus daoine eile, ní bheimisne mar sin a choíche ná go deo! Ná cuirtear an saghas sin biogóideachta inár leith! Ná gabhtar thar fóir!

Ceart go leor, ní rachaidh mé. Ní dhéanaimidne ach a gcuid puball a scrios le sceana is a chaitheamh san abhainn; screadach agus liú fiáin a dhéanamh agus iad ag iarraidh dul isteach ina dtearmann; nó neachtar acu, na hárasáin a bhfuil siad le lonnú iontu a loscadh. Gan amhras, ní hionann áras folamh a loscadh agus daoine, ach mar a dúirt Heinrich Heine nuair a chromtar ar leabhair a dhó i dtosach, ní fada uainn…

READ MORE

Ach nach ait go léir é nach scríobhtar leabhair agus nach ndéantar scannáin ar an éagóir uafásach a dhéantar ar bhailte beaga deasa nuair a éalaíonn teifigh ón ngorta agus ón léirscrios isteach ina measc agus nach mian leo go mbeadh salachar na n-inimirceach le feiscint taobh amuigh den ghalfchúrsa áitiúil?

Bhí To Kill a Mockingbird ar chlár scoile anseo ar feadh na mblianta, agus cé go bhfuil an cineál sin cearta daonna agus frithchiníochais ábhar mífhaiseanta inniu, bheadh sé deacair a shamhlú go dtiocfadh úrscéal cumhachtach ar an bhfód a dhéanfadh trácht ar an éagóir mhíchuibheasach a dhéantar ar phobal deas socair lena bhfuinneoga gliúcaíochta nuair a chaitheann siad an salón ingne a dhúnadh de dheasca an iomad eachtrannach a bheith timpeall.

Ar scríobhadh scéal riamh nó ar déanadh scannán a dhein móradh ar chiníochas agus ar sheicteachas agus ar bhiogóideacht agus a áirítear mar shaothar fiúntach ealaíne? Is fíor nach bhfuil úrscéalta Saddam Hussein léite fós agam, ach ar éigean gur ceannaíodh iad sin ina milliúin de thoil deonach.

An bhfuil rud éigin sa litríocht a shroicheann grinneall ionainn lasmuigh de theagasc oscailte reiligiúin nó morálta nó polaitiúil? An é go n-aithnímid sinn féin mar dhaoine eile sa litríocht ar shlí nach ndéanfadh friotal ar bith eile? An é go bhfiafraíonn an litríocht dínn a shamhlú conas mar a bheadh an bheatha againn dá mba dhaoine eile sinn?

An é sin an fáth a bhfuiltear ag iarraidh an litríocht a scuabadh de dhroim seoil inár scoileanna agus inár gcoláistí agus ábhar tur cailceolaíochta a shacadh ina háit? An bhfuil eagla roimh an tsamhlaíocht, roimh an tsamhlaíocht a réalódh ocras, bás, pianpháis, bá farraige, easpa dóchais, uafáis uile les damnés de la terre mar mhalairt ar d’óstán bocht a dúnadh nó a bheith ceal salón ingne nó parlús púdair maidin Dé Máirt roimh an gcupán caifé sciní-latte úd?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar