Is minic gurb é port an tsaoil é go bhfuil na nuachtáin luchtaithe le drochscéalta. ‘Tugtar scéalta dearfacha dúinn!’ an mana. Cad ina thaobh nach gcuirfí mar phríomhscéal na nuachta ‘Tháinig gach eitleán slán inniu’ nó a leithéid?
Is é sin le rá, gur cheart a aithint nach bhfuil an saol chomh hainnis ná chomh huafásach is a thuairisc.
Beirt údar mhór-le-rá atá i mbéal an aosa chabaireachta faoi láthair a thiocfadh leis sin ar fad. Ach ní cúrsaí nuachta in aon chor atá idir chamáin phléite acu ach sruth mór leathan ghluaiseacht na staire.
Is iad an Ceanadach Stephen Pinker agus an tIosraelach Yuval Noah Harari iad.
Ní hea amháin nach bhfuil an saol go hainnis ná go huafásach, ach go bhfuil an uile ní ag dul i bhfeabhas ó bhliain go bliain, agus ó thréimhse go tréimhse, agus ó ghlúin go glúin.
Ní hionann an téis go slánchruinn do lán na beirte acu, gan amhras, ach tá cumraíochtaí leathana ginearálta go comhchoiteann acu.
Deir Pinker gur faide an saol ag daoine na linne seo seachas mar a bhí riamh, gur lú ar fad na cogaí atá á bhfearadh, agus go bhfuil an bhochtaineacht is measa á maolú ar fud na cruinne.
Cuireann Harari níos loime fós é – tá deireadh a bheag nó a mhór le cogaí idir náisiúin, tá an gorta mar bhagairt laethúil díbeartha den domhan, agus is mó go léir a fhaigheann bás de dheasca na seanaoise ná a bhfuil de ghalraí tógálacha á leagadh.
Agus an bhfuil a fhios agat, braithim go bhfuil an ceart acu! Ar an mórchóir. Is deacair a bhfuil d’fhigiúir is de ghrafanna is de léaráidí acu a bhréagnú, gan trácht ar a bhfuil ar eolas againn ón stair agus ón litríocht.
Nárbh é an nath a bhí ag príomhaire na Breataine fadó Harold MacMaoil-iain – ‘You never had it so good,’ ach gur mhagadh a tharraing sé air féin mar thoradh.
Ina choinne sin, áfach, cad a tharlódh dá mbeadh daoine sásta leo féin, nuair is í an míshásamh an t-inneall a chomáineann an leasú agus an t- athrú chun feabhais ar aghaidh?
Tá d’amhras agam ar an dís acu, áfach, ná an t-amhras is cóir a chaitheamh le haon ráiteas a thugann le fios go bhfuil faisnéis aige ar a bhfuil romhainn amach.
Is maith ann iad mar thuairimíocht, ach is cuma faoi do chuid liathróidí criostail, beidh aigne eile ag an aimsir fháistineach.
Tá a bhfuil scríte acu lán d’iontais, agus monarcha iontais is ea an saol gach maidin bhán a ghealann. Ina choinne sin anonn, gabhaim faoi uisce ceatha fuar an díchreidimh nuair a chluinim duine ar bith ag pápaireacht faoi mhaitheasaí agus faoi luachanna an Inlightinmint, mar atá Pinker go háirithe.
Bhí gnéithe di forásach gan bhréig, agus dhíbir sí go leor púcaí a raibh a seal caite.
Ach nuair a smaoinímid gurbh í an Inlightinmint chéanna a neartaigh ar sclábhaíocht na milliún trasna an Atlantaigh thuaidh is theas, a scaip tuairimí maslacha mar gheall ar na ciníocha sin nach raibh sé d’ádh leo a bheith ina gcónaí ar leithinis bheag chúng na hEorpa, agus a thug an bás ina slaoda chucu siúd a raibh sé de dhánaíocht iontu seasamh ar a son féin, taibhsítear dom gur dócha nach raibh chomh solasta sin dá lán.
Voltaire, fear mór sin an réasúin a mhaígh go raibh an cine gorm beagán níos airde ná na hápaí, gur chóir an Tuircis a scrios d’fhearann na hEorpa mar bhí barbartha…
Enlightenment Now teideal leabhair Pinker. Nára maith agat!