Misean Bhéal Feirste leis an Ghaeilge a chur chun cinn

Deontas ó Fhoras na Gaeilge


Thug Foras na Gaeilge deontas £210,000 do Mhisean Oirthear Bhéal Feirste an tseachtain seo caite leis an tionscadal, Turas, a fhorbairt.

Bunaíodh Turas in 2012 leis an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn sa phobal Phrotastúnach, aontachtach agus dílseach ó thuaidh. Tá plean forbartha ullmaithe ag an mhisean a dhíríonn ar fheasacht na Gaeilge a thógáil chomh maith le deiseanna foghlama agus cleachta a chruthú d’fhoghlaimeoirí. Soláthraíonn Turas 14 rang Gaeilge do 200 foghlaimeoir chomh maith le seisiúin oidhreachta agus imeachtaí cultúrtha ar bhonn seachtainiúil.

Dúirt príomhfheidhmeannach an fhorais, Seán Ó Coinn, go raibh “an tionscadal seo ag athrú thírdhreach na Gaeilge ar fud an oileáin, go háirithe ó thuaidh, agus ag léiriú do phobal an oileáin nach bhfuil baint ag an Ghaeilge le dearcadh polaitiúil ná le féiniúlacht náisiúnta – gurb amhlaidh a bhaineann an Ghaeilge leis an oileán seo agus le pobal an oileáin. ”

Dúirt Oifigeach Forbartha Thuras, Linda Ervine, gur mhór léi tacaíocht an fhorais agus go mbeadh ar a gcumas go ceann trí bliana “leanúint orainn ag cur Gaeilge faoi bhráid pobail nua agus foghlaimeoirí féideartha chomh maith le tacú lenár bhfoghlaimeoirí reatha trí dheiseanna a chur ar fáil dóibh a gcuid scileanna teanga a fheabhsú”.