BEOCHEIST: Plus ca change, plus cest le meme chose. Sin a deir na Francaigh agus cúrsaí fealsúnachta á bplé acu agus éistimid leis na Francaigh – an iomad b'fhéidir.
Ar ndóigh, tá an traidisiún béil agus an béaloideas fós fite fuaite sa ghnáthshaol laethúil, fiú sa lá atá inniú ann. Tá sé seo chomh fíor céanna dúinne a tógadh i gcathracha agus i bhfo-bhailte nua na tíre seo agus a bhí sé do na glúnta a tháinig romhainn. Bíonn deasghnátha an áidh agus an mhí-áidh ag chuile dhuine cé nach ligeann an náire do dhaoine áirithe é sin a admháil go minic.
Bhíos ag léamh faoi sheantraidisiúin a bhaineann leis an mbainis in Éirinn agus bhí meascán de thraidisiúin ann ag brath ar pé pisreoga a bhí in uachtar i do cheantar dúchais. Tá na cinn is tábhachtaí fós ar eolas ag na seandaoine ar ndóigh.
Dá bpósfá i mí na Bealtaine, ní bheadh aon rath ort ná ar an bpósadh. Iad siúd a phós san fhómhar is ag bailiú a bheidís an chuid eile dá saol. Bheadh an t-ádh leat dá bhfeicfeá trí shnag bhreaca le chéile ar maidin an phósta. A mhalairt de scéal dá mbuailfeá le sochraid ar an mbóthar agus tú ag dul chun na bainise.
Slua scléipe na bainise agus lucht caointe na sochraide, thógadar bóithre difriúla óna chéile i gcónaí. Bhí deasghnátha ann i leith fágáil an tséipéil agus déanamh (agus gearradh) an cháca.
Sa chuid sin de chontae Luimnigh a bhfuil cónaí orm féin, bhí traidisiún rásaíocht chapall acu: bhíodh na fir ag tiomáint na gcapall ón séipéal agus na mná taobh thiar díobh. Pé lánúin a shrois teach na bainise i dtosach, bhuafaidís buidéal fuisce nó suim bheag airgid éigin.
Tá traidisiún an-ársa acu i bparóiste dúchais mo chéile, leis, i ndeisceart na Gaillimhe. Baineann sé seo le teacht na n-abhlóirí chun na bainise. (Tá an traidisiún sin ag Moslamaigh áirithe dála an scéil.) De ghnáth tagann na fir sin a bhfuil aghaidh fidil ghránna á caitheamh acu i láthair nuair atá an dinnéar bainise díreach críochnaithe nó nuair atá an ceol agus an damhsa díreach tosaithe.
Bíonn sean-wellingtons agus éadaí aisteacha gioblacha ar na fir seo agus is minic iad ag damhsa leis an mbrídeach agus leis na cailíní coimhdeachta. Tá rud éigin urchóideach agus ábhairín drúisiúil ag baint leis an deasghnáth seo. Is siombail é d’anord na beatha. Meabhraíonn sé dúinn nach bhfuil smacht dá laghad againn ar chúinsí na beatha daonna seo. Ligimid orainn go bhfuil, ar ndóigh; cuirimid dallamullóg orainn féin i gcónaí. Ach sin scéal eile.
Téann deasghnátha áirithe i léig agus tagann cinn nua chun cinn. Ach is deas iad na sean-deasghnátha traidisiúnta seo agus tá sé tábhachtach go mbeadh eolas ag an gcéad ghlúin eile orthu. Cabhraíonn siad linn chun ciall a bhaint as an mbeatha seo. Cuireann siad cruth áirithe ar an anord sin a cheileann feidhm fhírinneach na beatha orainn i gcónaí.
Tá coinbhinsiún nua tagtha chun cinn le cúpla bliain anuas san Iarthar, go háirithe sna tíortha sin ina bhfuil an fhealsúnacht “Ghlas” i réim. Agus tá a rian sin le feiceáil i réimse an phósta fiú.
Nod nó dhó duit más Glasach thú: déan iarracht cúrsaí taistil a theorannú más féidir. Eagraigh busanna dóibh siúd ar mian leo a gcuid astuithe carbóin a laghdú. Tá líon na ndaoine óga a bhfuil a gcarranna féin acu (nó níos mó ná carr amháin!) imithe thar fóir le cúpla bliain anuas.
Is féidir pacáistí difriúla bláthanna a cheannach anois. Cé go sílfeá gur rudaí “glasa” iad na bláthanna iontu féin, fástar mórán de na bláthanna a cheannófá sna siopaí inniu i dtithe gloine móra. Fásann comhlachtaí móra na bláthanna sin go tapa trí úsáid a bhaint as ceimiceáin agus lotnaidicídí difriúla a dhéanann an t-uafás damáiste don timpeallacht.
Na brídeacha éiceabhácha sin, cinntíonn siad nach bhfuil acu ach bláthfhleasc de phlandaí inbhuanaithe agus torthaí orgánacha is bláthanna léana ina lár. An rud is éasca, agus is ciallmhaire, b’fhéidir, ná athchúrsáil éadaí.
Sna Stáit Aontaithe tá go leor suíomh Idirlín ann a chabhraíonn le brídeacha nua teagmháil a dhéanamh le daoine eile nach bhfuil go hiomlán tógtha le hearraí nua agus go bhfuil spéis acu i mbabhtáil éadaí nó díol agus ceannach earraí dara láimhe, gúnaí pósta ina measc. Fad is nach bhfuil cuma róchaite ar an bhfeisteas pósta, ní gá an t-uafás airgid a chur amú ar na sóbhrandaí is déanaí, an gá?
Chun páipéar a shábháil b’fhiú fáil réidh leis an bpáipéarachas go léir a bhaineann le bainisí an lae inniu, na cuirí pósta galánta sin agus na cártaí eile a deir cá bhfuil gach duine le suí. Tabhair cead do na haíonna suí cibé áit is mian leo.
Mar fhocal scoir, eagraigh cúrsaí bia ar scála beag agus ná lig do dhaoine iad féin a phulcadh an iomarca.