Draíocht an Oide

Ní hé sealbhú an churaclaim an rud is mó a fhágann a lorg ar an dalta

Is é cúram an mhúinteora an curaclam a thugtar dó a theagasc chomh maith agus is féidir léi nó leis. Chuige sin an tuarastal. Is é sin an gnó gairmiúil. Go deimhin, is beag gairm is éirithí ná an mhúinteoireacht má dhéanaimid í a mheas suas is anuas leis an gcuspóir atá leagtha síos di.

Abraimis sa bhunscoil, is é gnó oifigiúil an oide, ar a bheag, léamh agus scríobh agus áireamh a theagasc go héifeachtach. Cé déarfadh nach thar barr amach a chuirtear sin i gcrích?

Ach ní hé sealbhú an churaclaim an rud is mó a fhágann a lorg ar an dalta. Is é an múinteoir féin a dhéanann é sin, agus na céadta gan áireamh d’imeachtaí a eagraíonn, na mílte cineáltas bliantúil, na milliúin nath gaoismhear a thagann óna bhéal. Más é an múinteoir file na foghlama, is é saoi gach spreagtha é chomh maith.

Músclaíodh na smaointe seo ionam arís - cé nach mbíonn siad riamh ródhomhain faoin screamh - nuair a d’airigh mé mar gheall ar bheirt laoch a fuair bás le déanaí a thuill cáil amach dóibh féin ar ghoirt eile ar fad, ach gurbh í an mhúinteoireacht a ngairm bheatha.

READ MORE

B’iad sin, Éamonn Ryan agus Jerry Kiernan.

Beidh aithne ag an saol mór orthu mar ghaiscígh spóirt ina gcáiliochtaí féin agus mar oiliúnaithe den réim is airde ina dhiaidh sin.

Is é an gaisce is mó a luaitear le hÉamonn ná gurbh eisean a bhí mar bhainisteoir ar fhoireann Chorcaí nuair a bhuaigh siad 11 Chraobh Shinsir Pheil na mBan i gcaitheamh 12 bhliain idir 2005 agus 2016. Samhlaigh leat sa chás is nár shleamhnaigh siad go timpistiúil in aghaidh Thír Eoghain sa bhliain 2010 go bhféadfadh dosaen craobh as a chéile a bheith acu! Ní bheadh a bhualadh sin ann a choíche ná go deo.

Pé draíocht a bhí aige - agus bhí - d’imir sé í ar gach foireann a raibh lámh aige ann, ba chuma ar fhoireann scoile, pharóiste, ollscoile, chlub nó chontae a bhí i gceist, agus bhí sé dlúthcheangailte leo go léir.

Cuimhnítear ar Jerry Kiernan de bharr a ghlóir-réime mar lúthchleasaí, go háirithe mar reathaí fadraoin. Ach nuair a rug an aois ar a chosa lúfara agus ar a scamhóga spreacúla chaith sé an dúthracht chéanna i mbun comhairle agus treorach do lúthchleasaithe óga. Ba choscrach agus ba bhriste-chroíach an tslí inar labhair an sár-reathaí Ciara Nic Gaoithín ar an raidió faoin gcomaoin a chuir sé uirthi féin.

Is é nasc atá eatarthu dís, áfach, ná gur mhúinteoirí bunscoile ba ea an bheirt agus de réir gach tuairisce chuir siad an díocas agus an fuinneamh agus an dua céanna isteach ina gcuid teagaisc agus a chuir siad sa tsaol poiblí a thuill cáil dóibh. Níor chaill Jerry Kiernan lá ar scoil ar feadh 30 bliain, ar léiriú follasach é ar a dhíograis, agus thugadh sé ceachtanna príobháideacha dá chuid iardhaltaí nuair a bhí a leithéid a dhíth agus iad sa mheánscoil. Ní iarradh sé pingin mhaol ná cianóg rua ar na ceachtanna seo.

Seachas cúraimí tar éis na scoile, ba bhreá le hÉamonn Ryan na daltaí a fheiscint amuigh ag imirt caide am lóin. B’ardú meanman dó nuair a thagadh siad isteach smeartha le puiteach agus loinneartha le láib. Ba chomhartha é gur dhein siad a gcroí dícheall, agus b’in an t-aon rud a bhí uaidh.

Ní féidir gan talamh slán a dhéanamh de go raibh baint an-mhór ag a n-ealaín beirt sa mhúinteoireacht agus mar ar éirigh leo ag tabhairt inspioráide do dhaoine eile. Mar is ionann, ar deireadh, tréithe draíochtúla an oide agus slite spreagúla an oiliúnaí spóirt - tuiscint, creideamh, misniú, díocas, samhlaíocht, bá, comhairle, gean agus dua.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar