Conan O’Brien ar dhráma teilifíse TG4 Ros na Rún

Tugadh ról don fhuirseoir Meiriceánach i mír leis an aisteoir Macdara Ó Fátharta sa sobaldráma fadbhunaithe

FOCLÓIR: Sobaldráma – soap opera; fuirseoir – comedian; an Iorua – Norway; an Téalann – Thailand; seit saintógtha – purpose-built set; idirghníomhú - interact; comhráite – conversations; léiritheoir – producer.

Ní minic a fheictear duine de réalta mhórmheáin Mheiriceá i dteach tábhairne “ag éileamh íocaíochta” ar fhear an tí trí Ghaeilge.

Ach sin go díreach a tharla nuair a fuair an fuirseoir agus pearsa theilifíse cháiliúil Conan O’Brien páirt i Ros na Rún, sobaldráma TG4, agus é ar cuairt ar na críocha seo níos luaithe i mbliana.

Bhí O’Brien in Éirinn i mí Eanáir le clár a thaifeadadh mar chuid de chamchuairt a thug sé ar cheithre thír do shraith nua mhagúil taistil leis dar teideal Conan O’Brien Must Go.

READ MORE

“Tháinig siad i dteagmháil linn agus dúirt siad gur bhreá leis páirt bheag a bheith aige i Ros na Rún, áit a mbeadh sé ag labhairt na Gaeilge,” a dúirt Marion Ní Loingsigh, léiritheoir sraithe Ros na Rún le Tuarascáil.

Dúirt Ní Loingsigh gur cuireadh fáilte roimh an dúshlán páirt spraíúil a chumadh don aoi-aisteoir sa sobaldráma.

“Tá lucht leanúna mór millteach ag Conan O’Brien go háirithe i measc an phobal Gael-Mheiricéanach. Deis iontach a bhí ann dúinne,” a dúirt sí.

Tá Ros na Rún ar an bhfód le hocht mbliana fichead anois agus ar nós sobaldráma ar bith ar fiú trácht air, bíonn cora casta an tsaoil, rómánsaíocht, feall agus cur i gcéill fite fuaite i scéal carachtar na sraithe.

Ní beag an rud é páirt nua a chumadh i scéal ar bith. Ach sa sobaldráma seo, léirítear breis agus cheithre scór clár thar thréimhse sé mhí scannánaíochta i ngach srath agus bíonn go leor gnéithe gur gá a bheith airdeallach orthu.

“Bhí obair i gceist go cinnte,” a dúirt Ní Loingsigh.

“Chun go mbeadh sé déanta i gceart ó thaobh an lucht féachana de agus ó thaobh an chláir de, chaithfeadh sé oibriú mar mhír.”

Tugadh ról do O’Brien i radharc amháin le fear an tí Tadhg Ó Direáin (Macdara Ó Fátharta).

“Tagann sé isteach i dTigh Thadhg chun balúin a sheachadadh. Bíonn sé ag cuardach íocaíochta agus bíonn cúpla focal idir é féin agus Tadhg. Agus, mar a bheadh súil agat leis, ní dhéanann Tadhg rudaí éasca air,” a dúirt Ní Loingsigh.

Mar a bheifí ag súil leis, tháinig an seisiún taifeadadh go réidh le O’Brien .

“Bheadh a fhios go maith agat go raibh sé an-chleachtach ar chúrsaí teilifíse,” a dúirt Ní Loingsigh.

“Bhí neart cainte agus gáire ann, mar a bheadh súil agat leis,” a dúirt sí.

“Bhí na ceisteanna cearta á gcur aige ar an stiúrthóir agus ní raibh gá treoir a thabhairt dó ach an aon uair amháin.

“I ndiaidh sinn ní raibh air ach na focail a rá ar bhealach a thuigfeadh lucht féachana Ros na Rún.”

“Agus d’éirigh linn, buíochas le Dia.”

Gaeilge Uí Bhriain

Thug an comhairleoir teanga Kevin Hussey treoir agus tacaíocht do O’Brien.

“Taobh istigh d’achar an-ghairid thuig sé céard a bhí le rá aige, agus thuig sé céard a bhí á rá aige,” a dúírt Ní Loingsigh.

“Ní hé go raibh sé díreach ag déanamh athrá ar ar an méid a léigh sé ach bhí sé ag iarraidh go mbeadh sé cruinn agus é a rá chomh maith agus a bhí sé in ann.”

“Caithfidh mé a rá go raibh sé an-dearfach ó thaobh na teanga,” a dúirt Ní Loingsigh.

“Nuair a dúirt sé rud éigin a bhí mícheart bhí a fhios aige féin. Bhí sé á léamh ar chártaí Kevin a bhí scríofa aige de réir fhoghraíocht na bhfocal.

“Déarfadh sé ‘tá mé in ann é sin a rá ar bhealach níos fearr’ agus ansin scríobhfadh sé féin amach an focal ar bhealach a bheadh níos éasca dó é a rá.”

Cur chuige eile ar fad a bhí ag RTÉ nuair a tháinig O’Brien ina aoi ar an Late Late Show.

Iarradh ar an lucht féachana comharthaí a chrochadh in airde ar a raibh ainmneacha Gaeilge scríofa orthu agus tugadh cuireadh do O’Brien na hainmneacha a léamh.

Bhí blas róláidir ann den chlaonadh sin a fheictear go rómhinic sna meáin Bhéarla nuair a dhéantar díspeagadh ar phobal na Gaeilge agus níorbh aon ionadh é nuair a cáineadh an mhír.

Luach

Ní hé O’Brien an chéad aoi mór le rá a fuair páirt i Ros na Rún - ina measc go dtí seo bhí an t-aisteoir Stephen Fry, agus na ceoltóirí Daniel O’ Donnell agus Nathan Carter.

Ach b’fhéidir nach iad na haíoanna an scéal is suntasaí a bhaineann le Ros na Rún ach a thábhachtaí is atá an sobaldráma úd don Ghaeltacht agus dóibh siúd ar mian leo gairm Ghaeilge a bheith acu san earnáil fís-fuaime.

Más fíor gur oscail scannán Colm Bairéad, An Cailín Ciúin, súile shaol an Bhéarla ar earnáil scannánaíochta na Gaeilge, ní beag an bhaint a bhí ag Ros na Rún leis an earnáil sin a chothú.

“Tá sé go hiontach don earnáil ar an taobh seo tíre,” a dúirt Ní Loingsigh

“Fostaítear suas le 200 duine ar chuile shraith idir criú, scríbhneoirí, aisteoirí agus daoine breise a bhíonn sa chlár.”

“Tugann sé ardán freisin dóibhsan a ngairm a fhoghlaim agus taithí a fháil ar an scáthlán,” a dúirt sí.

“Reáchtálann muid cúrsaí agus bíonn muid ag iarraidh daoine a chur chun cinn san earnáil. Tá go leor á dhéanamh ag Ros na Rún agus bhí ón tús, le beagnach 30 bliain anuas,” a dúirt Ní Loinsigh.

Ach ní hamháin go bhfuil sé ábhartha ó thaobh na fostaíochta, nó fiú na siamsaíochta de, ach tá luach oideachasúil leis freisin.

Foilsíodh torthaí ar thaighde a choimisiúnaigh TG4 le deireanas a thaispeáin go mbaintear níos mó úsáid as TG4 ná riamh mar acmhainn agus deis oideachais sa seomra ranga. B’fhéidir go meallfaidh iarrachtaí Conan O’Brien breis daoine le breathnú ar an clár.

“Tá go leor daoine a deir go mbreathnaíonn siad ar Ros na Rún leis an Ghaeilge a fhoghlaim nó le barr feabhais a chur ar gcuid Gaeilge.

“Tá súil agam go spreagfaidh an clár daoine leis an cúpla focal a labhairt agus a bheith ag breathnú ar Ros na Rún,” a dúirt Ní Loingsigh.

* Craolfar iarrachtaí O’Brien ar Ros na Rún ar TG4 ar 30 Aibreán ag 8.30pm.


Suíomh gréasáin Achtanna.ie athnuaite

Athseoladh áis luachmhar gréasáin an tseachtain seo caite nuair a sheol an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl Achtanna.ie, bunachar de leaganacha achtaithe Achtanna an Oireachtais, agus na tiontuithe oifigiúla orthu, ó 1922 go dtí an lá atá inniu ann.

Forbraíodh an suíomh i gcomhpháirt le seirbhís aistriúchán Ghaeilge Thithe an Oireachtais. Bainfidh an pobal, dlíodóirí, mic léinn, iriseoirí, aistritheoirí agus b’fhéidir polaiteoirí, leas as an áis nuashonraithe sep.

Dúirt an Ceann Comhairle gur “táirge luachmhar de chuid Sheirbhís Thithe an Oireachtais é Achtanna.ie. Is céim eile chun cinn é i réimse na reachtaíochta, na teicneolaíochta agus na Gaeilge féin.”

Déanfar uasdátú ar an suíomh ar bhonn leanúnach agus mar a deir an Príomh-Aistritheoir, Vivian Uíbh Eachach, “Tá sé i gceist ag an Rannóg go mbeidh Achtanna.ie i lár an aonaigh feasta ó thaobh an reachtaíocht a chur i láthair an phobail go dátheangach.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.