Aon scéal?

TÁ scéim nua scannán ag TG4 darb ainm, Scéal, a scríobhann Pól Ó Muirí

TÁ scéim nua scannán ag TG4 darb ainm, Scéal, a scríobhann Pól Ó Muirí.Tá an stáisiún ar lorg iarratas faoi láthair ó scríbhneoirí agus stiúrthóirí le hathchóiriú a dhéanamh ar shaothar ó litríocht na Gaeilge nó ón bhéaloideas don teilifís.

Is é Ciarán Ó Cofaigh – fear a raibh baint mhór aige le sraith iontach TG4 Na Cloigne– léiritheoir na sraithe nua seo. Dúirt sé leis an cholún seo go raibh an scéim "ag tógáil ar obair a bhí déanta cheana féin" ag an stáisiún leis na scéimeanna forbartha Síol agus Údar agus go raibh siad "ag iarraidh leathnú amach agus leanganacha comhaimseartha de scéalta a chur ar fáil".

D’fhéadfaí dán, amhrán, scéal béaloidis nó scéal traidisiúnta a roghnú mar ábhar don scéim agus bíodh is go raibh “an bhéim ar scéalta a bhí aitheanta” níor ghá “go mbeadh sé cáiliúil”.

Bhraith sé go raibh “cúiseanna ann gur inis muid na scéalta sin” dúinn féin agus go raibh “na buntéamaí fós ionainn”. Ba é a mhian “na seantéamaí a tharraingt isteach i meán na teilifíse agus iad a choinneáil beo ar bhealach nua”.

READ MORE

Ceann de na rudaí a bhí suntasach faoin chúrsa seo an bhéim ar an traenáil agus ar an fhorbairt, a dúirt Ó Cofaigh. Beidh ceardlanna scríbhneoireachta ar fáil i gConamara don tseisear a bhainfidh an gearrliosta amach agus chuirfí lóistín ar fáil dóibh.

Beidh comhairle le fáil ag na rannpháirtithe ó eagarthóir scripte agus ceapfar stiúrthóir ar leith ar gach togra ag deireadh an phróisis. Tá rún ag TG4 na cláir chríochnaithe a chraoladh in 2012.

Bhí lucht Scéal ag iarraidh “breith ar lámh duine go pointe” agus cuidiú leo a dtallann a fhorbairt i gcuideachta saineolaithe teilifíse, a dúirt sé.

“An-deis a bhí ann” do dhaoine a raibh spéis acu i gcúrsaí teilifíse obair le léiritheoirí, stiúrthóirí agus scríbhneoirí d’ardchaighdeán.

Eolas: www.tg4.ie/sceal