Tuarascáil: Bhí dhá ghealbhan ina gcónaí ar chrann. Bhí nead an-deas tógtha acu dóibh féin agus tháinig an lá go raibh sí lán d'uibheacha mar nead. Uibheacha beaga gleoite.
An plean
Maidin amháin, tháinig eilifint agus é ag lorg scátha faoin gcrann. Bíonn eilifintí ait uaireanta. Téann siad as a meabhair chun na fírinne a rá, go háirithe aimsir an earraigh. Agus chuaigh an eilifint seo as a mheabhair an mhaidin áirithe sin. Glan as a mheabhair!
Réab sé géag mhór den chrann, an ghéag ar a raibh nead na ngealbhan suite.
A Mhaighdean go deo, scriosadh na huibheacha go léir. Ach tháinig an dá ghealbhan slán, buíochas le Dia. Má tháinig, bhí an mháthair bhocht faoi bhrón i ndiaidh na n-uibheacha. Agus cén fáth nach mbeadh? Ní raibh an t-athair róshásta ach an oiread. "Scrios air mar eilifint!" ar seisean.
Tháinig cara leo - an cnagaire adhmaid - agus é ag iarraidh sólás a thabhairt don dá éan. Smaoinigh seisean ar dhíoltas a bhaint amach.
"Tá plean agam!" arsa an cnagaire.
"Tá plean agat?" arsa na gealbhain as gob a chéile.
"Tá, siúráilte, a chairde. Éistigí..."
Chuaigh an cnagaire go dtí an corrmhíol.
"Éist liom, tusa," arsa an cnagaire leis an gcorrmhíol. "Tá an-phlean agam. Maróimid an eilifint."
"Maróimid an eilifint???" arsa an corrmhíol agus iontas nach beag air. "Conas?"
"Mar seo," arsa an cnagaire. "An bhfuil tú ag éisteacht?"
Thug an cnagaire cuairt ar an bhfrog ansin.
"An-phlean!" arsa an frog. "Agus cén pháirt atá agamsa sa ghnó seo?"
Bhí an frog sásta nuair a chuala sé an scéal.
Agus is é seo an plean a bhí ag an gcnagaire. Ar dtús, d'iarr sé ar an gcorrmhíol canadh os íseal i gcluas na heilifinte. "Le cúnamh Dé, a chara," ar seisean, "dúnfaidh an eilifint a dhá shúil go suaimhneach nuair a chloisfidh sé an glór breá binn sin agat. Ansin, piocfaidh mise an dá shúil amach as a cheann! Faoin bhfrog a bheidh sé ansin an chuid eile den phlean a chur i gcrích."
Agus sin díreach an rud a thit amach!
"Nach deas an ceol é sin!" arsa an eilifint agus aoibhneas air. "Is maith liom gur maith leat mo cheol," arsa an corrmhíol ina aigne féin. Tháinig an cnagaire groí agus thapaigh a dheis. Plurp! Plurp! Phioc sé na súile amach as a cheann.
"Ó mo léan, táim gan radharc!" arsa an eilifint.
Ansin, sheas an frog in aice le clais mhór sa talamh agus thosaigh sé ag grágaíl ar nós an diabhail. Crác-crác! Crác-crác! Mheas an eilifint gur lochán a bhí sa chlais mar is sa lochán nó ar a bhruach a bhíonn na froganna i gcónaí. Isteach leis. Isteach leis, sea - ach níor tháinig sé amach ó shin. Agus ní thiocfaidh.
"Ní neart go cur le chéile," arsa na gealbhain lena gcairde dílse, an cnagaire, an corrmhíol agus an frog.
Is binn béal...
Bhí dhá ghé fhiáine ann uair amháin agus bhí siad an-mhór le toirtís bheag. Níl aon rud ar domhan is mó a thug sásamh dóibh ná a bheith ag spraoi le chéile sa loch. Thaitin an t-uisce go mór leo, níos mó ná aon rud eile - seachas comhluadar a chéile, ar ndóigh.
Lá amháin thug siad faoi deara go raibh uisce an locha ag ísliú de réir a chéile. "An é mo shamhlaíochtsa é?" arsa an toirtís, "nó an bhfuil an t-uisce ag éalú? Tá poll sa loch! Caithfimid teacht ar an bpoll agus é a stopadh."
Ach bhí a fhios ag na géanna cad a bhí ag tarlú. Chonaic siad a leithéid cheana. Triomach.
"Is gearr nach mbeidh aon uisce in aon chor fágtha," ar siad. "Caithfimid éalú linn agus loch eile a aimsiú."
"Níl sibh chun mise a fhágáil anseo, an bhfuil?" arsa an toirtís.
"Ach níl eitilt agat, a chara," ar siad.
"Leanfaidh mé sibh ach - tógfaidh sé tamall orm, tá a fhios agaibh ... is toirtís mé agus - agus, rud eile ... b'fhéidir - b'fhéidir nach n-aimseoidh mé an loch nua go brách."
Ní fhéadfadh na géanna a gcara a fhágáil ina ndiaidh, an cara is fearr a bhí ag éinne riamh. Smaoinigh siad ar phlean.
"Beidh orainn labhairt le hIógaí Iolar!" ar siad.
"Ná bac leis siúd," arsa an toirtís. "Nach bhfuil plean níos fearr agaibh?"
"Níl ach réiteach amháin ar an scéal mar sin," ar siad.
"Scaoiligí chugam é," arsa an toirtís.
"Beidh ort bata a chur i do bhéal."
"Bata?"
"Bata."
"A chur i mo bhéal."
"A chur i do bhéal."
"Bata a chur i mo bhéal. Go breá. Fág fúmsa é. Agus ansin?"
"Agus ansin iompróimidne ón dá thaobh thú."
"Beidh mé ag eitilt!"
"Beidh. Bhuel, is sinne a bheidh ag eitilt ach ní ligfimid síos thú!"
"Ní ligfidh sibh - Ó, ceann maith é sin. Há há!"
Fuaireadar bata breá láidir.
"Anois," arsa na géanna, "rud beag amháin. Níl cead agat do bhéal a oscailt. Tuigeann tú cén fáth, ar ndóigh."
"Ar ndóigh," arsa an toirtís.
Agus as go brách leo. D'fhéach an toirtís síos ar an loch, an loch lonrach nach bhfeicfeadh sé go deo arís. "Dia go deo leis na seanlaethanta," ar seisean ina aigne féin.
D'eitil siad ar feadh i bhfad. Thíos fúthu bhí aibhneacha, goirt ríse, sléibhte is cnoic. Sa deireadh chonaic siad sráidbhaile, cúpla bó thall is abhus, cúpla eilifint agus tréad gabhar.
Bhí scata buachaillí óga i bhfeighil na ngabhar.
D'fhéach duine acu in airde agus chonaic sé an toirtís agus é á iompar ag na géanna. Scairt sé amach ag gáire. Thosaigh na buachaillí eile go léir ag gáire.
"Dia go deo linn!"
"Thar a bhfaca tú riamh! Há há há!"
Bhí olc ar an toirtís.
"Dhera," ar seisean, "riú-reá-readlum is giob geab atá agaibh!"
Leis sin thit sé go talamh. Tharla sé chomh tobann sin nach raibh a fhios aige go raibh sé marbh.
Birbal: scéalta ón India, saorchóirithe ag Gabriel Rosenstock. Tá cnuasach scéalta as an India le foilsiú aige ar ball.
corrmhíol midge - gealbhan sparrow - nead nest
poll hole - samhlaíocht imagination - toirtís tortise