Is cuimhin liom fós é. Grianghraf leathdhorcha doiléir. Dubh, bán is teimhneach. Mé ag dul chun cluiche peile a imirt ar an mbóthar timpeall an chúinne agus nuachtán an tráthnóna ag fear ag siúl na slí. Thaispeáin dúinn é. Tancanna agus deatach agus foirgnimh á leagadh. Maidí beaga de dhaoine ag imeacht leo. Bhí na Rúisigh tar éis ionsaí a dhéanamh ar Bhúdapeist.
Is fíor go raibh grianghraif ann timpeall an ama chéanna de phairisiúint ina muisiriúin ag tuirlingt ar chanáil Suez agus ina smugairlí róin anuas ar Phort Said. Ach scaoilimis an méid sin tharainn go fóill.
Níorbh fhada gur airíomar caint ar ‘na teifigh Ungáireacha’. B’í caint na cathrach í. Ní raibh an stát Éireannach ach beagán seachtainí sna Náisiúin Aontaithe istigh agus bhíomar ar ár ndícheall ag léiriú go rabhamar airí ar a bheith ina mbaill dhílse. Shocraíomar ar ghlacadh le buíon díobh.
Tuairim is 200,000 a d’éalaigh sna laethanta tosaigh sin d’ionradh an Aontais Shóivéadaigh 1956, a bhformhór thar teorainn na hOstaire. 541 díobh a cuireadh chugainne. Is cosúil go raibh fógraí le feiscint in Vín uainne go mbeadh fáilte faoi leith roimh Chaitlicigh.
Ní hionadh sin, ach rud atá imithe glan nach mór ó chuimhne na ndaoine seachas acu siúd a bhí beo lena linn, deirtí paidreacha in eireaball Aifreann an Domhnaigh ar son go bhfillfeadh an Rúis ar an gcreideamh cóir.Trí ave ar a laghad, cé go raibh paidir níos faide ann, leis, a chuir an Pápa Leo XIII chun cinn roimhe sin. B’iad na Rúisigh na drochbhuachaillí an t-am sin faoi mar atá faoi láthair, ach ba mheasa ná sin gur Chumannaigh ba ea iad chomh maith.
Scaoileadh ár gcuóta chugainn agus fearadh na céadta míle fáilte rompu agus seacht gcinn seachtód de bheannachtaí an tsléibhe ina theannta sin. Ar feadh tamaill. In ainneoin gur leagadh an maorlathas inimrce i leataoibh ar a son is amhlaidh gur sacadh le chéile in aon champa amháin iad, Arm Beairice Chnoc an Lisín, in ionad iad a scaoileadh ar fud na gcos i measc an phobail.
Níorbh fhada go raibh siad ag iarraidh imeacht, agus bhíomarna breá sásta soraidh slán a rá leo le beannachtaí na mbánchnoc céanna siar. Go deimhin, bhí an rialtas abhus ag cur a mbundún amach ag tathant ar Cheanada glacadh leo. Bhí Ceanada toilteanach, ach bhí a gcuid maorlathais féin ag cur moille sa scéal ionas gur chuaigh cuid de na teifigh ar stailc ocrais, agus mar bharr ar an ainnise, nár fhill scata acu ar an Ungáir féin! Trí scór éigin díobh a bhí fágtha tar éis dhá bhliain.
Is cuimhin liom féin, áfach, ó mo bhríste gairid aníos, an cogar ós íseal a bhí ag boirbeáil aníos sa chás is gur dhein aon duine díobh rud éigin as an tslí: ‘nár thugamar isteach iad, agus sin mar atá siad ag caitheamh linn,’ agus eile.
Is iontach agus is cúis mhórtais an fháilte atáimid ag cur roimh theifigh na hÚcráine anoir. Teist í ar ar féidir a dhéanamh ach an toil a bheith ann. As gránnacht lofa m’aigne laistigh, áfach, is mé atá ag smaoineamh, ‘cathain a thosnóidh an monabhar?’ Cén fad a mhairfidh múrtha na fáilte?
Ní foláir nó tá an rialtas ag faire chomh maith. Tá siad lánsuite de, pé áit a scaipfear iad go bhfuil áiteanna ann nach féidir iad a lonnú iontu. Níor mhaith leo go máirseálfadh míle duine trí Uachtar Ard arís, mar shampla, ag rá gur súmairí ar an gcóras iad, ná go mbeadh picéid lasmuigh d’óstáin ina gcoinne ar Oileán Acla.
Is léir gur oibrigh na paidreacha sin go léir ar son iompú na Rúise. Ach an bhfuaireamar an toradh a bhí uainn?