Ceisteanna curtha agus ceisteanna le freagairt

Má tá sé ina chuspóir náisiúnta go ndéanfaí treisiú ar an Ghaeilge ba ghá go mbeadh sí i lár an aonaigh

FOCLÓIR: Colúnaí - columnist; malairt - opposite; ráiteas - statement; os a gcomhair - before them; maoiniú - funding; ba dheireanaí - most recent; comhiarracht - collective effort; ní gan dua - not without effort; sleán - turf spade; fallaing - cloak; conair - path/passage; goimh - sting/venom; putach - young child; gróigeadh - footing turf.

Go hiondúil is é gnó an cholúnaí seo mar iriseoir a bheith ag cur na gceisteanna, ach an tseachtain seo caite ba é a mhalairt a tharla.

Le tamall anuas bhí Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge de chuid Thithe an Oireachtais ag plé léitheoireacht na Gaeilge.

Tugadh cuireadh do Thuarascáil teacht os comhair an choiste ar an gCéadaoin seo caite chun tuairimí maidir le fás agus forbairt ar léitheoireacht na Gaeilge a chur ina láthair.

READ MORE

Roinnt seachtainí ó shin tháinig ionadaithe ó na hirisí Gaeilge: Comhar, Timire an Chroí Naofa agus Breac chomh maith le colúnaí an Irish Times Alan Titley, roimh an coiste leis an ábhar céanna a phlé.

Ag tús an chruinnithe sin d’iarr Cathaoirleach an Choiste, Aengus Ó Snodaigh TD ar nuachtáin agus ar irisí náisiúnta agus áitiúla araon, cinneadh a dhéanamh agus a chur i gcrích “go mbeadh ailt Ghaeilge mar chuid dá seirbhís rialta dá gcustaiméirí agus dá léitheoirí.”

Ardaíodh ceisteanna eile an lá sin a bhain le maoiniú agus ciorruithe ar irisí agus laigí sna meáin Bhéarla - ach go háirithe an easpa airde ar shaothair scríofa Ghaeilge.

I measc na moltaí a chuir Tuarascáil i láthair an Choiste an tseachtain seo caite bhí moladh go ndéanfaí taighde socheolaíochta ar ghnásanna léitheoireachta phobal na tíre agus go mbeadh scéim tacaíochta ann a chuirfeadh bonn faoi iriseoireacht Ghaeilge sna meáin nuachta Bhéarla.

Más fíor é go bhfuil sé ina chuspóir náisiúnta, mar atá luaite i Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, go ndéanfaí treisiú ar an Ghaeilge mar theanga labhartha laethúil, ba ghá go mbeadh an teanga i lár an aonaigh.

Gan sin, ní fhéadfaí bheith ag ceapadh go bhfuiltear dáiríre faoin aidhm atá ann cur le líon na léitheoirí Gaeilge agus le h-usáid na Gaeilge a fhás sna meáin chumarsáide go ginearálta.

Cén fáth mar sin nach mbeadh sé ina chuspóir ag an Stát go mbeadh ar a laghad iriseoir amháin i mbun iriseoireachta i nGaeilge go tráthrialta i ngach nuachtán sa tír? Níl fágtha sa phlean 20 bliain ach ocht mbliana anois. Faoina dheireadh, sa bhliain 2030, tá sé mar chuspóir go mbeidh 250,000 duine sa tír ag úsáid na Gaeilge mar theanga chumarsáide laethúil. Cé go bhfuil caolsheans ann go mbainfear an sprioc uaillmhianach sin amach, feicfear cén chaoi atá ar chúrsaí nuair a fhoilseófar Tuarascáil Achoimreach an Daonáirimh 2022 i mí Aibreán na bliana seo chugainn.

Ní gan dua a dhéantar dul chun cinn i gcomhthéacs comhdhaonnach ar bith dar ndóigh, ach má táthar chun sciar níos mó den phobal ná mar atá faoi láthair a chur ag labhairt agus ag léamh na Gaeilge, beidh gá le comhiarracht náisiúnta le sin a chomhlíonadh.

An cheist atá le freagairt i gcónaí ná an raibh rialtas riamh sa tír a bhí dáiríre faoi cheist na Gaeilge?

Cruach mhóna
Theip ar rún Shinn Féin an plean a bhí ag an Rialtas srian a chur ar dhíol móna a chur ar ceal an tseachtain seo caite.

Ach ba léir ón achrann, an ghleo, agus an ruaille buaille a tharraing ceist na móna i dtithe an Oireachtais go raibh goimh cothaithe aici sa gcaidreamh idir na páirtithe rialtais.

Ag breathnú siar, is beag is gá a scríobh faoi thábhacht na móna. Ní fios cén uair ar baineadh úsáid aisti mar bhreosla don chéad uair riamh ach níl mórán oibre eile - seachas b’fhéidir baint agus sábháil an fhéir - a bhíodh chomh lárnach agus chomh tábhachtach céanna i saol phobal na tíre.

