Fáilte curtha roimh leasuithe ar bhille nua ard-oideachais

Conradh na Gaeilge: Soláthar ‘i bhfad Éireann níos mó’ don Ghaeilge sa reachtaíocht nua anois

FOCLÓIR: Cinneadh - decision; leasuithe - amendments; reachtaíocht - legislation; aitheantas - recognition; comhfhreagras - correspondence; soláthar - provision.

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh chinneadh an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris glacadh le leasuithe ar reachtaíocht nua ard-oideachais atá os comhair na Dála faoi láthair.

Dúirt ard rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go bhfuil dul chun cinn maith déanta ach go bhfuil “obair fós le déanamh” chun aitheantas cuí a thabhairt don Ghaeilge i mBille an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022.

I gcomhfhreagras idir é agus Conradh na Gaeilge dúirt an tAire Harris go raibh sé tar éis anailís a dhéanamh ar mholtaí an Conartha agus go raibh “áthas” air go mbeadh sé in ann glacadh le cuid de na leasuithe sin.

READ MORE

“Tá deimhniú faighte anois ag Conradh na Gaeilge i scríbhinn ón Aire Simon Harris go mbeidh sé ag glacadh le cuid mhaith de na moltaí a chuir Conradh na Gaeilge chuige le Bille an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022 a láidriú ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de,” a dúirt de Spáinn.

“Cinnteoidh na leasuithe molta atá le bheith sa Bhille anois go mbeidh stádas agus dualgais ag éirí as an mBille i bhfad níos forleithne agus níos cuimsithí san ardoideachas.”

“Beidh an soláthar don Ghaeilge i bhfad Éireann níos mó sa reachtaíocht seo ná an soláthar a bhí ann san Acht an Údaráis um Ard-Oideachas 1971 roimhe seo,” a dúirt sé.

“Mar an gcéanna le haon reachtaíocht eile, beidh orainn a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm i gceart é ó thaobh na Gaeilge de,” a dúirt ard rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Mar sin féin, dúirt sé go bhfuil “bunús maith” ann mar thús agus d’fhéadfaí tógáil air.

“Táimid an-sásta go bhfuil an tAire ag gníomhú ar ár moltaí agus táimid buíoch de na polaiteoirí eile a chuir na leasuithe chun cinn roimhe seo dúinn,” a dúirt de Spáinn.

Ar na leasuithe is tábhachtaí ar glacadh leo tá leasú a déarfaidh go sonrach go mbeidh an Ghaeilge aitheanta i gcuspóirí an Údaráis agus ní mar fhochuid de chúrsaí cultúrtha mar atá sa Bhille faoi láthair.

Tá sé i gceist go gcuirfear an Ghaeilge san áireamh freisin sa phleanáil do sholáthar oideachais ar fud na hearnála breisoideachais, oiliúna agus ardoideachais.

Conspóid

Tharraing an Bille seo conspóid anuraidh nuair a foilsíodh ceannteidil gan tagairt ar bith ann don Ghaeilge. Agus, nuair a foilsíodh an Bille féin i mí Eanáir, is i gcomhthéacs ginearálta “Cultúr” amháin ar luadh cur chun cinn na Gaeilge.

Le linn díospóireachta ar an mBille ag an am, dúirt Teachta Dála an Chomhaontais Ghlais Marc Ó Cathasaigh: “ní leor é nach luaitear ach uair amháin í, agus sin sna cuspóirí idir lúibíní in aice an tagairt do Chultúr.

Dúirt sé gur chóir go mbeadh an Ghaeilge san áireamh le gach tagairt do riachtanais tríd an mBille ar fad. “Níl aon aidhm sa Bhille mar a sheasann sé faoi láthair maidir leis an nGaeilge.”

Ó thús na bliana seo tá stádas iomlán oibre ag an Ghaeilge san Aontas Eorpach. Chomh maith leis sin beartaíodh tamall ó shin, faoin mbliain 2030, go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaigh na státseirbhíse in ann a gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge.

Beidh gá amach anseo le soláthar maith céimithe chun na poist a eascróidh as na hathruithe seo a líonadh.

Léiriú é an méid a tharla go bhfuil ghéarghá le héiteas dátheangach a thógáil ón mbun arís i gcóras riaracháin an Stáit.

Suirbhé

Ní mórán suirbhéanna údarásacha atá á ndéanamh ag eagrais stáit ar chúrsaí teanga ón uair ar glacadh an cinneadh tubaisteach deireadh a chur le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann in 2004.

