Perill d’incendie

Tá an róthurasóireacht ina chnámh spairne anois ar oileán Mhallarca mar atá in áiteanna eile san Eoraip agus i dtíortha eile níos faide i gcéin.

Mealltar na milliúin coigríochach go Mallarca gach bliain agus ní haon ionadh é. Grianghraf: Éanna Ó Caollaí

Foclóir: Bladhm – flare-up; mothar – thicket; spóirseach thine – blazing fire; sliabhraon - mountain range; róthurasóireacht – overtourism; cnámh spairne - bone of contention; spóirseach thine - blazing fire; learg - sloping expanse/rising tract of land; fánaithe - hikers; glamaíl - shouting/roaring.

“Perill d’incendie” a deir na fógraí poiblí atá le feiceáil ar chnoic agus i gceantair thuaithe Mhallarca.

Léiríonn an imlíne de chipín lasta agus de chrann atá ar na fógraí an baol tine - ní gá ach splanc chun go n-imeodh an áit in aon bhladhm amháin

An Govern de les Illes Balears, an t-údarás a rialaíonn Na hOileáin Bhailéaracha, a chroch na fógraí. Rabhadh é do thaistealaithe, do thurasóirí agus do phobal an oileáin a bheith airdeallach faoin mbaol loiscithe atá sna críocha seo sa Mheánmhuir.

READ MORE

Le linn an tSamhraidh is minic go mbíonn an teocht chomh hard le 35-40ºc. Agus na cúrsaí amhlaidh, is féidir a shamhlú nach mórán a theastódh leis an áit a lasadh ina spóirseach thine.

Ach cé go mbíonn aird ar leith ar bhaol an dóiteáin, is ceist eile ar fad atá ag dó na geirbe ag muintir an oileáin i láthair na huaire. Tá an róthurasóireacht ina chnámh spairne anois ar Mhallarca mar atá in áiteanna eile san Eoraip agus i dtíortha eile níos faide i gcéin.

Mealltar na milliúin coigríochach go Mallarca gach bliain agus ní ábhar iontais é sin. Tá forbairt mhór tar éis teacht ar thionscal na turasóireachta le caoga bliain anuas agus is beag baile nach bhfuil a lorg fágtha air, go háirithe na bailte sin atá buailte le cósta.

Ach ní ar thóir na rístíochta cois trá nó taobh leis an linn snámha a bhíonn chuile chuairteoir ach an oiread, mealltar rothaithe, fánaithe agus gach cineál cuairteora eile. Tá bailte beaga gleoite ann, fothracha Rómhánacha agus iarsmaí eile den seansaol ar fiú cuairt a thabhairt orthu, gan trácht ar an tírdhreach nó ar na tránna bána a bhfuil cáil dhomhanda orthu. Is oileán mealltach í Mallarca.

Palma, Mallarca. Grianghraf: Éanna Ó Caollaí

Tá learga foraoiseacha anseo agus ansiúd atá clúdaithe go tiubh le mothair chrann agus dhriseacha. Seasann siad amach go soiléir ar bheanna arda shléibhte an Serra de Tramuntana, sliabhraon atá ina chnámh droma ag an oileán seo atá thart ar 200km ó chósta na Spáinne.

Ní bhíonn ach 900,000 duine ina gcónaí ann go lánaimseartha ach tugann suas is anuas le 20 milliún duine cuairt ar an oileán in aghaidh na bliana agus ní hionadh ar bith é go bhfuil ceisteanna á gcur maidir le hinmharthanacht earnáil na turasóireachta.

Ach céard go díreach atá i gceist leis an róthurasóireacht agus cén tionchar a bhíonn aige?

Braitheann sé ar chúinsí sa cheantar atá faoi chaibidil, ach baineann an róthurasóireacht leis an líon méadaitheach cuairteoirí a thugann cuairt ar áit agus an drochthionchar a bhíonn aige sin ar an timpeallacht agus ar shaol na bpobal áitiúla.

Is minic go gcuireann an t-éileamh breise, maraon b’fhéidir le saibhreas na gcuairteoirí, ardú ar phraghsanna earraí agus go gcuireann torann breise agus plódú bailte agus cathracha isteach go mór ar mhuintir na háite. Bíonn droch-thionchar ag an róthurasóireacht ar an aeráid agus ar dhálaí eile timpeallachta. Measann eagras domhanda turasóireachta na Náisiún Aontaithe (UNWTO) go dtiocfaidh fás 25 faoin gcéad ar na hastaíochtaí carbóin a chruthaítear faoin mbliain 2030, de bharr astuithe taistil a chothóidh an turasóireacht.

Agus é ag caint leis an Financial Times le gairid, dúirt Angelos Varvarousis, acadóir agus pleanálaí uirbeach a chuireann faoi i mBarcelona agus san Aithin, nach ceist a bhaineann le líon na dturasóirí amháin atá ann, “is éard atá ann, go bhfuil bailte, réigiúin agus go fiú tíortha iomlána ag iompú ina sochaithe turasóireacht. Ciallaíonn sé sin go bhfuil a dtírdhreacha, a ngeilleagair, agus an íomhá atá acu dóibh féin á múnlú chun freastal ar thurasóirí. Leagan den choilíneachas is ea í.”

