Sochaí iolrach Éireannach

Má chreideann an Stát san iolrachas ní mór dó na polasaithe agus na struchtúir atá riachtanach chun é a chur chun cinn, a chur i réim

FOCLÓIR: Cultúr aonchineálach - monoculture; iolrachas - pluralism; comhshamhlú - assimilation; ábhartha - relevant; éagsúlacht chultúrtha - cultural diversity; comhtháite - integrated; córais chomharthacha bhríocha - symbolic meaningful systems; neamhchomhfhoirmeacha - non-conforming; sainghnásanna - cultural norms; saintréitheacha - characteristic

Agus céatadán ard den daonra in Éirinn ina n-inimircigh an mian linn go mbeidh cultúr aonchineálach nó cultúr iolrach againn? Bhfuil iolrachas nó comhshamhlú uainn? Sin ceist thábhachtach ar cheart do chinnirí polaitiúla agus treoraithe eile bheith ag smaoineamh uirthi.

Is dóigh liomsa go mbaineann níos mó den chomhshamhlú ná den iolrachas leis na polasaithe ábhartha atá á gcur i bhfeidhm ag an Stát le tuairim is dhá scór bliain anuas.

Slait tomhais ar dháiríreacht an iolrachais iad eitneachas, an Ghaeilge, idé-eolaíocht pholaitiúil agus creideamh.

READ MORE

Dlíthe an stáit, oideachas agus na mórmheáin chumarsáide is mó a chuireann iolrachas ar aghaidh nó ar gcúl. Feictear domsa gur ar son an chomhshamhlaithe aonchineálaigh níos mó ná ar son an iolrachais atá formhór na n-institiúidí seo.

Muna mbímid aireach d’fhéadfaí go gcáillfí an éagsúlacht chultúrtha a d’eascródh as iolrachas comhtháite.

D’fhéadfadh an t-iolrachas comhtháite cur le caighdeán saoil na ndaoine. Cén chaoi freisin ar féidir le dreamanna díograiseacha maireachtáil le chéile sa tír gan an t-iolrachas a bheith i bhfeidhm?

Comhshamhlú agus iolrachas

Sa léann ar a dtugtar “caidreamh idir mionlaigh” tá coincheapa ar a dtugtar “comhshamhlú” agus “iolrachas”.

I sochaí iolrach aithnítear, cosnaítear, spreagtar agus tugtar tacaíocht d’éagsúlachtaí cultúir, eitneacha agus reiligiúnach (Ar ndóigh cuireann cearta daonna bunúsacha teorainn leis seo). Imeasctar dreamanna agus mionlaigh éagsúla mar aon phobal amháin ar bhonn comhionannais idir gasraí.

Ós a choinne sin, i sochaithe ina mbíonn comhshamhlú ina bhun tréith, bíonn claonadh glacadh go haonfhoirmeach leis an gcultúr “ceannasach”. Cuirtear ar aghaidh go huileghabhálach chuig an óige, dearcaí, tuairimí, luachanna agus córais chomharthacha bhríocha an chultúir cheannasaigh. Dream ar bith nó duine ar bith nach bhfeidhmíonn de réir an chultúir nó a imíonn uaidh ar shlí ar bith, sainmhínítear iad go diúltach.

I sochaithe réamh-dhaonlathacha agus réamh-éacúiméineacha chuirtí an comhshamhlú don chultúr ceannasach i bhfeidhm go héigeantach. Luaitear anseo dhá shampla cháiliúla i stair na hÉireann - an cosc a cuireadh ar an nGaeilge sna scoileanna náisiúnta sa naoú haois déag agus an cosc ar an gcreideamh Caitliceach Rómhánach sa seachtú agus ochtú céad déag ach go háirithe.

I ré níos deireanaí ná sin cuireadh comhshamhlú cultúrtha i réim ar bhealaigh brúidiúla a bhí níos eagraithe agus níos forleithne. Mar shampla i dTríú Reich na Gearmáine agus san Aontas Sóivéadach le linn ré Stalin.

Tá ISIS ann lenár linn féin.

Comhshamhlú de chineál eile a chuirtear i bhfeidhm san chuid sin den Domhan a dtugtar “An t-Iarthar” air i dtíortha mar an Astráil, An Fhrainc, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus eile. Mionlaigh faoi mhíbhuntáiste a dhéantar sna tíortha sin de dhreamanna neamhchomhfhoirmeacha.

Déanta na fírinne, is rud sách nua é iolrachas comhtháite, sé sin le rá gur ó dheireadh An Dara Cogadh Domhanda i leith a tháinig sé chun cinn. Tionscnamh tábhachtach a thosaigh le linn na seascaidí ab ea an t-éacúiméineachas idir-eaglasta idir na príomh eaglaisí Críostaí. Réitigh sé an bealach do dhreamanna éagsúla creidimh chun comhmhaireachtáil in aon sochaí amháin. Eiseamláir ab ea é do dhreamanna éagsúla eitneacha, polaitiúla agus cultúrtha.

Ba thragóid é an comhshamhlú reiligiúnach iar-Reifirméisin. Bhí sé éadulangach agus bhí rannpháirtíocht ann ag dreamanna reiligiúnacha a bhí i gcoinne a chéile. Sa chomhthéacs sin, caithfidh sé gur ábhar dóchais é an tionscnamh éacúiméineach don iolrachas níos leithne.