Cinneadh é sin a chuir deireadh le cumas shochtheangeolaíochta an Stáit agus is boichte sinn dá uireasa. Bheadh sé deacair an tábhacht atá le taighde a mhíniú ach, cuma cén togra a bhíonn i gceist, bíonn bonn eolaíoch de dhíth go hiondúil má táthar chun torthaí dearfacha a bhaint amach.

Níltear ag rá nach ndéanann eagrais eile taighde luachmhar freisin. Féach, mar shampla, an taighde atá le léamh ar shuíomh idirlín Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir le dearcadh an phobail ar an teanga.

Den 893 duine a ghlac páirt, bhí 5 faoin gcéad a dúirt go raibh siad líofa sa Ghaeilge agus bhí 78 faoin gcéad a dúirt go raibh Gaeilge éigin acu. Dúirt 24 faoin gcéad go raibh cumas maith nó an-mhaith acu sa léamhthuiscint agus léitheoireacht acu.

Dúirt 8 faoin gcéad díobh siúd a raibh Gaeilge acu go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil. Ach, ar cheann de na torthaí ba shuimiúla atá ann, dúradh go raibh claonadh ag níos mó daoine idir 18-34 bliain d’aois Gaeilge a labhairt go laethúil nó go seachtainiúil ná mar a bhí ag na haoisghrúpaí níos sine.

Dúirt 61 faoin gcéad go mbeadh fonn orthu níos mó Gaeilge a úsáid i mBaile Átha Cliath. Arís, is i measc an dreama óig a bhí an tsuim ba mhó le 71 faoin gcéad a dúirt go mbeadh fonn orthu níos mó Gaeilge a úsáid sa phríomhchathair.

Coimisiúnaíodh an saothar sular tháinig Baile Átha Cliath le Gaeilge ar an bhfód. Ach, beidh luach ar leith le taighde mar seo má táthar chun an teanga a thabhairt chun suntais i saol laethúil na cathrach.

Dúirt Mícheál Ó Nualláin, stiúrthóir BÁC le Gaeilge, go mbainfí úsáid as an taighde “fíor-dhearfach” seo.

“Léiríonn torthaí cosúil leo seo go bhfuil borradh ann agus go bhfuil daoine ag iarraidh tuilleadh Gaeilge a chloisteáil agus a fheiceáil,” a dúirt sé.

Dar le BÁC le Gaeilge is deá scéal é dar ndóigh go bhfuil fonn ar dhaoine an teanga a labhairt i gcomhthéacsanna eile lasmuigh de gheataí na scoile. “Aon fhianaise gur féidir linne a léiriú do ghnólachtaí go bhfuil éilimh ar an nGaeilge neartaíonn sé sin ár n-áiteamh,” a dúirt Ó Nualláin.

Próiseas comhairliúcháin

Mar chuid de phróiseas comhairliúcháin faoina phlean corparáideach don tréimhse 2023-2025 tá seisiúin poiblí á reáchtáil ag Foras na Gaeilge. Reáchtálfar an chéad chruinniú ar 24 Márta i halla tionóil Fhoras na Gaeilge, ar Sr Amiens, BAC ag a 6pm. An Dr Dónall Ó Braonáin a bheidh ag stiúradh an tseisiúin. Mairfidh sé thart ar dhá uair a chloig.

Breis eolais: forasnagaeilge.ie/ nuacht-acmhainni/comhairliuchan

Amárach

Agus éireoidh tú amárach ar theacht an tsuaircis,

Mar is lá úr nua a bheidh ann.

Bainfidh tú díot éadaí an duaircis,

Cuirfidh tú ort caipín muiníne is do ghreann.

Síos leat ród do shaoil mar staighre,

Síos le fána, tá cead agat a bheith faoi bhrón;

Ach ní bhuailfidh tú amárach led chroí cráite -

Beidh deireadh amárach le himní is le hanró.

Cóirigh gach uile ghortú riamh a bhuail tú,

Fág slán acu - abair leo é a thógail go réidh;

Fág id dhiaidh an ísle brí is an díomá,

Is mór idir an lá amárach is inné.

Do gháire stoptha nach gcloiseann aoinne,

Do chuid nirt ar stailc, focail imithe le gaoth;

Do ghéaga reoite ag fiabhras ciúin na cailliúna,

Ach ar deireadh beidh coinne agat leat féin.

Mar éireoidh tú amárach ar lorg ga gréine,

Éireoidh tú luath nó mall, is cuma cad é an t-am.

Beannóidh an seantusa agus an tusa nua dá chéile -

Is mura mbeidh an dóchas ann amárach, beidh lá eile ann.

© Sorcha de Brún 2022

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.