Cuimhní cinn ar Rory Gallagher ard-draoi an Fender Stratocaster

In 1972 a eisíodh an t-albam Live in Europe, ceirnín a bhí mar fhuaimrian d’óige go leor a bhí sna déaga an tráth úd

Rory Gallagher. Grianghaf: Andrew Putler/Redferns/Getty

Foclóir: Fainic - caution/warning; Bhéal Átha Seanaidh - Ballyshannon; laochra iomána - hurling heroes; rian - track; fuaimrian - soundtrack; dordghiotár- bass guitar; ag staidéar go díograiseach - studying diligently; íoslach - basement; draoi - wizard, magician.

Márta 2022 a bhí ann agus bhí srianta Covid á maolú de réir a chéile, agus bhí mé i leithreas na bhfear agus mé ag éisteacht le duine ag moladh Rory Gallagher is a cheol go hard na spéire, agus gan masc covid á chaitheamh ag ceachtar againn.

Sa mbeár taobh amuigh, bhí banna ag casadh ceoil rac agus blues. Le dhá bhliain anuas, bhí fainic curtha orainn uilig spásanna beaga a sheachaint agus b’in an chéad uair dom a bheith ag aon ócáid shóisialta ó Mhárta 2020.

Ach orm féin a bhí an locht, is dóigh. Bhí mé ag nigh mo lámha ag an doirteal agus réidh le himeacht nuair a tháinig an fear óg isteach, agus d’fhiafraigh mé de cérb as dó. “Cill Chainnigh”, a dúirt sé agus ba le Brian Cody agus laochra iomána an chontae úd a cuireadh tús leis an gcomhrá, ach ar bhealach éigin tarraingíodh anuas fear Bhéal Átha Seanaidh agus Chorcaí.

READ MORE

I lár na bhfichidí a bhí fear óg Chill Chainnigh; ní raibh sé ar an saol seo nuair a bhásaigh Rory Gallagher i Meitheamh 1995, ach bhí sé faoi gheasa aige agus ag a cheol.

Chuir sin iontas orm agus níor chuir. Chuir sé gliondar orm freisin. Ba le ceol Rory Gallagher a tógadh go leor againn sna 1970idí. Ba linne é tráth, ach cé go bhfuil aois tagtha orainne níl aois ar bith tagtha ar cheol fhear an Fender Stratocaster.

Caoga bliain roimhe sin, i mBealtaine 1972, a eisíodh an t-albam Live in Europe, a bhí mar fhuaimrian d’óige go leor a bhí sna déaga an tráth úd. Mí ina dhiaidh sin, bhí The Rise and Fall of Ziggy Stardust & the Spiders from Mars le David Bowie sna siopaí agus an treoir “To be played at maximum volume” scríofa ar a chúl.

Is cinnte gur casadh Live in Europe ag fuaim ard i seomraí codlata agus i seomraí go leor eile ar fud na hÉireann sna 1970idí.

Bhíodh amhráin an albaim sin le cloisteáil ó sheomra caidrimh na sóisir a bhí in íoslach na scoile chónaithe ar a d’fhreastail mo chairde is mé féin agus é á chasadh ar sheinnteoir ceirníní. “Rory Gall-ager,” a d’fhógair an fear le canúint Shasanach agus é ag cur ár laoch i láthair ag tús an albaim.

Ach ba chuma linn! Chomh luath agus a casadh na céad nótaí den chéad rian Messin’ With the Kid agus gur bhéic Gallagher an chéad líne “What’s this I hear goin all around town...”, ba leor sin.

Ní raibh an t-albam ach eisithe nuair a tháinig an scéala go mbeadh Rory Gallagher ar stáitse sa Staid Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an Satharn 13 Bealtaine 1972. Costas £1 a bhí ar thicéad.

Eagraíodh bus ón scoil le daoine a thabhairt chuig an gceolchoirm. Ar chúis éigin nach bhfuilim ábalta cuimhniú air, ní dheachaigh mé ann. Is dóigh go raibh mé ag staidéar go díograiseach do scrúdú na Meán Teiste a bhí le tosú cúpla seachtain ina dhiaidh sin!

Ba orm a bhí an díomá nuair a d’fhilleadar as Baile Átha Cliath an oíche sin agus iad fós faoi dhraíocht ag an méid a chonaiceadar is a chualadar.

Fhad is a bhíodar ag fanacht ar an mbus i ndiaidh na ceolchoirmre, tháinig Rory Gallagher agus a bhanna amach as an Staid Náisiúnta.

Thapaigh mo chara Brian an deis agus d’iarr sé ar laoch an ghiotáir cúl a thicéid don ghig a shíniú. Rinneadh sin. Tá an ticéad sin fós aige.