Le cúnamh Dé gabhfaidh an t-éacúiméineachas i bhfeidhm ar an gcaidreamh idir Críostaithe, Giúdaigh, Moslamaigh, Hondúraigh agus reiligiúin eile. Ní mór dúinn freisin fáilte iolrach a chur roimh na daoine nach maíonn go bhfuil aon chreideamh reiligiúnach acu.

I sochaí atá go fírinneach iolrach cuidíonn daonlathas uilíoch le hiolrachas polaitiúil, mar shampla idir sóisialachas, caipitleachas, liobrálachas, idé-eolaíochtaí timpeallachta agus eile (Ach é sin faoi réir ag cearta bunúsacha daonna.)

Má chreideann an Stát san iolrachas ní mór dó na polasaithe agus na struchtúir atá riachtanach chun é a chur chun cinn, a chur i réim. Sa chéad áit, tá gá le reachtaíocht chearta mhionlach leor-dhóthain a chur i bhfeidhm i ndáiríre.

Sa dara háit, chun a chinntiú go mbeidh meas ar an iolrachas cultúrtha sa sochaí agus go mairfidh sé, ní mór freisin institiúidí agus struchtúir i gcúrsaí oideachais, i ngníomhaíocht pholaitiúil, i gcleachtadh creidimh agus i sainghnásanna cultúrtha saintréitheacha eile a bheith ar fáil go dúbailte.

Claonadh

Ar an drochuair, is cosúil go bhfuil claonadh i maorlathas an státchórais a thacaíonn le haonchineálachas agus le comhshamhlú.

Is fusa é an t-aonchineálachas agus comhshamhlú a bhainistiú agus tá siad níos saoire ar an Stát ná mar atá córais iolrachais. Mar sin, ba cheart go mbeadh cinnirí an Stáit agus treoraithe eagras deonacha sásta é a chosc ar an maorlathas na boinn a bhaint ón iolrachas comhtháite a chuireann feabhas ar shaol na ndaoine ar fad.

B’fhiú airgead a chaitheamh air.

Tá dúbláil áiseanna oideachais don óige riachtanach nuair atáthar ag fréamhú na hóige sa Ghaeilge agus i gcreidimh. Cé go mbíonn deá mhéin bainteach leis, tá dúshlán an t-iolrachas creidimh á thabhairt, go háirithe sa mbunoideachas ag feachtais ar son oideachais tuata a bheith riachtanach do chuile dhuine san aon scoil amháin.

D’éirigh go maith le Radio na Gaeltachta agus le TG4 agus taispeánann sin gur féidir an-rath a bheith ar iolrachas comhtháite ag an leibhéal struchtúrtha.

Nach bhfuil sé in am (mar shampla) leanúnachas iolrachas cultúrtha ár bpobal Éireannach den Lucht Siúl a chinntiú? Le déanaí, ar ndóigh, thug an Stát aitheantas don lucht siúil mar mhionlach eitneach dúchasach.

Tá súil agam go spreagfaidh an t-alt seo plé agus gníomhartha sula mbíonn sé ró-dhéanach.

* Is iarr-léachtóir ar an tSocheolaíocht in Ollscoil Mhá Nuad é tAthair Mícheál Mac Gréil CI. Scríobh sé Pluralism and Diversity in Ireland (Columba Press) i measc leabhar eile.

Straitéis Náisiúnta

Is minic agus plé dhá dhéanamh ar chúrsaí ealaíona nó scríbhneoireachta sa tír seo go dtugtar cluas bhodhar do na healaíona dúchasacha Gaeilge. Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar chlár imeachtaí a bhaineann le mór-fhéile scríbhneoireachta nó ealaíona ar bith leis an fhianaise a fheiceáil. Cloistear caint ar ‘Irish writers’ go rí-mhinic ach dá mba as an iasacht thú, mhaithfí duit é dá gceapfá nach bhfuil sa tír ach scríbhneoirí Béarla. Is maith an rud mar sin é go bhfuil athbhreithniú ar bun ag an Roinn Chultúir Oidhreachta agus Gaeltachta ar ‘na h-ealaíona teangabhunaithe,’ mar a thugtar go hoifigiúil orthu, chun straitéis náisiúnta a chumadh dóibh. Tá go dtí an Aoine beag seo (31 Eanáir) ag daoine nó eagrais ar mian leo a ladar a chur sa scéal, a gcuid aiseolas agus smaointe a roinnt mar chuid den phróiseas comhairliúcháin poiblí.

I measc na n-ealaíona teangabhunaithe Gaeilge a bheidh faoi chaibidil sa straitéis tá drámaíocht; amhránaíocht; lúibíní agus agallaimh beirte; filíocht; rap agus scéalaíocht. Má tá moltaí maidir leis na deiseanna agus leis na dúshláin a bhaineann leis na healaíona agat, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann taighde trí aighneacht, aiseolas agus moltaí a sheoladh isteach trí ealaionateangabhunaithe.ie nó trí ceistneoir a líonadh ag bit.ly/38jHLOi

- Éanna Ó Caollaí