‘Go bunúsach, tá muid ag caint faoin mBunreacht a chur i bhfeidhm’

Plean Náisiúnta don Ghaeilge: Treoirchlár do chomhlachtaí poiblí chun líon agus caighdeán a gcuid seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú go córasach

“Tá sé mar aidhm go bhfeidhmeoidh an Plean mar threoirchlár do chomhlachtaí poiblí ó thaobh líon agus caighdeán a gcuid seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú ar bhonn córasach,” a dúirt an tAire Byrne. Grianghraph: Dara Mac Dónaill/The Irish Times

Foclóir: Cearta bunreachtúla - constitutional rights; earnáil stáit - branch of state; - need; earcaithe - recruits; dóchasach - hopeful; altraí - nurses; taighde - research; reachtaíocht - legislation.

‘Lá stairiúil agus cinniúnach don teanga.” Sin a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne Dé Céadaoin seo caite agus Plean Náisiúnta don Ghaeilge sa Chóras Poiblí 2024-2030 á sheoladh aige i bplásóg Thithe an Rialtais i mBaile Átha Cliath.

Mhínigh an tUasal Byrne go bhfuil sé mar aidhm leis an bplean “an Ghaeilge a chur chun cinn, agus cearta bunreachtúla a chur i bhfeidhm freisin do shaoránaigh na tíre seo.”

Ach céard go díreach atá i gceist leis an bplean?

READ MORE

Is straitéis de chuid Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge é an plean náisiúnta. Cuirfear é i bhfeidhm thar thréimhse shé bliana trí dhá phlean gníomhaíochta trí bliana ina leagfar amach na bealaí a bhainfear amach na cuspóirí.

Chuir an reachtaíocht teanga dualgais ar leith ar Aire na Gaeltachta. Bhí sé de dhualgas air, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, an Coiste Comhairleach a ainmniú laistigh de sé mhí tar éis don Acht teacht i bhfeidhm. Bunaíodh an coiste i Meitheamh 2022 agus bhí sé de dhualgas ar an gcoiste an plean náisiúnta a fhorbairt agus a fhoilsiú laistigh de dhá bhliain. Forbraíodh an plean - an chéad cheann dá leithéid i stair an Stáit - chun cuspóirí Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh agus beidh sé ina ghné lárnach den iarracht seirbhís phoiblí dhátheangach a chothú agus 2030 ag teannadh linn.

“Tá sé mar aidhm go bhfeidhmeoidh an plean mar threoirchlár do chomhlachtaí poiblí ó thaobh líon agus caighdeán a gcuid seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú ar bhonn córasach,” a dúirt an tAire Byrne.

Go hachomair, tá sé mar phríomhchuspóir faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go mbeidh fiche faoin gcéad d’earcaithe don tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge roimh dheireadh 2030; go gcuirfear seirbhísí poiblí ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht; agus go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Socrófar caighdeáin teanga do gach earnáil stáit freisin chun a chinntiú go gcuirfear feabhas ar chaighdeán agus leibhéal na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil.

Agus tá géarghá leo.

“Ní féidir leat dul isteach in aon oifig sa Stát faoi láthair agus \[a\] bheith dóchasach go mbeidh an Ghaeilge ar fáil,” a dúirt an tAire Byrne.

“Nuair a bheidh an plean seo agus na gníomhaíochtaí a thagann amach as curtha i bhfeidhm, beidh níos mó muiníne agat agus tú ag dul isteach in oifigí stáit go mbeidh tú in ann an Ghaeilge a úsáid,” a dúirt sé.

Dúshláin

Ach beidh deacrachtaí móra agus dúshláin chasta le sárú má táthar chun na spriocanna a bhaint amach ina n-iomláine.

Mar chuid den taighde a rinneadh don Phlean, ghlac os cionn 35,000 fostaí de chuid chomhlachtaí poiblí páirt i suirbhé chun léargas a fháil ar leibhéal inniúlachta reatha na hearnála poiblí.

Tá 212,000 duine fostaithe sna comhlachtaí ar seoladh an suirbhé inniúlachta chucu ach níor fhreagair ach 16.6 faoin gcéad an ceistneoir. Mar sin féin, dúirt níos mó ná 23 faoin gcéad go mbeadh suim acu a bheith ag obair as Gaeilge ach breis oiliúna/tacaíochta a bheith ar fáil.

Ach mar léiriú ar an obair mhór atá le déanamh, thuairiscigh 59 (nó 74 faoin gcéad) de 81 comhlacht poiblí a d’fhreagair ceistneoir taighde, nár choinnigh a rannóga acmhainní daonna taifead ar inniúlacht Ghaeilge na bhfostaithe.

“Beidh a lán oibre le déanamh ag an Státchóras - sa chóras Sláinte, ag An Garda Síochána, sa Roinn Coimirce Sóisialaí - tá a lán oibre le déanamh,” a dúirt an tAire Byrne.

Luaitear Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go sonrach sa Phlean. Tá níos mó ná 160,000 duine fostaithe ansin i láthair na huaire. Ní Éireannaigh iad 14.2 faoin gcéad den fhoireann agus méadaíonn an céatadán sin go 36.4 faoin gcéad i gcás dochtúirí agus 22.5 faoin gcéad d’altraí.

