Cheapas rud éigin deas a rá mar gheall ar Sheán Mac Réamoinn Luan Cásca ar son na carthanachta agus an chomhbhráthrachais. Rud amháin, sin uile! Sin adeir m’intinn lem anam ag tabhairt foláirimh gan dul thar fóir, ar eagla na heagla na heagla.
Ní hé Seán Mac Réamoinn an duine uasal a bhailigh ceol agus ábhar traidisiúnta mar chuid d’aonad taistil Raidió Éireann i n40í agus i g50í na haoise seo caite fadó atá sa trácht agam, ach John Edward Redmond de shliocht an tí mhóir agus a bhí i gceannas an pháirtí phairlimintigh náisiúnta Éireannaigh aimsir Éirí Amach na Cásca agus ar chuir imeachtaí an lae sin a chuimhne in abar pholl Tí Liabáin agus i sloic níos domhaine ná é.
Rud amháin deas, sin an méid!
Toisc caint a bheith ann anois nár thoiligh an tUachtarán freastal ar chomóradh 100 bliain a bháis mheasas gurbh fhiú tumadh agus tóch a dhéanamh timpeall ar cad is féidir a rá ar a shon. Bhí sé go láidir ar son a chomhthiarna talún Parnell, agus is fíor gur sheas sé go macánta ar son leasú chearta tionóntaithe nuair a tháinig an chnámh ar an uilinn. Nílid sin san áireamh agam, áfach, mar ba dhóigh leat go mbeadh an méid sin ina thalamh slán ag feisire Éireannach ar bith.
Is chuige atáim ná gur shínigh sé litir a foilsíodh ar cheann de nuachtáin na Breataine ag cur i gcoinne sluadhíothú na nAirméineach ag tuanna agus ag claimhte agus ag gunnaí agus ag gorta d’aonghnó na dTurcach i mblianta deiridh na 19ú haoise.
B’iad seo na sléachta Hamidiacha a tharla deich mbliana roimh na cinn a bhfuil eolas ag an saol orthu, is é sin, ag an saol seachas ag rialtas na Tuirce. An bhfuil a fhios agat, b’in seasamh mórálta in aghaidh an áir nach dtugtar aon chreidiúint dó ina thaobh, agus ba cheart go ndéanfaí gan leithscéal.
Anois, sin agat é, tá mo dheachú íoctha agam, fuaireas rud amháin go bhféadfainn é a chur sa tábla ar a shon.
Is í an fhadhb atá agam tráchtairí ag tabhairt stair an lae inné isteach ar urlár an lae inniu, na cogaí úd fadó a thabhairt chun cláir na linne seo.
Ba phríosúnach aicme agus ama é an Réamonnach, agus bhí saol eile ag borradh thíos staighre nach raibh aon dul aige ar a thuiscint go fiú is má bhí níos mó cillíní aige thuas staighre seachas mar a bhí.
Is é a ghoillfeadh ar an aigne oscailte an deighilt dhénártha idir cogadh agus síocháin. Seon de Brútóin agus Lochlannaigh Phort Láirge ag áiteamh go raibh an Réamonnach ‘bunreachtúil’ agus in aghaidh an fhoréigin. Pé ní eile ina thaobh, ní raibh sé in aghaidh an fhoréigin.
Níorbh aon nath dó foréigean in aghaidh buachaillí óga na Gearmáine agus na hOstaire agus na Tuirce agus na Bulgáire agus Ruanda agus Burundi agus oirthear na hAfraice, ach ba chás leis go ndéanfaí piléir a chaitheamh le saighdiúirí impireacht na Breataine.
Ná níor mhiste leis an íobairt fola, fad is gurbh iad na buachaillí bochta a chuir sé féin amach chun troda nach dtitfeadh: go ndéanfadh fir óga Éireann agus na Breataine “spill their blood together…”, agus “their supreme sacrifice of life” a dhéanamh.
Fág an aimsir chaite i leataoibh na slí, is iad a chuid oidhrí siúd is mó a chuirfeadh an slac trasna ort. Ná bíodh aon amhras orainn: na Réamonnaigh is airde glam inniu is iad is túisce atá ar son go gclasóimis le comhghuaillíochtaí cogaidh arís.
Sin í an chúis is mó nár cheart aon aitheantas oifigiúil a thabhairt dó.