CROBHINGNE:TÁ AN díospóireacht um an nginmhilleadh ag boirbeáil chun teasa arís. Is maith sin. Tá siad ann a mhaíonn gur drochrud an díospóireacht seo toisc go bhfuil sé "dibhidhsibh" agus go gcuireann sé daoine in adharca a chéile.
Ceann de mhaitheasaí shaol poiblí na hÉireann ná gur féidir linn díospóireacht mhór leathan a bheith againn timpeall ar nithe tromchúiseacha, pé acu an mbaineann leis an gcaidreamh le tiarnas na hEorpa, an córas vótála, colscartha nó ceist bháis agus bheatha.
Ní hiontas go mbeadh cuid acu teasaí agus borb, mar gabhann siad go bun na tuisceana ar cé sinn agus cad chuige rud ar bith. Is beag tír eile Eorpach, ná áirím domhanda, a bhfuil an phribhléid sin aici.
In Éirinn, is féidir linn díospóireacht phoiblí a bheith againn, agus ná seachantar sin! Níor ghá gur allagar ardréime é, agus is minic nach ea. Feictear an phléideáil shuarach, na heisceachtaí truamhéalacha, an chaime argóna, an mhíbhrí d’aonghnó, an casadh béil, an “cad-mar-gheallaireachas”, an dearmad oiriúnach.
Ar éigean a athraítear intinn daoine le hargóintí réasúnta, ach fothaítear an seasamh atá acu ar an gcultúr coiteann atá ina dtimpeall. Baineann an cultúr coiteann sin leis an mbaicle ar de dhuine é, go minic i ngan fhios dó.
Aighneas idir cearta a chuirtear os ár gcomhair: mar atá, ceart na máthar a rogha rud a dhéanamh fad is atá sí torrach versus ceart an linbh sa bhroinn a theacht ar an saol.
Cuimlítear na cearta seo le hurlabhraíocht chuí, “Ar son na beatha”, nó “Ar son na rogha”, bíodh nach mbaintear an craiceann anuas díobh seo ach go hannamh. Ceaptar gurb argóintí creidimh is reiligiúin iad i gcoinne áitimh liobrálacha agus saolta, agus is minic gurb ea. Mo thuairim féin, go bhfuil sé i bhfad níos iontaí ná sin.
Is argóint í idir an tsamhlaíocht agus easpa na samhlaíochta.
Cuirtear an creideamh i leataoibh na slí go fóill, agus na daoine atá ar son na beatha sa bhroinn ach gur cuma leo buamaí a chaitheamh anuas ar shibhialtaigh in áiteanna neamhshibhialta; agus déantar dearmad ar na daoine a chosnódh an sceimhlitheoir amuigh ansin ach a bheadh breá sásta leanbh nár saolaíodh a chaitheamh sa chiseán – fágtar na gnáthmhaidí aighnis taobh amuigh den doras. Fillimis ar cad is brí lena bheith beo. Dá smaoineofá air, bhainfeadh sé an cloigeann díot.
San lúidín sin agat, san fhiaile taobh amuigh den doras, sa chuileoig ina seasamh ar an daba ime, san daba ime féin, sa mhagairlín meidhreach ar imeall na slí, sa mhiocrób a thugann ort do thóin a thochas, tá níos mó den bheatha in aon cheann ar bith díobh sin ná sa chruinne uile go léir, siar amach, ó sháil go rinn, bun barr, tús deireadh, ar feadh na milliún de sholasbhlianta. Sin é is tábhachtach faoin mbeatha. Tá uathúil, dochreidte, sainiúil, seansúil, speisialta.
Agus ansin, tá tú féin. B’fhéidir go gceapann tú nach míorúilt tú toisc nár bhuaigh tú an crannchur. Ach bhuaigh. Bhuaigh tú crannchur i bhfad níos trilliúinseansaí ná an crannchur náisiúnta, ná EuroMilliúin ná elGordo. Bhuaigh tú crannchur na beatha, an crannchur is do-áirithe seans, is dochreidte áirimh, is domhínithe tuisceana dá raibh riamh ann lasmuigh de chlocha is den damhna dorcha.
Is anseo a thagann an tsamhlaíocht chun solais. Smaoinigh arís ort féin. Sa sceitheadh síl a dhein d’athair bhí 300 milliún eile nár éirigh leo. Cad a tharla dóibh? Cá bhfuil siad anois? Cad ba dhán dóibh, dá bhfaigheadh cothrom na beatha? Cad ina thaobh gur tusa a shroich an sprioc seachas mo dhuine taobh leat? An raibh aon bhaint agatsa leis sin? An dóigh leat go bhfuil tú níos fearr ná gach sponc eile den 300 milliún? An raibh aon bhaint agat le torthúlacht do mháthar ag an am faoi leith sin a raibh leath-dhíot ar do thuras?
Agus ansin tá na sceitheanna síl sin ar fad nár bhain le giniúint. Agus na trilliúin ubh bhaineann a d’imigh i bhásta. Agus stair na cúpla milliún bliain roimhe sin gur luigh an duine seo leis an duine siúd ag nóiméad faoi leith cinniúnach. Hé, féach, an seans gur tusa atá anseo seachas cúpla zilliún eile is seans é nach bhfuil áireamh air. An seans gur tusa atá anseo seachas cúpla zilliún xilliún williún yilliún qilliún rilliún hilliún ilmhultiqhuadrikhilliún eile, is tomhas gan tomhas é.
Mura mbeadh ann ach an méid sin féin, nár dhóigh leat go ndéanfaí an seans míorúilteach sin a chosaint, gan cheist?
Nár dhóigh leat go mbeadh an chuid ghairid dheiridh den turas sin na zilliún seans slán sábháilte gan chontúirt?