Tá sciar suntasach den fhoireann sin ag obair i seirbhísí cúraim i gceantair Ghaeltachta nó in ospidéil a fhreastalaíonn ar phobail Ghaeltachta agus aithnítear sa phlean go gcruthaíonn sé seo dúshlán ar leith maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge sna suíomhanna seo.

Ar cheann de na mórphointí plé maidir le spriocanna an Achta le tamall anuas, bhí an sprioc go mbeadh fiche faoin gcéad d’earcaigh na státseirbhíse inniúil sa Ghaeilge. Fiosraíodh an earcaigh nua amháin a bheidh i gceist, nó an mbeidh fostaithe reatha na státseirbhíse san áireamh sa chéatadán sin freisin.

Mínítear sa Phlean “nach bhfuil an focal ‘nua’ luaite” sa reachtaíocht agus gur chinn an Coiste Comhairleach “go mbeadh siad siúd a earcófar ó lasmuigh AGUS laistigh de chomhlachtaí poiblí san áireamh sa chomhaireamh den 20 faoin gcéad sin.”

Céim ar chéim

Céard é an chéad chéim eile?

Dúirt an tAire Byrne go bhfuil tús curtha leis an obair ar an chéad phlean gníomhaithe agus go bhfuil súil aige go bhfoilseofar é ‘go luath’.

“Tá an obair seo ag tarlú go tapa. Tá deifir orainn. Is cúis phráinne dúinn é.

“Dúirt mé nuair a ceapadh mé go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht,” a dúirt sé.

“Tá sé seo chun cabhrú go mór leis an ngéarchéim sin [a chur ina ceart agus] go mbeidh daoine in ann maireachtáil trí Ghaeilge más mian leo.”

“Go bunúsach, tá muid ag caint faoin mBunreacht a chur i bhfeidhm. Tá a lán dul chun cinn déanta againn [SAN AE] ach níl sé sin déanta againn maidir leis an Stát.”

Athrú bunúsach agus ceannródaíoch don teanga sa státchóras atá geallta leis an bplean straitéiseach seo. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil an plean foirfe (cén plean faoin spéir atá?), ach in ainneoin sin, is cloch mhíle suntasach atá ann.

Le linn an phlé ar an Acht Teanga roinnt blianta ó shin, moladh breis is 300 leasú chun an reachtaíocht a neartú, idir mholtaí ón Rialtas agus ón fhreasúra.

Cé nár glacadh leo go léir, agus gur lagaíodh cuid eile acu sa phróiseas, bhí dul chun cinn éigin déanta: faoin am ar síníodh an tAcht ina dhlí i mí na Nollag 2021, bhí spriocanna sonracha ama curtha leis na gníomhartha a bhí le cur i gcrích.

Bhí ar an Aire comhaltaí an Choiste Comhairleach a ainmniú laistigh de 6 mhí tar éis na reachtaíochta a rith. Bhí ar an coiste an plean náisiúnta a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire laistigh de dhá bhliain. Ina dhiaidh sin, agus laistigh de thrí mhí eile, bhí ar an Aire an plean a chur faoi bhráid an Rialtais mar a tharla an tseachtain seo caite.

Faoi cheann ráithe eile arís, beidh ar an Aire dáta a ainmniú faoina mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre in oifigí Gaeltachta an Stáit. Is léiriú iad na spriocanna ama seo ar luach na reachtaíochta.

Ach tá spriocanna ama eile luaite sa reachtaíocht freisin. Laistigh de thrí mhí tar éis caighdeáin teanga a fhorordú, féadfaidh comhlachtaí poiblí iarratas a dhéanamh, i scríbhinn, chuig an Aire chun maolú a lorg.

Déantar an-chuid plé anseo agus sna meáin Gaeilge ar chur chuige an Stát maidir leis an teanga. Ó bhunú an Stáit go dtí 1974, bhí cumas sa Ghaeilge riachtanach d’earcaigh sa státseirbhís. Ach mar fhianaise ar mheath thiomantas an Stáit don Ghaeilge, cuireadh deireadh leis an riail sin mar chuid de chúlú an Rialtais ó athbheochan na teanga, rud a léirigh athrú mór agus tromchúiseach i bpolasaí teanga an Stáit. Gealladh ag an am go mbeadh táinrith i dtreo na Gaeilge i measc státseirbhíseach de bharr na n-athruithe ach is a mhalairt a tharla.

Tá athruithe móra tarlaithe ó shin. Baineadh stádas iomlán oifigiúil amach don teanga san Aontas Eorpach agus le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (2003 agus 2021) leagadh breis dualgas ar an státchóras.

Is ceart fáilte a chur roimh an bplean dar ndóigh agus gach rath a ghuí air ach ní féidir a bheith ag súil go n-eascróidh réiteach draíochta as sin nó as an reachtaíocht ach an oiread.

Is léir go bhfuil tuiscint ag an Aire Stát ar an ngéarchéim ach gan tacaíocht iomlán thras-rannach, agus ón Roinn Oideachais go háirithe, caol sheans go gcuirfear srian le creimeadh na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Neosfaidh an t-aimsir.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.