An caidreamh siombóiseach idir crainn agus daoine

Is gné fhíor álainn dár dtimpeallacht nádúrtha na crainn atá ar gach taobh dínn

Foclóir: Siombóiseach - symbiotic; artairí broinceacha - bronchial arteries; sinsir crannacha - arboreal ancestors; ina gcaise - gushing; spior spear a dhéanamh - dispel; faighneog - pod; folach bíog - hide and seek; faighneog - a pod; cothaithigh - nutrients.

Le bliain anuas bhí an saol mór is a bhean amuigh faoin aer ag baint taitnimh agus tairbhe as a bheith ag siúl sna páirceanna, sna coillte agus cois aibhneacha i gcaitheamh na paindéime. Seans nár fhéach an chuid is mó de na coisithe sin an dara huair ar iontaisí an dúlra riamh roimhe sin! Go deimhin le cois phléisiúr Dé a bhí le fáil sa dúlra, rinne na siúlóidí amuigh faoin aer an-mhaitheas do mheabhairshláinte na gcoisithe chomh maith.

Tá planda tábhachtach amháin, áfach, gur deacair do na coisithe gan é a thabhairt faoi deara le linn a gcuid siúlóidí. Is é sin an crann - rí na bplandaí agus an planda is mó ar domhan. Is gné fhíor álainn dár dtimpeallacht nádúrtha na crainn atá ar gach taobh dínn. Bíonn áilleacht, mistéir agus maorgacht ag baint leo ó cheann ceann na bliana - na chéad bhachlóga glasa san earrach; an duilliúr taibhseach sa samhradh; na duilleoga ildaite dochreidte san fhómhar agus na géaga loma dramatúla amhail x-ghathú artairí broinceacha an duine in aghaidh spéir an gheimhridh. Tarraingíonn siad ár n-aird chucu nuair a bhímid lasmuigh agus is sainchomharthaí so-aitheanta iad a chuidíonn linn ár mbealach a dhéanamh.

Ar feadh an chéad nócha faoin gcéad de stair na cruinne ní raibh crann ar bith ann. Tá an domhan 4.5 billiún bliain d’aois agus thart ar 300 milliún bliain ó shin tháinig crainn ar an bhfód den chéad uair agus ba chor cinniúnach é sin i saol an chine dhaonna mar chruthaigh siad timpeallacht bhríomhar d’ainmhithe talún. Chothaigh agus bheathaigh siad na hainmhithe allta gan áireamh lena n-áirítear ár sinsir chrannacha - na simpeansaithe - agus cuireadh áit chónaithe ar fáil dóibh uile.

READ MORE

Tá caidreamh siombóiseach idir crainn agus daoine mar gineann daoine an dé-ocsaíd charbóin a análaíonn crainn agus gineann na crainn ocsaigin a bhíonn de dhíth ar dhaoine. Tá an-dealramh ag crainn linne maidir le gnéithe fisiciúla freisin. Déanta d’uisce, cuid mhór, atáimid araon. Seasaimid araon díreach agus eascraíonn géaga ó chabhail lárnach uainn. Díreach cosúil linn féin is crann ar leith é gach crann. Cuirimid araon fréamhacha doimhne láidre síos a mhaireann na céadta nó na mílte bliain. Nascann crainn sinn len ár n-áiteanna dúchais. Agus mar an gcéanna linne, de réir saineolaithe labhraíonn crainn lena chéile trí naisc ghréasáin d’fhungais a fhásann timpeall ar na fréamhacha. Arbh é seo an chéad ghréasán cumarsáide - an ‘ wood wide web’ - a bhí ann leis na cianta cairbreacha.

Bhí crainn inár gclós súgartha agus sinn ag fás aníos. D’fhoghlaimíomar conas dreapadh agus luascadh ó chraobh go craobh orthu le linn ár n-óige; rinneamar folach bíog ar a chéile i measc na gcrann. Ní dhéanfainn dearmad ar an oíche a thit mé de chrann anuas ar chlaibín oscailte canna a ghoin mo ghlúin. Tá a lorg ann fós mar níor chuireadh greim ar bith ann ag an am.