In Mallarca, deirtear nach mbíonn moilliú riamh ar shruth na turasóireachta agus tá feachtas láidir agóidíochta ar bun ag gasraí ar nós Menys Turisme, Mes Vida agus Mallorca Platja Tour chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a eascraíonn ón earnáil.

Ní hé go bhfuil na gasraí i gcoinne na turasóireachta ann féin. Tá siad in aghaidh mhúnla reatha na turasóireachta a chuireann brú ollmhór ar acmhainní agus ar sheirbhísí áitiúla. Téann an múnla reatha i bhfeidhm ar bheagnach gach gné den saol ó scriosadh na críche go pleanáil uirbeach iomarcach agus fadhbanna a bhaineann le soláthar tithíochta i measc go leor eile. Múnla nua atá á éileamh a chuirfeadh cearta sóisialta agus athghiniúint éiceolaíoch i lár an aonaigh.

Cuireann an plódú a tharlaíonn sa Samhradh brú ar infreastruchtúr Mhallarca. Tá géarchéim tithíochta ar an oileán agus tá an soláthar tithíochta inacmhainne ar cheann de na príomhúdair chlamhsáin atá ag muintir an oileáin. Sin gan trácht ar na fadhbanna sóisialta a chothaítear. Is ábhar mór míshuaimhnis é iompar agus glamaíl na dturasóirí in ionaid saoire ar nós Magaluf.

Tá na gasraí ag iarraidh an tsamhail eacnamaíoch agus shóisialta seo a athrú. Cuireadh tús leis an bhfeachtas in 2017 agus ba shuntasach é an mana Sense Límits No Hi Ha Futur (Gan srianta, níl todhchaí). Tharraing siad aird an domhain i mbliana tar éis dóibh agóidí a reáchtáil i Palma, príomhchathair an oileáin. Tá baint ag go leor gasraí leis an bhfeachtas anois.

Tá a n-éilimh dírithe ar thiús na turasóireachta a laghdú agus aonchultúrthacht na turasóireachta a theorannú. Cuireadh Comhdháil na Sochaí Sibhialta ar Thurasóireacht ar an bhfód chun tograí agus moltaí a phlé d’fhonn samhail eacnamaíoch níos cothroime a fhorbairt.

Ar cheann eile d’éilimh na bhfeachtasóirí tá foráil a chuirfeadh bac ar aon duine nach bhfuil ina gcónaí ar an oileán le cúig bliana teach a cheannach.

Tá ceist chearta teanga san áireamh freisin. Ceantar féinrialaitheach den Spáinn é Mallarca agus is í an Chatalóinis an phríomhtheanga oifigiúil agus an phríomhtheanga a úsáidtear sa réigiún.

Tá a féiniúlacht theangeolaíoch féin ag Mallarca. Balear a thugtar ar an Chatalóinis a labhraítear sna hoileáin seo – Mallorquí, a labhraítear in Mallarca, agus Menorquí a labhraítear in Menorca. Baintear úsáid as an Chatalóinis ar chomharthaí bóthair agus i gcumarsáid phoiblí. D’eagraigh gasra óg Mhallarca agóid i mí Iúil nuair nach raibh fáil acu ach ar bhiachláir Bhéarla i mbialanna in Sollér, baile gleoite ar chósta thuaidh an oileáin.

Is tionscal tábhachtach í an turasóireacht anseo freisin. De réir Cónaidhm Thurasóireachta na hÉireann fostaítear 254,000 san earnáil agus chaith turasóirí seachtracha €5.3 billiún anuraidh. Ní beag sin. Cé nach bhfuil mórán feachtasaíochta déanta in Éirinn in aghaidh na róthurasóireachta, ná fiú caint air, tá cuid de na fadhbanna céanna le feiceáil abhus. Tá géarchéim tithíochta ann agus is minic go mbíonn costais níos airde i gceantair thurasóireachta.

Tá tionchar aige freisin ar staid na teanga. Tá inmharthanacht na Gaeltachta ar cheann de na ceisteanna straitéiseacha is práinní a bhaineann le todhchaí na Gaeilge. Ach, nuair nach féidir le muintir na Gaeltachta tithíocht a fháil ina gceantair féin, bíonn orthu imeacht agus titeann dlús na gcainteoirí Gaeilge . Tá a fhios againn go bhfuil doirt aill ann: nuair a thiteann líon na gcainteoirí Gaeilge i bpobal Gaeltachta níos ísle ná dhá thrian d’iomlán an phobail sin, cailltear an Ghaeilge mar theanga phobail.

Tá sé tuartha go leathfaidh na hagóidí in Mallarca agus níos faide i gcéin mura dtugtar aghaidh ar an cheist.

Ach ní fada go mbeidh loinnir dheiridh na gréine ag dul faoi ar shéasúr na turasóireachta na bliana seo agus fágfar árasáin Mhallarca agus tithe saoire na hÉireann folamh arís.

Nóta: Seolfaidh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn uimhir 28 de An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise oíche amárach (Dé Máirt an 13ú lá) ar a 7.30 i gColáiste na Rinne. Aistí ar chúrsaí reatha, ar stair agus ar bhéaloideas na nDéise atá san uimhir seo den iris atá á foilsiú go bliantúil ó 1997 i leith.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.