B’in an cineál duine a bhí i Rory Gallagher. Má bhí meas agus cion ag a lucht leanta air, bhí meas aigesean orthu chomh maith agus é flaithiúil lena chuid ama.

Is léir sin ón gclár faisnéise den scoth Rory Gallagher: Calling Card, a stiúirigh Brian Reddin, agus a craoladh ar RTÉ is ar an mBBC le gairid agus atá ar fáil ar sheinnteoirí an dá bhealach teilifíse sin.

An lá tar éis an chraolta ar RTÉ, bhí teachtaireachtaí go leor ar an gcóras WhatsApp atá ag grúpa d’iarrscoláirí na scoile chónaithe úd agus daoine ag roinnt a gcuimhní cinn ar Gallagher.

Ba léir go bhfuil sé beo i gcónaí dúinn.

Ní go ceann 15 bliain i ndiaidh na ceolchoirme sin sa Staid Náisiúnta a d’éirigh liom Rory Gallagher a fheiceáil ar stáitse faoi dheireadh.

Oíche chinn bliana a bhí ann, thart ar a seacht a’chlog, agus bhí mé i dTigh Hughes sa Spidéal nuair a tháinig fear isteach agus dúirt, “Shíl mé go mbeadh tusa istigh i Leisureland anocht ag breathnú ar Rory Gallagher.”

Ní raibh cloiste agam faoin ngig go dtí sin. Bhí Gallagher imithe as mo shaol faoin tráth úd. Is cosúil go raibh sé dearmadta ag roinnt eile freisin ag an am. Go dtí gur eisigh sé an t-albam Defender i 1987, bhí cúig bliana caite gan ceirnín ar bith uaidh.

Agus é ag tagairt don chiúnas sin in agallamh a rinne sé le Hot Press i 1987, dúirt Gallagher, “Maybe people thought I was sheep-farming.”

San agallamh, tugann Gallagher le fios nach raibh sé in ann conradh ceart cóir a d’fheil dó a fháil ó aon cheann de na comhlachtaí móra ceirníní ag an am.

Agus é ag clamhsán faoin chaoi ina raibh chuile rud faoi smacht ag na comhlachtaí sin, dúirt sé, “Now, it’s the project, the movie. Everything has to be Cecil B DeMille.”

Agus dúirt sé, “There’s no such thing now as a piece of funky music that comes out on the street by semi-accident.”

NEWS... Detail of the Fender Stratocaster that Rory Gallagher used onstage throughout his career at the opening of Rockchic; The Life and Times of the Electric Guitar at the National Museum in Collins Barracks Dublin yesterday. The exhibition continues until Jan 21st next. Photograph: Frank Miller 23.11.06

Tá an t-agallamh sin ar fáil ar líne agus is fiú go mór é a léamh, mar tugann sé léargas ar cé chomh dian is bhí cúrsaí do Gallagher agus é ag cur tús lena shaol mar cheoltóir rac ag deireadh na 1960idí.

Anuas ar sin, léiríonn sé na constaicí a chuir gnó an cheoil i mbealach duine a bhí ag iarraidh cloí lena phrionsabail.

An oíche dheiridh úd den bhliain 1987, d’fhág mé an teach tábhairne agus chuaigh mé díreach abhaile agus d’inis do mo dheartháir óg Diarmaid faoin gceolchoirm. Isteach linn sa gcarr agus thiomáin sé isteach go Bóthar na Trá muid.

Cé go raibh slua mór i láthair, ní raibh aon deacracht ann ticéid a fháil ag an doras. Bhí Rory Gallagher ar fheabhas an oíche úd, é ina mháistir ar an stáitse agus é ag baint ceoil binn as a Fender Stratocaster. Taobh leis, bhí a sheanchomrádaí Gerry McAvoy a chas an dordghiotár ar Live in Europe agus a bhí á thionlacann sa Staid Náisiúnta i mBealtaine 1972.

Tá Fender Stratocaster Gallagher ar cheann de na hearraí a bhain leis a dhíolfar ar ceant ag Bonham’s i Londain an 17 Deireadh Fómhair.

Treoirluach idir £700,000 agus £1,000,000 atá luaite leis. Agus seo á scríobh, tuairiscíodh go raibh sé i gceist ag an Tánaiste Micheál Martin ceannach an ghiotáir cáiliúil úd don stáit a phlé leis an aire atá freagrach as na healaíona, Catherine Martin.

Ní dóigh go mbeidh fear óg Chill Chainnigh ná mo chomhgleacaithe ón scoil chónaithe ná mé féin in acmhainn é a cheannach, ach is luachmhaire fós na cuimhní cinn atá againn ar an bhfear a bhain ceol na hóige as ar feadh i bhfad