Tá an t-ádh dearg orm mar is féidir liom siúl trí choill, cois abhann agus thar pháirceanna fairsinge sa tsiúlóid chéanna i bhfad ar shiúl ó ghlór thrácht na mbóithre. Mar bharr maise ar an scéal tá cora trasna na habhann ar an mbealach agus is ann a stopaim ar feadh tamaill bhig faoi scáth na gcrann, mé ag breathnú ar an radharc draíochtúil agus ag éisteacht le glór suaimhneasach an uisce ag titim le fána. Bím ar strae i mo chuid brionglóidí ann agus samhlaím mé féin i mo luí lomnocht in aghaidh na cora agus an t-uisce ag teacht ina gcaisí anuas orm ag glanadh mo bhaill bheatha ó bhaithis go bonn. Déanann an t-uisce sioctha spior spear de mo bhuairt agus glantar ar siúl í sa sruthán mear. Mothaím in amanna go bhfuil mé gafa sa chlapsholas idir saol na Págántachta agus saol na Críostaíochta.

D’éirigh mé an-cheannúil go deo ar na crainn uile a bhíonn timpeall orm ar an mbealach. Ach is é mo rogha ceann ná crann darach. Ní chliseann orm beannú do mo ‘chol ceathair’ i nádúr gach lá. Agus cogar: Labhraím leis! Sea, ní thógfainn oraibh é dá gceapfadh sibh go raibh mé le craobhacha. Bíonn faitíos orm go mbeadh siúlóir eile ag cúléisteacht le mo chomhrá agus go sceithfeadh sé orm leis na húdaráis agus go dtiocfadh lucht na gcótaí bána chun mé a thionlacan chuig aonad daingean éigin. Ach is cuma liom sa sioc mar go gcuireann mo chomhrá aontaobhach ar mo shuaimhneas mé.

Ní mise an t-aon duine amháin a bhraitheann an mhaitheas nádúrtha seo mar de réir taighde déanann crainn leas don tsláinte. Laistigh de chúpla nóiméad don duine a bheith timpeallaithe ag crainn agus spás glas titeann a bhrú fola, moillíonn ráta a chroí agus íslíonn leibhéal a struis. In Éirinn fadó, ar na saolta págánacha bhí crainn fíorthábhachtach ar chúiseanna spioradálta chomh maith. I go leor reiligiún chreidtí go traidisiúnta go raibh spioraid na sinsear ina gcónaí sna crainn. Sa tSeapáin, cleachtann daoine gníomhaíocht ar a dtugtar ‘shinrin-yoku’ a chiallaíonn ‘folcadh san fhoraois’. Caitheann siad tréimhsí ama amuigh faoi cheannbhrat na gcrann ag sú isteach an atmaisféir trí na céadfaí.

Sa lá atá inniu ann is féidir luaithreach duine a chur i bhfaighneog chrainn in Éirinn. Soláthraíonn luaithreach an duine na cothaithigh riachtanacha atá de dhíth ar chrann óg a chuirtear os a chionn. Tá adhlacadh den chineál seo níos saoire agus níos neamhdhíobhálaí don timpeallacht ná an t-adhlacadh traidisiúnta. Nár dheas an smaoineamh é, fiú más aisteach agus beagáinín scanrúil é, dá bhfásfadh crann darach san áit inar cuireadh mo luaithreach i bhfaighneog.

D’fhéadfadh mo pháistí, mo gharpháistí agus na glúnta a thiocfadh ina ndiaidh a scíth a ligean, leabhar a léamh nó picnic a ithe faoi scáth an chrainn s’agamsa. Nach ar scáth a chéile a mhaireann na daoine - tar éis an tsaoil.