Cad a dhéanfaimid feasta?

Is ar éigean gur féidir dul ar aghaidh mar seo go deo

Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad na gcamán, gan fiabhras na fuinseoige, gan boladh milis an leathair ar an bpáirc, gan an eangach a bheith á bolgadh le liathróid?

Ba chóir go mbeadh biaiste chluichí an Chumainn Lúthchleas Gael tosnaithe faoi seo agus cúpla contae cheana ag féachaint ar an doras amach ó chraobh na hÉireann. Ba cheart go mbeadh na meirgí agus na bratacha réidh ullamh agus dathanna áille nó gránna ar foluain ó chuaillí cheana. Bheifí ag súil go mbeadh Ger agus Marty agus Seán Bán i mbun tráchtaireachta agus agallaimh á gcur ag daoine go tiubh, agus uaireanta go sárthiubh, ar bhainisteoirí agus ar imreoirí tar éis na gcluichí. Agus bheimis ag coinne go mbeadh na gnáth-thuair á ndéanamh ag iarimreoirí maidir le cé acu contae ag a mbeadh an lá ar deireadh thiar, a bhformhór go dearg-mhícheart.

Ach ina ionad sin tá ciúnas. Sea, tá caoi againn féachaint siar ar éachtaí agus ar ghaiscí na mblianta a d’imigh tharainn go háirithe de bharr na n-athchraoltaí a dhéanann TG4; agus músclaítear seanfhaltanais agus seanaighnis go haoibhinn nuair ba dhóigh linn go raibh dearmad déanta orthu.

Is ar éigean gur féidir dul ar aghaidh mar seo go deo. Dá mhionca is atá cúl cáiliúil Shéamuis Darby feicthe agam sa bhliain mhíorúilteach sin 1982, nó speach fhada dheiridh Stephen Cluxton ag dul go mall thar an trasnán i gcluiche ceannais 2011, nó sluaite Thír Eoghain ag bailiú timpeall ar Chiarraíoch uathúil aonair amháin i lár na páirce ar an 21 Meán Fómhair 2008, agus dá mhéid is a thugann siad pléisiúr thar meon dom fós, b’fhearr liom a leithéid chéanna a fheiscint arís.

READ MORE

Ag stánadh amach ar an bhfásach, mar sin, cad tá le déanamh? Ní ag cuimhneamh ar chorpacmhainn na n-imreoirí atáim anois, ach ar shláinte mheabhrach an lucht leanúna agus a mbeidh in easnamh orthu: na laethanta faoin dtor, na ceapairí fliucha, an fleasc fuar tae, mangairí na dticéad, greann na sráide, neach an ghoib mhóir id aice, na sceallóga le finéagar, mallachtú an réiteora dhaill, an scuaine don leithreas, an casadh sin le daoine amach as ceo na staire, an pionta plaisteach, an burgar min sáibh agus thar aon rud eile an straois ar do phus tar éis daoibh an cluiche a bhuachan agus an mhéar sin in airde chomh fada agus is féidir in aghaidh aon duine thall a mhaífeadh sin ort.

Ní lón anama go dtí é, ach is róbhaol go mbeimid á cheal i mbliana. B’fhéidir comórtas fíorúil a bheith againn, gan amhras, agus ionchur bréige a shacadh isteach i ríomhaire speisialta ionas go mbeadh bua éigin ag Cill Mhantáin nó Fear Manach faoi dheireadh. Sa chás sin, tharlódh fearg a bheith ar Cheatharlach nó ar Liatroim, áfach.

B’é ba chiallmhaire - agus tá talamh slán á dhéanamh agam de go bhfuil moltaí á ndéanamh chomh líonmhar le bultúir os cionn coirp sa ghaineamhlach - dearmad a dhéanamh ar 2020, agus dhá chraobh Éireann a reáchtáil an bhliain seo chugainn. Chaithfí é seo a dhéanamh ar bhonn cur amach tar éis cailliúna mar a bhíodh - ceann acu sa gheimhreadh a thabharfadh cuimhní deasa ar ais ar pháirceanna pluideacha, ar spéartha liatha agus ar fhuarnimh i mbarra na méireanta.

Bheadh oiread cluichí ann sa dá chomórtas le chéile agus a bhíodh in aon bhliain amháin, ach chaithfí amaidí na gcraobhacha cúigí a dhíbirt agus é a bhunú ar tharraingt oscailte gan réimniú. Smaoinítear ar an úire a bheadh ansin, ar an tseansúlacht, ar an scleondar, ar an éiginnteacht, ar an éagsúlacht éigeantach ó sheachtain go seachtain!

Fairis sin, dhá chraobh Éireann in aon bhliain amháin!; ba chúiteamh éigin é ar a bhfuil á fhulaingt faoi láthair.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar