An chluas chontráilte

Bhí scoileanna riamh mar sin, léamh samhlaithe á dhéanamh acu ar leagan amach daltaí nó cad a bhí acu á chaitheamh.

De ghnáth ní thugaim aon aird ar thuairiscí cúirte sna nuachtáin. Tar éis dom na litreacha a léamh, an spórt a ghrinneadh, spléachadh a thabhairt ar na leathanaigh idirnáisiúnta agus éirí as mo chloigeann a bhuaireamh le bladar díomhaoin na polaitíochta baile tharlódh go dtitfeadh mo shúil ar rud ar bith.

Ráinig, lá tamall roimh Nollaig, go bhfaca tuairisc go raibh aighneas dlí éigin idir dalta agus scoil a raibh sé ag freastal air. B’é an chaingean a bhí eatarthu gur ghearáin an scoil go raibh poll aige ina chluas, is é sin, seachas na poill a bhí ann ó dhúchas. Is cosúil go mbeadh cead dhá pholl cluaise a bheith agat, ach ceann amháin, bhí sin iomarcach.

B’í riail na scoile ná gur cailíní amháin a chaith fáinní cluaise de ghnáth. Dá réir sin, mura mbeadh ach stoda nó fáinne amháin á chaitheamh ag buachaill gur comhartha rogha inscne a bheadh ann. Sa chás is go mbeadh an fáinne ar an gcluais chlé gur léirigh sé gur leaid heitrighnéasach a bhí ann; ach ba chomhartha fáinne na cluaise deise go raibh sé aerach. Ba ghaoismhear an té a léifeadh go mion ar an bhfochultúr áirithe sin.

Gan amhras, is féidir go mbeadh athrú ar chleachtas ar bith an mhí seo chugainn. De réir mar a bhíonn an chomharthaíocht ag athrú ní fios cén chiall a bhainfear as fainne sróine sa pholláire ar dheis, nó sleabhac ar chaipín i dtreo an iarthuaiscirt, nó tochas neamhurchóideach sa cholpa thíos.

READ MORE

Bhí scoileanna riamh mar sin, léamh samhlaithe á dhéanamh acu ar leagan amach daltaí nó cad a bhí acu á chaitheamh. Lem linnse bhí amhras ar ghruaig fhada siar go dtí na slinneáin. Amhras ar na Beatles ba mhó faoi dear sin, ach ceol clasaiceach a gceol siúd anois.

Nuair a thug Bráthair amháin faoi stócach áirithe nach bhfaca deimheas le bliain teilgeadh mar fhreagra go pras chuige go raibh folt fada ar Íosa, leis. Mar thaca, thaispeáin sé pictiúr ar an bhfalla de na haspail go léir a bhí amhlaidh don Bhráthair. Dúradh leis gan a bheith smeartáilte agus cuireadh ar fionraí é. Ní raibh ann ach gur cara le Rory Gallagher a bhí ann, agus ba mhinic an bheirt acu a fheiscint le chéile ar shráid nó ar shráid eile sa chathair.

Níl aon chosc mar sin chomh holc leis an scoil a chuir bac ar na milseáin chasachta, mar dúradh gur druga a bhí iontu. Nó an áit nár cheadaigh seaicéid leathair sa scoil toisc gur chomhartha ‘geaing’ é. Nó léinte ag freagairt dá chéile ar an gcúis chéanna.

Dhealródh gurb áit í an scoil inar féidir na rialacha is breallánta a chur i bhfeidhm. Bhí tráth ann nuair a bhí cosc ar chailíní bróga snasta a chaitheamh; ach ní foláir duit do chuid samhlaíochta a chaitheamh leis an gceann sin. Ach cad déarfá leis an scoil a chuir toirmeasc ar chuaráin gan stocaí ar eagla go bhfeicfí ladhracha na gcos? Nó nár cheadaigh daltaí ag breith barróige ar a chéile mura bhfaighfí cead scríte ó na tuismitheoirí ar an dá thaobh?

Deirtear sa Nua-Thiomna go bhfuil áireamh ar ribí gruaige do chinn (rud nach bhfuil chomh deacair i gcásanna áirithe) ach tá reiligiúin ann a dhéanann an gnó níos casta do Dhia. Is mó sin creideamh go bhfuil rialacha dochta acu maidir le bearradh gruaige, le fad féasóige, le leithead croiméil, le toim chluaise, le fásra cléibh, le mothall ascaille, le hurlaí sróine nó le moing ar más.

Ba dhóigh leat go mbeadh dóthain le déanamh ag Dia agus ag bainisteoirí scoile (nach ionann i gcónaí iad) seachas ribí gan tábhacht gan dealramh a chur i gcluasa an tsaoil.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar