An chead tuarascail on Choimisineir

D'fhoilsigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a chéad tuarascáil Dé Luain

D'fhoilsigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a chéad tuarascáil Dé Luain. Ó cheap an tUachtarán é ina Choimisinéir mí Feabhra anuraidh, 304 gearán a fuair a oifig.

Bhain na gearáin sin le heaspa foirmeacha agus comharthaíochta i nGaeilge nó comhfhreagras i mBéarla don chuid is mó. Fiche comhlacht a sháraigh a ndualgais reachtúla i leith na teanga.

Thug sé suntas do dhá ábhar ar leith; scríobh Ó Cuirreáin go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh ar theagasc na Gaeilge sa chóras oideachais agus go raibh polaiteoirí ag déanamh faillí sa teanga i dTithe an Oireachtais.

Tuairim is €500 milliún d'infheistíocht agus beagnach 1,500 uair an chloig de theagasc a bhí i gceist. Bhí "géarghá le hathbhreithniú cuimsitheach, fuarchúiseach ar gach gné d'fhoghlaim agus de mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais, le cinntiú go mbeidh sé mar thoradh ar mhór-infheistíocht leanúnach an Stáit sa teanga go mbeidh ardchumas agus líofacht sa teanga ag daltaí ar fhágáil scoile dóibh ... má táimid dáiríre faoin teanga a chur chun cinn i ngach gné de shaol na tíre - an riarachán poiblí san áireamh."

READ MORE

Scríobh sé nár cheart an locht ar fad a chur ar mhúinteoirí nó ar an teanga féin mar choincheap, ar an dóigh chéanna nach gcuirfí "an locht ar choincheap na matamaitice mar ábhar dá mbeadh an fhadhb chéanna ag baint le sealbhú cumais san ábhar sin, tar éis infheistíocht mhór a dhéanamh ina teagasc."

(Ach an ligfeadh cigirí scoile do dhaltaí an scoil a fhágáil, bliain i ndiaidh bliana, gan iad bheith ábalta suimiú agus an mbeidh tionchar ar bith ag caint an Choimisinéara ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin?)

Ní chuireann Ó Cuirreáin fiacail ann ach an oiread agus é ag scrúdú ról na Gaeilge i dTithe an Oireachtais, áit a raibh: "níos lú na 1 faoin gcéad de na díospóireachtaí sa Dáil agus sa Seanad trí Ghaeilge sa bhliain roimhe sin. Ciallaíonn sin, gur geall le hinstitiúid aonteangach Bhéarla iad Tithe an Oireachtais, le breis agus 99 faoin gcéad de na díospóireachtaí trí Bhéarla iontu.

"Is follasach óna bpáirtíocht i ndíospóireachtaí ar na meáin Ghaeilge, idir raidió agus theilifís, nach léargas fírinneach ar bith é an figiúr seo ar líon na dTeachtaí Dála agus Seanadóirí a bhfuil cumas díospóireachta trí Ghaeilge iontu.

"Bíonn súil le ceannasaíocht ó ionadaithe tofa. Caithfear an cheist a chur, cén chúis atá lena laghad Gaeilge a bheith á úsáid i ndíospóireachtaí i dTithe an Oireachtais?"

Chreid sé gur "imeallú" a bhí ann agus go b'fhéidir go mbeadh "impleachtaí móra aige d'inmharthanacht na teanga".

Anois ó tá figiúirí cruinne le fáil faoi úsáid phoiblí na Gaeilge i ngnóithe polaitíochta, is spéisiúil fáil amach an dtiocfadh feabhas ar chúrsaí. An léireoidh polaiteoirí an cumas ceannasaíochta a chreideann sé bheith iontu?

Baineann tábhacht le cineál agus líon na ngearán a fuair an Coimisnéir. Ach ní hé sin an chuid is suntasaí den tuarascáil. Tá cumas sa Choimisinéir, b'fhéidir thar duine ar bith eile, díospóireacht náisiúnta a thosú ar a théarmaí féin. Seo fear Gaeltachta, a thuigeann na dúshláin atá roimh an earnáil dheonach agus a bhfuil oifig stáit aige ina dtig leis aird a tharraingt ar laigí agus ar fhaillí teanga - agus iad a chur ina gceart.

Tá tuarascáil iomlán an Choimisinéara le fáil ag www.coimisineir.ie nó is féidir cóip chrua a ordú: 1890-504006