“Tá muid tinn tuirseach de bheith lasmuigh den Dáil.” Sin a dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge le Tuarascáil, i mí an Mheithimh na bliana seo caite agus í rannpháirteach in agóid taobh amuigh de Theach Laighean.
I dtaobh éileamh cúig ghaelscoil ar son Gaelcholáiste i scoilcheantar Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 a bhí sí ag caint.
Bhronn páistí scoile tuairisc dheireadh na bliana ar an Rialtas an lá sin, agus thug siad an marc ‘F’ dóibh maidir leis an gcaoi ar caitheadh leis an éileamh. Freastalaíonn na páistí ar scoileanna i gceantar ina bhfuil níos mó ná 40 meánscoil Bhéarla ag feidhmiú ach gan aon soláthar meánscoile Gaeilge ann.
Go mí-ámharach, is ar ais os comhair thithe an Oireachtais a bheidh siad arís ar an gCéadaoin.
‘It was the worst house in Dublin 4’: Turning a derelict redbrick into a home
Stoneybatter: Suspect has no known links to victims, who remain in hospital with serious injuries
The baffling working from home puzzle. Something doesn’t make sense
I’ve worked in 60 countries – here is what people have said to me about Ireland
I mí Mheán Fómhair, chuir Aire Oideachais an Rialtais, Norma Foley, fáilte roimh fhógra Iontaobhas Scoileanna Edmund Rice (ERST) go ndéanfar CBS Synge Street a aistriú ó iar-bhunscoil Bhéarla aonghnéis go Gaelcholáiste comhoideachais lán-Ghaeilge.
Dúradh go dtosóidh an t-aistriú leo siúd a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain in 2026.
Ó shin i leith, tá tuismitheoirí ag éileamh ar an Aire Oideachais an mheitheal oibre, a fógraíodh mar chuid de bhunú an Ghaelcholáiste, a chur ar bun.
Ach cúig mhí ina dhiaidh sin, níl aon fhianaise go bhfuil a leithéid déanta fós.
Tá baol ann anois nach n-osclófar an Gaelcholáiste in am do mhí Mheán Fómhair 2026 agus go séanfar oideachas dara leibhéal trí mheán na Gaeilge ar sciar eile scoláirí de bharr easpa gnímh an Rialtais.
Tá an feachtas BÁC 2, 4, 6 agus 8 ag éileamh ar an Aire nua Oideachais, Helen McEntee, amlíne do bhunú an Ghaelcholáiste faoin spriocdháta de Mheán Fómhair 2026, “mar a fógraíodh cheana”, a fhoilsiú.
Tá ainm an Aire athraithe, ach an athróidh meon na Roinne i leith na Gaelscolaíochta?
“Beidh le feiceáil,” mar a dúirt feachtasóir amháin le Tuarascáil.
Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis