Oileáin agus oileáin eile

Tá a scéal féin ag gach aon oileán agus ní i gcónaí gur scéal simplí saonta é


Tá draíocht éigin ag baint le hoileáin, go háirithe don té a chaitheann seachtain iontu sa tsamhradh seachas míonna fada dorcha an dúluachair istigh.

Dá mhéid é ár ngean ar an mBlascaod Mór is beag duine againn a bheadh sásta saol Thomáis Uí Chriothain nó Pheig Sayers a chaitheamh arís. Ba dhual Gabhla a thréigint, agus níl aon tuairisc fós ar ghnéithe Gaeilge chanúint Inis Trá Tholl.

Is ea, leis, tá’s agam gurb oileán é Éire, is dá réir gurb oileánaigh sinn go léir.

Go deimhin deimhnitheach siúrálta oileán is ea an Áis-AifricEuróip le chéile ionas gur beag duine nach oileánach é.

READ MORE

Íomhá bhréige

Ach is é a thuigim le hoileán ná áit inarb eol dut gurb ar oileán atá tú, go bhfeiceann tú an fharraige uait amuigh ansin nó go fiú de shiúl an bhóthair, go bhfuil mórthír i neas duit nó ar a laghad ar íor na spéire.

Leag mé cos ar fhormhór d’oileáin na hÉireann agus ar go leor d’oileáin na hAlban.

Ceann amháin díobh, áfach, nach raibh mé riamh ann agus atá ar an liosta buicéid agam ná Hiort, nó St Kilda mar is fearr eolas air sa Bhéarla.

Oileán é, ar eagla nach raibh a fhios agat cheana, atá suite trí scór cilimiméadar ó Inse Gall. Ba ghátar é a thréigint sa bhliain 1930, ar nós go leor eile.

Tá íomhá bhréige againn díobh siúd a raibh saol ‘simplí’ á chaitheamh acu.

Dúirt Peig gur chaith sí leathchéad bliain ar oileán mór an Bhlascaoid agus nár airigh sí beirt ariamh a raibh focal crosta eatarthu.

Is ea, ar mh’anam!

B’fhéidir go raibh an saol simplí, ach bhí an aigne chomh casta gránna is a bhí riamh.

Abair Hiort sa dara leath den 17ú haois. Pobal beag, ar deighilt ón saol mór, gan gaotha na cruinne ag gabháil steallaidh orthu.

Aon teanga, aon tuiscint, aon chomhthionól, aon chreideamh.

Fós, d’éirigh le haon duine amháin dá muintir féin an t-eagla a chur trasna orthu agus greim scóige uafáis a chur ar an bpobal fad ab fhéidir.

Is mar Ruairidh Mealltóir a thagann chugainn mar ainm, pé ainm dílis a bhí acu air lena linn.

Fear mór láidir de bhunadh an oileáin féin a bhí ann a mhaígh gur casadh Eoin Baiste air le linn a shiúlta dó.

Thug Eoin Baiste treoir dó dul i gceannas an oileáin, agus bhronn paidreacha speisialta air a raibh cumhacht faoi leith acu, go háirithe do mhná a raibh ag teip orthu a bheith torrach.

Tá contúirt i gcónaí ann géilleadh d’fhís a thagann chugat ar shiúl na slí.

B’í an t-aon fhadhb a bhain leis an bpaidir speisialta a bhí aige ná go gcaithfí é a rá i dteach na mná agus gan i láthair ach í féin is é féin. Tá an-sheans gur lean toircheas an phaidir sin ceart go leor.

Labhair sé gibris éigin agus mhaígh gurbh Eabhrais a bhí ann, agus bhain buntáistí as muintir an oileáin – ar díobh féin é – mar gheall ar an gcumhacht neamhshaolta a bhí aige, mar dhea.

Sceimhle

In ainneoin na sceimhle a chuir sé orthu, b’fhéidir gur shíl na hoileánaigh gur taitneamhaí an creideamh a bhí aige ná an ceann a bhí acu cheana a chuir cosc ar cheol agus ar dhamhsa.

Ní gá a rá gur chuir siad droch-chríoch air sa deireadh; ach samhlaoid é ar conas is féidir le haon duine amháin pobal iomlán a chur faoi smacht ar leith amháin.

Agus nach simpleoirí mothaolacha iad an mhuintir oileánda go fiú más daichead míle ón mórthír dóibh ar an leith eile.

Ní fhacthas Eoin Baiste timpeall an bhaill sin ó shin.