Litir an Uachtaráin

Cloisim an liúrach agus an screadaíl cheana féin á rá nach ionann tír ar bith eile agus an Iaráin.

Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUigínn, i mbun óráide ag na Náisiúin Aontaithe. Grianghraf: Maxwell

Mhúscail an litir dea-mhéine a scríobh an tUachtarán go dtí Masoud Pezeshkian, uachtarán nuathofa na hIaráine, go leor cancair. Cuireadh cleití á scaipeadh, nochtadh fiacla ar fhis, stoitheadh ribí gruaige a bhí gann. Ba léir gur shíl daoine gurb ionann litir dea-mhéine agus faomhadh a thabhairt do gach drochbheart a dhéanfadh is a dhéanann an tír a bhfuil duine i gceannas uirthi.

Dá mb’fhíor sin, gan amhras, ba bheag an caidreamh a bheadh againn le ríocht, le banríocht, le himpireacht, le poblacht nó le tiarnas ar bith a dhein, a dhéanann, nó a dhéanfadh dochar do thír ar bith eile, nó dá gcuid saoránach nó géillsineach féin. B’fhéidir nach mbeadh cead againn bheith i gcaidreamh linn féin.

Cloisim an liúrach agus an screadaíl cheana féin á rá nach ionann tír ar bith eile agus an Iaráin. Is fíor sin, ach ní hionann tír ar bith agus tír ar bith eile ach an oiread. Ba dheacair clár comhordaithe a dhéanamh de na tíortha a dhein buamáil ar shibhialtaigh lenár linn, a dhein ionsaí barbartha mídhleathach ar chathracha eile, a cheadaíonn céasadh príosúnach le cosaint intleachtúil an dlí, atá breá sásta cur as do rialtais eile le breab, le bagairt nó le lámh láidir, atá i mbun cinedhíothaithe anois faoi láthair in aghaidh an lae, a ligeann d’airm scriosmharfacha trína bhfearainn féin, agus iad ar fad a chur suas is anuas sa chompráid lena chéile ar staid na ngrást is na moráltachta is na diabhlaíochta.

Mo thuairim féin go mbeadh an Iaráin íseal go maith ar aon mheastachán mar é, ach bheadh go leor eile nach mbeadh siad in aon ghaobhar a bheith gar don ghrinneall. Is dócha, mar a dúirt an té eile, ‘Ná gabhtar ansin!’

READ MORE

Is donndeimhin go bhfuil mioscais á déanamh ag an Iaráin in áiteanna arbh fhearr dóibh agus do chách go bhfanfaidís glan orthu. A mhalairt sin timpeall, áfach, b’fhearr go bhfanfadh go leor glan ar an Iaráin. B’ionad luachmhar saibhir meabhairbheo láidir é an Iaráin ar feadh na mílte bliain, ceann de ‘chliabháin na sibhialtachta’. Thiocfadh di arís. Bhí sí ina frithbheart d’impireacht na Róimhe ar feadh na gcéadta bliain, agus ceist mhaith mhór do na saoithe, cé acu is fearr a dhein leas nó aimhleas? Bhí siad á dtarraingt idir saint na Rúise agus craos na Breataine sa 19ú haois, agus mhaígh taidhleoir mórthábhachtmhar de chuid na Breataine, George Curzon san am gurbh é a bhí san Iaráin ná ‘píosaí ar chlár fichille ar a bhfuil cluichí á n-imirt ar son ceannas an domhain.’

B’fhéidir gurb áibhéil de bheagán é sin anois, ach tuigimid dó.

Is é is mó meáchan, áfach, ná pé staid ina bhfuil an Iaráin faoi láthair, nach mar sin a bheidh sí go brách. Ní mar sin a bhí, go fiú le cuimhne na ndaoine nach dual dóibh féachaint siar níos sia ná an toghchán deiridh. Bhí tráth ann nuair a bhí sí ina daonlathas ceart. Parlaimint, toghcháin, airí rialtais, saoirse cainte, an stuif sin go léir faoi rialtas Mhohammad Mossadegh. Ní gá a mheabhrú cérbh iad seaimpíní úd an daonlathais a chuir deireadh leis san Iaráin.

De réir gach tuairisce, sa mhéid is gur féidir meabhair cheart a bhaint as aon rud ó na críocha dúnta sin, duine réasúnta liobrálach i dtéarmaí an chultúir as a dtagann is ea Masoud Pezeshkian. Nach bhfuil sé ciallmhar, ar a laghad, agus de réir béasa idirnáisiúnta, agus meas idir stáit, go gcuireann an tUachtarán seo againne a toghadh de réir toil an phobail, litir dea-mhéine go dtí uachtarán eile a toghadh de réir toil a phobail siúd, le súil is go ndéanfaidh sí leas a mhuintire arb é gnó na polaitíochta é?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar