Tuartha na bliana

Atfaidh agus séidfidh na margaí airgid ar maidin

Um an tráth seo is dual a bheith ag féachaint romhainn amach seachas bheith ag gliúcaíocht siar leis an bhfios feasa sin a cheannaigh an aimsir. Toisc mé a bheith éiginnte go leor faoi cad tá i ndán dúinn chuaigh mé i muinín na seanmhodhanna sin nár theip orthu ariamh.

Ghabhas amach ar an bplásóig féir laistiar den teach agus mharaíos gabhar na comharsanachta faoi sholas na gealaí.

Bhaineas na putóga as le scian rua agus dheineas iad a róstadh os cionn tine nár fadaíodh go géar. Chuireas an t-iomlán isteach i gcorcán adhmaid a rinne siúinéir ón oirthear a bhí ar leathshúil. Is ansin a dheineas iad a ghrinneadh go mion faoi sholas coinnle de bhlonag an mhíl mhóir a caitheadh aníos ar an trá le sruthlam na taoide.

Ba léire ná léir a raibh le léamh iontu. Is é adúirt siad liom go dtarlóidh tubaist mhór in áit éigin in aice na farraige uair éigin roimh dheireadh na bliana. Scuabfar daoine chun siúil agus beidh gol, gárthaíl agus déanamh bróin. Déarfaidh eolaithe áirithe gur de dheasca théamh an domhain a tharla, agus déarfaidh eolaithe eile nach mar sin a bhí ar chor ar bith. Beidh pictiúir ar na meáin agus gheobhaidh ceann amháin díobh duais mhór ghrianghrafadóireachta idirnáisiúnta.

READ MORE

Buafaidh foireann a bhfuil dath saghas dearg ina geansaí acu ceann de chomórtais mhóra na hEorpa agus déanfaidh príomhaire na tíre arb as iad comhghairdeachas leo. Beidh scliúchais sráide agus bligeardaíocht ar siúl timpeall ar an staidiam sin, ach níor ghá gur ag an gcluiche áirithe sin é.

Gheobhaidh eolaithe amach gur baolach iad ceapairí cáise don sláinte agus beidh feachtas mór ann bac a chur lena ndíol. Beidh Éire ar an gcéad thír ar domhan a éileoidh oideas rialtais faoina gcomhair.

Toghfar radacaigh agus antoiscthigh i gceannas ar cheann de na stáit is tábhachtaí ar domhan. Ligfidh siad do dhaoine gunnaí a iompar timpeall de réir mar is maith leo agus bronnfar airm tine oiriúnacha ar pháistí óga. Tógfar balla mór timpeall na tíre chun eachtrannaigh a choimeád amach agus fáil sreinge leictreacha chun a muintir féin a choimeád isteach.

Beidh olltoghchán abhus anseo agus toghfar FF-FG arís le dul i mbun an rialtais. Athrófar rialacha an bhóthair ionas go mbeidh ar gach duine tiomáint i lár an bhealaigh mhóir seachas ar thaobh amháin nó ar thaobh eile.

Fágfaidh an Bhanríocht thall an tAontas Eorpach agus beidh tinte chnámh agus cóisreacha sráide ar fud na hilchríche le háthas - seachas ar Bhóthar na Seanchille, gan amhras, toisc nach mbeidh sí san Eoraip a thuilleadh. Beidh ar an UQ toghchán a bheith acu, leis, féachaint cén páirtí is lú a bhfuil an dearg-ghráin ag an bpobal orthu.

Atfaidh agus séidfidh na margaí airgid ar maidin, agus crapfaidh siad agus caolóidh siad istoíche, agus éireoidh siad arís an mhaidin dar gcionn agus rachaidh ar gcúl le titimín an tráthnóna. Beidh géarchéim chrua airgid ag an mbanc ina bhfuil mac an aire ina bhainisteoir air, ach tabharfar bónas mór ramhar dó ar son a chuid iarrachtaí ar an teip a cheilt.

Tiocfaidh cluichí gliaireacha ar ais mar spórt mórfhéachana, ach inimircigh ó bhaill éagsúla den domhan a bheidh in aghaidh a chéile chun báis. Beidh éileamh thar an gcoitiantacht orthu agus comhlachtaí teilifíse i gcomórtas le chéile d’fhonn a dtaispeáint. Déanfar airgead dá réir sin a rachaidh chun billí díbeartha na ndaoine a bhuafaidh a chur ar ais go dtí an poll as a dtáinig siad.

Is mó rud eile a chonaic mé i bputóga an ghabhair ach ní den trácht seo iad ar eagla go gcuirfeadh siad níos mó léitheoirí ón doras.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar