Déanfar Dónall Iain Trump a insealbhú inniu mar an dá fhicheadú is a seacht uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Sin inniu. Níl a fhios ag aon duine cad a dhéanfaidh sé amárach. Ná amanathar. Ná amainiris.
Tá na bagairtí déanta aige, ionas go bhfuil eagla ar na mílte d’imirceoirí Éireannacha mídhleathacha nó teifigh eacnamaíochta go ndíbreofar abhaile iad. É seo ar fad, gan trácht ar na Laidnigh aneas ina gcéadta de mhílte, a mbeadh na Stáit ina phraiseach á gceal.
Deireann an cogar inmheánach, áfach, gur dócha nach mbeidh sé chomh holc sin ar fad. Tar éis an tsaoil, bhí sé ann cheana, agus níor thóg sé an balla agus níor íoc Meicsiceo as an gcuid bheag de a déanadh, agus liosta le háireamh na geallúintí eile a thit i ndíchuimhne.
Dóchas breise a mheabhrú dúinn féin gur thángamar slán as Reagan (cé nár tháinig daoine eile) agus as Bush (cé nár tháinig tuilleadh fós) agus go bhfuil an saol fós ina shuí agus ina sheasamh.
Ireland’s 11 billionaires saw their wealth grow by a third to €50bn in 2024
‘There could be two cars, but the fridge is empty’: Hidden poverty in middle-class Ireland
‘The phone would ring and it would be Mike Scott from the Waterboys or Bono from U2. Everyone wanted to talk to my father’
The future you: 10 habits to acquire for long-term health and happiness
Ina choinne sin thall, b’fhéidir go dtiocfadh an droch-chrú ar an tairne mallaithe. Tá na ráitis a dhein sé mar gheall ar ghabháltas a dhéanamh ar an nGraonlainn dona go leor, ach cúis sceimhle is ea an tslí inar glacadh leo. Déarfá gur chuma le daoine. Déanadh guaillí a chroitheadh. Glacadh leis gur mar sin a bhí an saol. Déanadh talamh slán de, nach mór, go raibh ceart oidhreachta ag na Stáit Aontaithe ar bhall ar bith a leagann siad súil air.
Agus ansin, tá Panama. Ceart go leor, dhein Meiriceá ionsaí ar sin cheana d’fhonn smacht a chur orthu. Bhí in aghaidh pé dlí idirnáisiúnta a ceapadh a bhí ann san am, ach nach cuma? Má déanadh uair amháin é, cad ina thaobh nach ndéanfaí arís é? Gan trácht ar Cheanada...ach scaoilimis é sin tharainn go fóill.
Is é sin, d’fhocail ghearra, tá mar chuid de shoiléirsí an domhain abhus go bhfuil lánchead ag na Stáit Aontaithe a rogha rud a dhéanamh. Gurb impireacht iad nach leoimhtear cur ina coinne. Gur ag leathnú, ag craobhú, ag fairsingiú, ag fás atá siad ó leag na chéadlonnaitheoirí a dtroithe ar ghaineamh Shasana Nua an lá mí-ámharach úd fadó.
Bíodh a theist ar sin an oiread de bhunáiteanna míleata atá acu ar fud an domhain. Go hoifigiúil luaitear 800 éigin, ach deir foinsí eile go bhfuil i bhfad níos mó. Anois samhlaigh dá mbeadh a leath, nó a dtrian, nó a gceathrú, nó a ndeichiú cuid féin díobh sin ag tír ar bith eile, agus cúpla ceann go socair sa Mhuir Chairib, samhlaigh an fuilibiliú agus an hurlama giúrlama a bheadh ansin!
Is é a maítear ná gur mar chosaint atá siad acu thall thairis. Tá cuid againn críonna go leor gur cuimhin linn cogadh Vítneam inar dúradh dá mbeadh an lá ag na Vítneamaigh ansin go leathnófaí a ngalar sóisialta go dtí an Chambóid agus Laos, agus an Téalainn agus siar gan stad ionas go dtruailleofaí an domhan go léir dá dheasca.
Thuigfinn an dúil seo sa chosaint dá mbeadh eagla orthu roimh thír ar bith atá buailte suas leo mar bhagairt. Ar chúis éigin, ní shamhlaím an Ghraonlainn, ná Ceanada, ná Panama féin orthu sin.
Go deimhin deimhnitheach siúráilte is iad na Stáit Aontaithe an tír is sábháilte ó thaobh geograife di ar domhan fad a ritheann, seachas Tristan da Cunha, b’fhéidir. Tá dhá aigéan fhairsinge de gach leith soir is siar idir iad is Lochlannach nó barbarach nó gruagach ar bith. Is mó tír eile ar bhreá leo go mbeadh na mílte léig i bhfarraige eatarthu agus aon namhaid fhíor nó samhailteach. Cá bhfios? B’fhéidir go gcuirfeadh Trumpa a Dó neamhiontas orainn fós.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis