‘Níl dóthain airgid againn chun an bille árachais a íoc’

Cé go gcuireann an Stát airgead ghearrthéarmach ar fáil do chuid de na ceanneagraíochtaí, is leis an gcroímhaoiniú a luíonn an fhadhb.

Bhailigh slua glórach os comhair gheataí Theach Laighean an tseachtain seo caite. Grianghraf: Bryan O’Brien/The Irish Times
Bhailigh slua glórach os comhair gheataí Theach Laighean an tseachtain seo caite. Grianghraf: Bryan O’Brien/The Irish Times

FOCLÓIR: Dóthain - enough; múnla briste - broken model; solúbthacht - flexibility; dlinse - jurisdiction; trasteorann - crossborder; creat - framework; breis airgid - additional money; ciorruithe - cuts; maoiniú - funding; buaine- permanence.

‘Níl dóthain airgid againn chun an bille árachais a íoc’. Is cur síos gonta é sin ar an ngéarchéim atá ag bagairt ar na ceanneagraíochtaí Ghaeilge de bharr “múnla briste” maoinithe trasteorann a chuireann srian ar fhás agus ar fhorbairt na Gaeilge.

Bhailigh slua glórach os comhair gheataí Thithe an Oireachtais an tseachtain seo caite chun idirghabháil ghéarchéime a éileamh ón rialtas agus aird a dhíriú ar chruachás airgeadais na hearnála agus ar an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht.

Ba é an dara lá as a chéile a reáchtáladh agóid ar an ábhar céanna.

READ MORE

Ar an Mháirt, bhailigh slua ar chéimeanna thionól an Tuaiscirt chun brú a chur ar an DUP glacadh le leasú a cheadódh solúbthacht sa mhúnla a sholáthraíonn croímhaoiniú do na heagrais Ghaeilge.

Is é an múnla sin a rialaíonn Foras na Gaeilge, an eagraíocht a sholáthraíonn croímhaoiniú do shé cheanneagraíocht Gaeilge atá freagrach as cuspóirí náisiúnta na teanga a chur chun cinn.

Is éard atá i gceist le croímhaoiniú ná airgead a úsáidtear chun costais laethúla na n-eagraíochtaí a íoc. Sampla de na costais sin is ea tuarastail foirne, cíos agus costais foirgneamh, billí reatha agus costais oibriúcháin eile.

Ar na sé cheanneagraíocht a bhraitheann ar an bhForas don mhaoiniú seo, tá Gaeloideachas, Gael Linn, Glór na nGael, an tOireachtas, Conradh na Gaeilge agus Cumann na bhFiann.

Cuireann an Rialtas 75 faoin gcéad den mhaoiniú ar fáil don Fhoras agus is ón fheidhmeannas ó thuaidh a thagann an chuid eile.

Ní féidir le ceachtar den dá dhlínse athrú a dhéanamh gan an chomhréir 75:25 a choinneáil.

Tuairiscíodh ar na mallaibh gur dhiúltaigh an DUP an cheist a chur ar chlár an Fheidhmeannais 7 n-uaire ó Dheireadh Fómhair 2024. Grianghraf: Bryan O’Brien / The Irish Times
Tuairiscíodh ar na mallaibh gur dhiúltaigh an DUP an cheist a chur ar chlár an Fheidhmeannais 7 n-uaire ó Dheireadh Fómhair 2024. Grianghraf: Bryan O’Brien / The Irish Times

Ach de bharr géarchéimeanna polaitiúla an Tuaiscirt, boilsciú, ciorraithe sa bhuiséid ó dheas, agus diúltú an DUP an socrú trasteorann a leasú, níor tháinig méadú ar chroímhaoiniú na gceanneagraíochtaí le fada. Chun teacht thart ar an bhfadhb, d’fhorbair ranna airgeadais an dá dhlinse creat nua a cheadóidh solúbthacht sa chur chuige maoinithe.

Pléadh an moladh ag cruinniú trasteorann den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas i nDeireadh Fómhair na bliana seo caite, ach níl an DUP sásta glacadh leis. Dúirt Leas-Chéad-Aire an Fheidhmeannais ó thuaidh, Emma Little-Pengelly nach dtacaíonn sí leis an moladh a cheadódh don rialtas ó dheas breis airgid a íoc – fiú mura mbeadh ar an tuaisceart an fhreagracht 25 faoin gcéad a chomhlíonadh.

Tuairiscíodh ar na mallaibh gur dhiúltaigh an DUP an cheist a chur ar chlár an Fheidhmeannais 7 n-uaire ó Dheireadh Fómhair 2024.

Tá sé ina sprioc phráinneach ag na feachtasóirí go dtiocfar ar réiteach go tapaidh. “Is gá go mbeidh comhaontú ann idir rialtais thuaidh agus theas chun struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge a leasú,” a dúirt Conradh na Gaeilge le linn na seachtaine.

Ardú costais

Ba iad na ciorruithe tromchúiseacha, arbh fhiú €820,000 iad, ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge do na ceanneagraíochtaí a spreag na hagóidí le deireanas, ach is fíor le rá go bhfuil an earnáil ina iomláine ag fulaingt faoin múnla seo le blianta fada.

