BEOCHEIST:
"Last night as I lay dreaming of pleasant days gone by,
Me mind being bent on rambling to Irelands Isle did fly,
I stepped on board a vision and I followed with a will,
And shortly I came to anchor at the cross of Spancil Hill."
AR AN 23ú Meitheamh, Lá Shain Seán, a thionóltar aonach cáiliúil Spancil Hill. De bharr an amhráin, is dóigh, ainneoin choitiantacht an ainm, bhí an uair ann go sílinn go mba áit chomh haduain leis an Domhan Thoir í Spancil Hill.
Chuirinn suim chíocrach san aonach a luaití léi cé nárbh fheasach mé go baileach cá raibh sí.
I ngar do Dhroichead Abhann Ó gCearnaigh, a dúradh liom. I ngar do Chill Mhuire, i ngar do Chill Chisín. I bhfogas cúpla míle do Thulach Uí Fhloinn. I bhfogas achairín do theach tábhairne Norrie Hinchy arb é, a deirtear, an dara teach tábhairne cláraithe is seanda in Éirinn. Ach cá bhfuil na háiteacha sin?
“I bparóiste Chluanaidh atá Spancil Hill!” Ach cá raibh Cluanadh? An raibh foireann iománaíochta nó peile acu? Cathair ghríobháin de bhóithríní is de chúlbhóithríní. Cúlbhóithrín driseach ar chúlbhóithrín driseach. Tá Spancil Hill ar na háiteacha is cúlráidí in Éirinn!
Bhí comhsanacht an aonaigh ballach le bollaird, an fógra ‘Ná Loctar’ scríofa ar cheann acu. Ar son na diabhlaíochta d’fhiafraíos de gharda óg céard ba chiall leis an bhfógra. D’fhreagair sí nárbh fheasach di.
“B’fhéidir,” arsa mise, “gur ‘Ná hÍoctar’ ba cheart a bheith ann?” Níorbh fheasach di. “Tá faitíos orm nach féidir liomsa cuidiú leat ach oiread,” arsa fear a chuala muid.
“An cainteoir Gaeilge thusa? As Leaca an Éadain i ndeas do Loch Gréine mise. Bhfuil a fhios agat,” ar sé, “go dtabharfainn go leor as a bheith in ann Gaeilge a labhairt!”
Ar nós na n-aontaí seo ar fad bhí mórán chuile chineál capaill, idir dhath, mhéid is mhianach ar spáint.
A mbunáite cóirithe go maith, a mbunáite ina seasamh go brionglóideach. Corrcheann ceáfrach. Corrcheann le searrach. Na hasail amhlaidh.
Diallaití ar cheanna de na capaill; a gcumas siúil, reatha is léime á dtriail. Capall slím ruabhallach, na sé lámh déag go leith ar airde, a corónaíodh mar sheaimpín.
Asal slím slachtmhar a raibh cruifí ar a chrúba a corónaíodh mar rí na n-asal. Cruifí ar asal! An mbíodh cruifí ar asail fadó?
“Cé méad atá tú a iarraidh ar an asal sin?”
“Ní fhéadfainn dóthain a iarraidh! An gcreidfeá seo go ndearna seisean dromaíocht ar maidin ar cheithre bhaineann sular thugas ar an aonach chor ar bith é?”
Fógraíodh comórtas don bhean ab fhearr gléasta, ach níor chuir aon bhean isteach air. Shíleas go mbeadh an toradh céanna ar chomórtas na bhfear. Go mbeadh líon na n-iomaitheoirí chomh tearc le comórtaisí áiride Oireachtais! Láithreach bonn baol, ámh, shiúil fear amach.
Na trí scór slánaithe aige, a déarfainn, ach é slachtmhar i gcolainn is i gculaith. Naipcín dearg ag gobadh aníos as a phóca brollaigh, hata ard ar a cheann, maide spaisteoireachta go sciliúil ina láimh; shiúil sé siar is aniar an t-airéana bog páirce. Imirceach sa bhaile i 50í an chéid seo caite, a samhlaíodh dom.
Bhí súil agam go ngnóthódh sé. Bhí súil agam go dtabharfaí dó pé duais bheag a bhí ag imeacht agus nár rosette ná corn ach rud mór airgid í.
Sheas mé ar an gcnocán aerach os cionn an aonaigh, mé ag iniúchadh an tseó. Chuile chineál créatúir idir aois, mhéid, choisíocht, feisteas éadaí, bróg is buataisí.
Daoine ar mhaidí croise, daoine a bhí bacach, daoine a raibh fás giobach ar a n-éadan. Éadain shíonchaite. Éadain chrua. Balcairí. Scafairí. Go sílfeá gurbh í an Tibéid í!
Ar mo bhealach amach dom casadh capall is marcach orm. Capall dúdhonn a bhí chomh slíoctha lena bhfaca tú riamh, a chuid fearaistí úma idir adhastar, shrianta, ghad muiníl, dhiallait is ghad boilg, iad uilig den leathar ab fhearr.
Ach go mba í a mháistreás ar a dhroim a bhain an bharrdhuais, í chomh pioctha gléasta lena heach. Bríste triúis, seaicéad, láimhíní leathair, maide marcaíochta, clogad cinn. Guth urlabhra aoibhinn. Ó, a dheirfiúirín! Ba í an bhanríon í!
“Na téirigh orlach níos fuide,” arsa fear meánaosta léi, “ceannódsa do chapall má chaitear thú fhéin isteach leis!”
“Cea nach gceannóidh tú mise má chaitear mo chapall isteach liom?”