Tráth dá raibh, bhíodh go leor de mhuintir na tíre ag brath ar na portaigh. Go dtí le gairid, nuair a thosaigh daoine ag baint le cabhair innealra, ba obair chrua í baint agus sábháil na móna.Tá a fhios sin ag duine ar bith a chaith lá ariamh ar an bportach nuair ab í an sleán an uirlis bhainte.

Bhaintí an mhóin go hingearach nó go cothrom leis an sleán agus scaiptí amach í chun í a thriomú. Tar éis roinnt laethanta, agus triomú beag déanta, dhéantaí gróigíní mhóna leis na fódanna.

Sheastaí ceithre nó cúig fhód in aghaidh a chéile. Chuirtí fód amháin ar bharr. Tugtaí guigíní ar na carnáin sin móna.

D’fhágtaí mar sin ar an bportach iad go dtí go mbídís triomaithe. Dhéantaí athghroigeadh orthu i gcarnáin níos mó agus théis tamall eile triomaithe thógtaí an mhóin amach go dtí an bóithrín áit a dhéantaí cruach mhór.

Leagtaí sean-mhálaí nó luachra os a cionn sin chun an mhóin a choinneáil tirim go dtí go mbaileofaí í. Ba obair dhian í sin ar fad agus bhíodh láimh san obair ag chuile dhuine den teaghlach, fiú amháin an phutach nach mbeadh ach cúig nó sé bliana d’aois.

Gné lárnach a bhí sna portaigh de shaol na Gaeltachta agus de shaol na hÉireann go dtí le déanaí agus ní h-aon ionadh é go bhfuil go leor fós ag brath orthu.

Mar sin féin ní féidir neamhaird a thabhairt ar an dochar atá déanta.

Bunaíodh Bord na Móna sna 1940dí chun na portaigh a fhorbairt agus tá rian na hoibre sin le feiceáil sna fásaigh a fágadh ina ndiaidh i lár na tíre, gan mórán eile le feiceáil ach smúdar móna á séideadh sa ghaoth.

Mar a scríobh an t-údar Tomás Ó Máille sa leabhar An Béal Beo, “An té a bhfuil dúil aige móin a bhaint, caithfidh sé, ar an gcéad dul síos, portach a bheith aige.”

Nuair a scríobh sé an méid sin is dócha nár shamhlaigh sé riamh nach ar bhaint na móna ach ar chúrsaí caomhnaithe agus athnuaite a dhíreofaí sa todhchaí.

Anuraidh d’fhógair Bord na Móna go raibh sé i gceist scoireadh go deo de mhóin a bhaint chun díriú ar fhuinneamh in-athnuaite, athchúrsáil, athchóiriú tailte portaigh agus seirbhísí eile. Más maith is mithid.

Fallaing an chogaidh
Agus déistin curtha ar dhaoine ar fud an domhain mhóir ag iompar úrghránna na Rúise san Úcráin, thug Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres, cuairt ar Mhoscó agus ar an Úcráin féin an tseachtain seo caite.

Chas sé ansin le hUachtarán na Rúise Vladimir Putin agus in Kyiv níos déanaí le hUachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky. Le linn dó a bheith san Úcráin, thug sé cuairt ar Bucha lasmuigh de Kyiv, láthair inar léir gur maraíodh suas is anuas le 500 sibhialtach agus inar thángthas ar olluaigheanna le níos mó coirp iontu ag an deireadh seachtaine.

Tá cúnamh marfach míleata nua á fhógairt agus á soláthar don Úcráin ar bhonn laethúil anois ag “an Iarthar”agus fórsaí na Rúise ag leanacht leis an ár agus an t-ionsaí.

Ag caint dó i Meiriceá, d’fhógair an tAire Cosanta Simon Coveney go bhféadfadh go dtiocfadh ardú 50 faoin gcéad ar chaiteachas cosanta na tíre seo amach anseo.

Dúirt sé nár chreid sé go dtabharfadh an móramh tacaíocht “ag an bpointe seo” do bhallraíocht an stáit in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) nó i gcomhghuaillíocht éigin eile míleata.

Tá sciar mór de mhuintir na hÉireann nach bhfuil fonn ar bith orthu baint ar bith a bheith acu le ballraíocht in eagrais mhíleata idirnáisiúnta ar nós ECAT.

Mar sin féin, leis an chaint ar fad ar “aibíocht” i gcomhthéacs stádas neodrach na hÉireann le tamall anuas is léir go bhfuil dream ann freisin atá go mór ar son an mhíleatachais.

Nuair a bhí sé fós san Úcráin dúirt Guterres go bhfuil na Náisiúin Aontaithe réidh chun acmhainní a chur ar fáil chun conair éalaithe a bheith ag muintir Mariupol.

Má tá “aibíocht”le léiriú againn nach fearr a dhéanfaí é sin trí achmhainní a chur ar fáil do na Náisiúin Aontaithe seachas a bheith ag tapú na deise muid a tharraingt isteach i gcomhghuaillíocht mhíleata éigin?

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.