Tá Foras na Gaeilge féin sa chruachás céanna leis na ceanneagraíochtaí - de bharr boilscithe agus ganntanas infheistíochta, ní féidir leis feidhmiú i gceart.

Tá ar an Stát airgead breise a sholáthar dóibh go díreach leis na ceanneagraíochtaí, ach caithfear é sin a úsáid do thionscadail shonracha amháin. Léiríonn an cur chuige seo teip an bhunmhúnla.

I measc na dtionscadal a mhaoiníonn an Stát go díreach, tá leithéidí Clár na Leabhar Gaeilge, forbairt foclóirí nua de chuid an Fhorais, Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnchadha agus Gradam Gnó na Gaeilge.

Gan an croímhaoiniú cuí, ní féidir le heagraíochtaí pleanáil straitéiseach a dhéanamh, bíonn siad ag brath ar dheontais ghearrthéarmacha agus bíonn sé deacair orthu ansin pleanáil chun cinn nó tionscadail fhadtéarmacha a fhorbairt.

“Mar a d’fhogair Roinn na Gaeltachta le gairid, tá airgead sa bhreis faighte againn le bliain nó dhó anuas,” a dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, príomhfheidhmeannach Ghaeloideachas.

“Ach, is maoiniú tionscadail é sin ar fad. Ní mhaireann sé ach ó bhliain go bliain.

“Níl aon bhuaine ag baint leis agus tá baol ann don phleanáil straitéiseach mura bhfuil cinnteacht ann.”

Cé go gcuireann an Stát airgead ghearrthéarmach ar fáil do chuid de na ceanneagraíochtaí ó am go ham, is leis an gcroímhaoiniú a luíonn cuid mhór den fhadhb. Is léir go bhfuil na ceisteanna seo ag cur srian ar fhás agus ar fhorbairt a gcuid oibre. Téann sé rite leis na ceanneagraíochtaí pleanáil straitéiseach de chineál ar bith a dhéanamh nuair nach bhfuil cinnteacht ann ó thaobh an mhaoiniú de agus tá imeachtaí á ngearradh siar nó á ngearradh amach ar fad acu.

Rinne Tuarascáil teagmháil leis na ceanneagraíochtaí ar fad don alt seo agus díobh siúd a d’fhreagair (bhí ceann nár fhreagair), bhí na ceisteanna céanna ag goilliúint ar a bhformhór.

“An gnó atá ag Glór na nGael ná bheith ag comhairleoireacht agus ag tabhairt cúnamh do choistí pobail, ag tabhairt cúnamh do ghrúpaí tuismitheoirí leanaí, ag tabhairt cúnamh do chumainn CLG - ach níl aon airgead sa bhuiséad taistil,”a dúirt Lorcán Mac Gabhann, príomhfheidhmeannach Ghlór na nGael.

“Cé go bhfuil suas le daichead duine fostaithe, níl dóthain airgid againn chun an bille árachais a íoc - níl dóthain airgid le daoine a chur ar an mbóthar, níl dóthain airgid le haon mhargaíocht a dhéanamh,” a dúirt sé.

Dúirt Julian de Spáinn, ard rúnaí Chonradh na Gaeilge, go bhfuil “impleachtaí móra” ag na ciorruithe agus nach bhfuil aon airgead ann le caitheamh ar Sheachtain na Gaeilge 2026, ná ar go leor imeachtaí eile.

“Tá an pleanáil straitéiseach ag éirí níos dúshlánaí i gcónaí,” a dúirt sé.

Dúirt Réamonn Ó Ciaráin, príomhfheidhmeannach Ghael Linn, go bhfuil an staid dúshlánach. “Tá gach lárchostas ag dul in airde againn agus tá an maoiniú Stáit ag dul sa treo eile, an treo contráilte. Déanfaidh Gael Linn ár ndícheall an baol don chlár oibre a mhaolú ach bhí muid ag streachailt sular fógraíodh na ciorruithe.

“Tá sé sin curtha in iúl arís agus arís eile agus éisteacht mhaith faighte. Tuigeann Foras na Gaeilge. Níl an locht orthu. Tá an bac taobh amuigh dá dtionchar. Fadhb don náisiún í.”

Níor tháinig aon mhéadú ar mhaoiniú na gCeanneagraíochtaí in aineoinn go raibh an ráta boilscithe ag méadú i gcónaí, a dúirt ceannasaí eile le Tuarascáil.

“Má leanann rudaí mar atá, is ar éígin go mbeidh aon airgead [fágtha] taobh amuigh den tuarastal,” a dúradh.

Tá moladh amháin déanta ag Conradh na Gaeilge go mbogfaí na ceanneagraíochtaí isteach faoi Roinn na Gaeltachta chun an croímhaoiniú a chinntiú bliain i ndiaidh bliana, rud a thabharfadh saoirse don bhForas díriú ar chúrsaí eile.

Pé leigheas a bheidh ar an ngéarchéim, tá geall le naoi seachtaine imithe anois ó d’fhógair an Foras na ciorruithe agus níl tuairisc ar bith ar réiteach.

“Tá an plé ag dul ar aghaidh idir na páirtithe leasmhara ach níl aon toradh le tuairisciú fós,” a dúirt Roinn na Gaeltachta i ráiteas ar an Aoine.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.