An crann a thit ina chodladh

Deirtear go bhfuil maith san ióga – ach amháin más fear ciotach thú


“Bí i do chrann,” a mhol Ó Direáin. Ní ag caint faoi ióga a bhí sé. Tá mé ag iarraidh bheith i mo chrann; tá mé ag iarraidh cos amháin a thógáil den urlár, í a ghreamú den chois eile, na lámha a chur i riocht paidre agus iad a ardú chun na spéire.

Níl ag éirí liom. Teipeann orm; titeann an crann. Stoite atá mé.

Leagaim an dá chois arís. Cuirim an dá chois síos mar fhréamhacha arís. Coigil do bhrí, a fhir an ióga. “Fan socair. Fan teann. Daingean crann. I dtalamh suite. Cosa i dtaca.”

Talamh suite? Daingean? Cosa i dtaca?

READ MORE

Is léir go bhfuil fabht inteacht sa phláinéad. Is léir nach bhfuil an pláinéad seasmhach. Téamh domhanda is cúis leis sin, gan amhras. Níl an pláinéad ag luascadh mar is ceart. Dá mbíodh, bheinn in ann greamú den talamh mar is ceart.

Ní daingean atá an talamh suite; talamh suaite atá ann. Ní hann do chosa i dtaca. Lúbann an fearchrann arís eile – tiiiiimmmmmbbbbeeeerrrr!

An ndéanann crann sa choill fuaim má thiteann sé ar an uaigneas?

Déanann an fearchrann. Is callánach an crann é an fearchrann. Éiríonn an fearchrann cantalach. Ní cantal is cuspóir le hióga ach suaimhneas. Fuist, a stór. Go réidh, a rún. Tóg go bog é. Shhhhhh. Ióga atá ann. Cé a chuala riamh faoi éirí feargach ar rang ióga?

Níor cheart go mbeadh ióga deacair. Tá daoine i mbun ióga leis na cianta. Tá daoine fud fad na cruinne i mbun ióga. Tá múinteoir maith i mbun an ranga. Tá mise maith ag éisteacht. Is maith liom spórt. Is maith liom traenáil. Tuigim go ndéanfaidh ióga maith mhór dom, go dtabharfaidh sé síneadh do mhatáin nár síneadh riamh.

Fir? Ní maith linn barraíocht ama a chur ‘amú’ ar shíneadh. Cá bhfuil an ball? mar a dúirt an té a dúirt. Caithim a laghad sin ama roimh aclaíocht i mbun sínte agus is féidir. Caithim a laghad sin ama i ndiaidh aclaíochta i mbun sínte agus is féidir.

Éadaí spóirt orm. Spórt. Éadaí spóirt díom. Cithfholcadh. Beoir. (Cad chuige a ndéanfá spórt ar bith mura raibh beoir le fáil ag a dheireadh?)

Ach tá na cnámha agus gach a mbaineann leis na cnámha ag éirí aosta. Caithfidh mé aire a thabhairt dom féin. Chuige sin, an rang ióga. Chuige sin, an titim. Chuige sin, an fhearg agus an frustrachas. Ach rang ióga atá ann. Ní éiríonn tú feargach ag rang ióga.

Nuair a éiríonn liom – agus is annamh é – mothaím sásta. Cuirim staidiúir an laoich orm féin. Éiríonn liom, ar éigean. Tá cuid de mo cholainn á lúbadh ar dhóigh nár lúb sí riamh. Tá cuid de na hailt i mbun comhrá liom anois: “Hé! Tusa. Cad é atá ar bun agat? Ní nós linn é seo. Cá bhfuil an ball?”

Lúbadh

Ní éistim leis na hailt. Dhéanfaidh sé maith mhór do na hailt, an lúbadh neamhchoitianta seo. Cluinim na hailt ag éirí feargach: “Hé! I ndáiríre, stad de seo. Ní maith linn é seo. Níl sé nádúrtha. Stad de. Faigh ball.”

Éist d’alt, a deirim, agus leanaim orm.

Tá caint ann ar chat agus ar mhadadh anois. Tá cromadh agus ísliú i gceist, tá lúbadh agus síneadh i gceist. In amanna, bíonn ísliú, cromadh, lúbadh agus síneadh i gceist ag an am chéanna.

Íslím, lúbaim, sínim, cromaim.

Tostann na hailt. Tostann na matáin. Tá siad feargach liom go fóill. Níl ann ach go bhfuil siad róthuirseach le rud ar bith eile a rá liom anois.

Ní spórt ar bith é seo mar a thuigeann an fear spórtúil spórt. Níl rith ar bith i gceist ná mallachtaí ná allas ná ball. Ina ainneoin sin, tá sé chomh deacair le spórt ar bith. Is ag éirí, bhuel, tuirseach atá mé. Tuirseach – gan iomrá ar rothar, ar mheáchan a thógáil, ar bhall a bhualadh.

Tugann an múinteoir orainn dearbhú a thabhairt: tá mé láidir ó chroí agus ó intinn; tá mé láidir ó chroí agus ó intinn; tá mé láidir ó chroí agus ó intinn.

Deirim os ard é. Déanaim iarracht é a chreidbheáil. Ní chreidim é. Tá mé lag lag lag. Ba mhaith liom Mars bar.

Faoi dheireadh, tagann an lúbadh agus uile chun deiridh. Tá cead againn luí siar ar na mataí, sos a thabhairt do na hailt agus do na matáin. Éisteann muid leis an mhúinteoir. Insíonn sí scéal dúinn. Ruaigeann na céadfaí fuaimeanna an tsaoil ar fad. Níl sa tseomra anois ach a glór. Tugann a glór ar aistear muid. Is seanchaí anois í. Tá mé ag taisteal go Tír na hÓige. Molann sí dúinn gan titim inár gcodladh. Molann sí dúinn éisteacht.

Titeann an crann ina chodladh.