Ag saothrú léi i ngort na filíochta

Cnuasach nua dátheangach filíochta agus leabhar do pháistí


Casann rotha mór an aistriúcháin uair amháin eile. Is é Calling Cards an duanaire dátheangach is nuaí atá i gcló; tá bundánta Gaeilge ó pheann fhilí na linne seo mar aon le haistriúcháin le filí Béarla na hÉireann le fáil ann.

File, Aifric Mac Aodha, atá i ndiaidh cúram na heagarthóireachta a tharraingt uirthi féin le saothar a comhfhilí a chur roimh an tsaol mhór.

Cad chuige ar mhothaigh sí go raibh riachtanas leis? Déanann sí trácht ar leabhar mór Sheáin Uí Thuama agus Thomas Kinsella, An Duanaire 1600-1900 (Poems of the Dispossessed), a foilsíodh ag tús na 1980í agus ar leabhar nua Louis de Paor, file agus scoláire, Leabhar Na hAthghabhála "cnuasach a chuimsíonn saothar le 26 file ón gcéad seo caite. Níl Calling Cards leath chomh huaillmhianach céanna leis na mórleabhair shuaithinseacha sin dar ndóigh, ach ba ghníomh beag grá é a raibh gá leis, b'fhacthas dom.

“Seoidín liteartha atá ann a dhíríonn ar an mbaicle sin filí a tháinig chun cinn ó chlabhsúr na mílaoise i leith”.

READ MORE

Oiread chéanna le dream ar bith eile, is ar scáth a chéile a mhaireann filí. Chuaigh Mac Aodha chun cainte le Stiúrthóir Éigse Éireann, Maureen Kennelly, fáil amach an mbeadh suim ar bith aici i bhfiontar dátheangach den tsórt.

Chuir Kennelly fáilte roimh an smaoineamh agus socraíodh go n-oibreodh Éigse Éireann agus Gallery Press as lámh fhiliúnta a chéile leis an chnuasach, Calling Cards, a thabhairt ar an tsaol: "D'iarr bunaitheoir Gallery, Peter Fallon, orm 100 bundán Gaeilge a roghnú agus beagnach 100 bunaistriúchán próis a chur ar fáil dó féin, rud a rinneas.

“Ba é Peter a roghnaigh an mheitheal aistritheoirí agus a chinntigh go mbeadh plúr na n-aistriúchán againn.”

(Scríobhann Fallon agus Kennelly sa réamhrá: "Calling Cards shows its readers the range of themes being handled by Irish poets working in the 21st century. In this collection the motive forces are the same as those that energize poets working in any time, place, or, for that matter, language.")

Is cinnte go n-aithneoidh lucht léitheoireachta na filíochta Béarla mórán de na haistritheoirí: Fallon féin, chomh maith le Ciaran Carson, Paul Muldoon, Eiléan Ní Chuilleanáin agus Medbh McGuckian gan ach dornán a lua.

An leanbh dátheangach

Is as gach aon chearn d’Éirinn a thagann na filí féin agus is iad atá an-óg, don chuid is mó, agus cúigear fear agus cúigear ban ann.

Tagann siad as an Dún, as Ciarraí, as Muineachán, as Dún na nGall, as Baile Átha Cliath, Gaillimh, Tiobraid Árann agus an Mhí.

Tháinig cuid mhór acu ar an tsaol le linn na 1980í agus na 1990í agus corrdhuine a tháinig ar an tsaol le linn na 1970í.

Agus ábhar a gcuid dánta? An saol mór iontach agus a mbaineann leis – grá agus an máithreachas, drúis, uaigneas agus na seanscéalta a spreagann samhlaíocht.

“Comhartha dóchais don teanga go mbeadh guth úr dá leithéid le cloisteáil níos faide ó bhaile ná ár n-umar beag féin, dar liomsa,” a deir Mac Aodha.

Mar sin féin, ceist achrannach a bhíonn san aistriúchán go minic. An rud maith, olc nó measartha é go gcaithfidh scríbhneoirí úra bheith ar fáil go dátheangach? “An dá thine shíoraí,” a deir Mac Aodha. “Níor mhaith linn go mbainfeadh an leagan Béarla de chultúr scríofa agus cumtha na Gaeilge ach níor mhaith linn ach oiread nach mbeadh de lucht léite againn ach sinn féin agus sinn féin amháin.

"Bheinnse ar aon tuairim leis an rud a dúirt Louis de Paor an uair go raibh Leabhar na hAthghabhála á sheoladh: "tá an t-aistriúchán féin dosheachanta ... Is í an imní a bheadh ar dhaoine ná go dtiocfadh an leagan Béarla in áit an bhundáin, gur á chur i bhfolach a bheadh sé seachas é a shoilsiú." Ní mar sin atá i gcás Calling Cards, tá súil agam."

Cé leis an leanbh dátheangach, mar sin?

Is é a dóchas go gcuirfidh “léitheoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta na cruinne” spéis ann: “Den cheart é go mbeadh súil an díolamóra thar a chuid.”

Faoi na léitheoirí atá sé anois fómhar na filíochta a bhaint. Fágtar an focal scoir faoi na filí féin agus cúpla líne as Driogadh le Proinsias Mac A' Bhaird:

Tá dán fada

ag fairsingniú

ina pháirc eorna

i m’intinn le bliain.

Seolfar Calling Cards i halla Éigse Éireann, 11 Cearnóg Parnell Thoir, Baile Átha Cliath 1, Dé Céadaoin ar 7 p.m. Eolas: www.poetryireland.ie