Gradaim Nós 2025

Ceiliúradh ar cheol na hÉireann atá i nGradaim Nós.ie

Múlú ón ngrúpa traidphop/traidtrónaic Béal Feirsteach Huartan.
Múlú ón ngrúpa traidphop/traidtrónaic Béal Feirsteach Huartan.

Tá séasúr gradam idirnáisiúnta na n-ealaíon faoi lán seoil an ráithe seo. Ach sa bhaile, seachtain ón Aoine bheag seo, beidh aird phobal na nGael dírithe ar Bhéal Feirste, áit a reáchtálfar Gradaim Nós 2025.

Ainmneofar buaiteoirí i naoi gcatagóir san iomlán ar oíche na hócáide, an 21 Feabhra.

Beidh cuid mhaith de na ceoltóirí atá ainmnithe ag casadh ceoil ar an oíche.

Ní eol dúinn an mbeidh rapálaithe Bhéal Feirste Kneecap, a bhfuil ocht n-ainmniúcháin acu i mbliana, i láthair ar an Aoine ach deis iontach a bhéas ann don phobal tallann nua agus plúr na ceirde a fheiceáil.

READ MORE

“Déanann muid ceiliúradh ar cheoltóirí aonair agus grúpaí a chumann agus a sheinneann ceol as Gaeilge i rith na bliana ach is deis í seo oíche chaidrimh a reáchtáil, pobal cheol na Gaeilge a thabhairt le chéile agus craic iontach a bheith againn,” a dúirt Conor Torbóid, eagarthóir Nós.

I measc na n-ealaíontóirí ar ghearrliosta na ngradam, tá leithéidí Altan, Amano + Kalabanx, An Chéad Ghlúin Eile, CAOIMHÍN, Clare Sands, Deoraí, Huartan, IMLÉ, John Spillane, Lullahush, Macdara Ó Faoláin, Piaras Ó Lorcáin, RÓIS, SÉIMÍ agus Súil Amháin.

Dhá chatagóir nua atá san áireamh i mbliana, Ceoltóir Aonair na Bliana agus Amhrán Dátheangach na Bliana.

Táille £16 atá ar an oíche. Breis eolais: https://nos.ie/gradaim-nos-2025/

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.