Bun na dúide

Le tamall de bhlianta bhí siad ag imeacht uainn, na seanfhundúirí

Le tamall de bhlianta bhí siad ag imeacht uainn, na seanfhundúirí. Ar nós na bhfocal in amhrán Eric Bogle The Band Played Waltzing Matildana hAstráile: "But as year followed year more old men disappear/ Someday no one will march there no more."

Ar éigean dornán féin de shaighdiúirí fágtha i dtír ar bith a dhein troid sa chogadh mór barbartha gan chiall a dtugaimid An Chéad Chogadh Mór air. An méid sin díobh a tháinig slán ón ár agus ón aois tá an t-ádh leo go bhfuil a gcuimhne ar an slad agus ar an marú a dhein siad imithe i léig.

Le tamall de bhlianta bhí siad ag imeacht uainn, na seanfhundúirí; agus i gcás na tíre seo tá siad imithe ar fad. Cúpla seachtain ó shin fuair laoch deireanach chogadh na saoirse bás in aois a chéad is a cúig bliana dó. Níorbh aon timpist é gur Ciarraíoch ba ea Dan Keating, an duine deiridh seo den ghlúin a bhain saoirse amach don Stát agus ar ligeadh dá imeacht síothlú go ciúin as nuacht an lae. Óir, b'iad Ciarraí agus Corcaigh is mó a dhein an troid. Ar éigean saoirse tuillte ag sciartha móra den dúiche dá ndéanfá do mhachnamh air. Níor chúrsaí iontais mar sin é go raibh ceist na saoirse ina ball íogair riamh i measc na haicme sin nár ghlac puinn páirte sa ghnó, agus aicme láidir riamh ba ea iad.

Tá an scéal go maith ar eolas againn. Chuaigh reitric ard na saoirse i bhfeidhm ar an Stát nua. Ba laochra iad na fir agus na mná a throid ar chúl na gclathacha agus a chuaigh sa bhearna bhaol agus a sheol tríd an bhfoggy dew agus a dhein máirseáil ar shráideanna naofa Bhaile Átha Cliath. Mhair an móradh seo ar feadh leathchéad bliain go dtí go raibh an deachma íoctha ag an Stát aimsir na slógaí móra i 1966. Ina dhiaidh sin thosnaigh an roth ag casadh.

READ MORE

An dream staraithe a dtugtar na réivisionóirí orthu go coiteann, is iad a bhí i mbun an ruathair. Ní hé go bhfuil dianathscrúdú ar stair ná ar phobal ná ar fhealsúnacht ó bhonn incháinte ar chuma ar bith. Go deimhin, is cuma nó dualgas beannaithe é. Ní féidir a bheith beo á cheal. Is é gnó an scríbhneora - bíodh sé ina neach cruthaitheach ar nós an úrscéalaí nó ina shúmaire taighde ar nós an staraí - an saol a shamhlú as an nua, an úire a thabhairt isteach, an ghaoth a leathadh. Éiríonn reitric stálaithe; imíonn an puth aisti. Is geall le míorúilt í gur mhair reitric ghlúin na saoirse chomh fada sin mar a tharla. Éilítear craiceann nua.

Ach, d'fhocal gearr, bhí fuadar eile ar fad faoi chuid mhór de na réivisionóirí. Mar ní hann don staraí atá ar imeall na slí. Ní hann don staraí a bhfuil a ego ar faobhar na faille ag faire. Créatúr de chuid a linne is ea an staraí. Séideann gaotha na haimsire i láthair tríd. Iriseoir de chuid na haimsire caite is ea é agus claonta de chuid iriseoirí a aimsire féin á chomáint. Ní ghabhann trí pholl na staire fadó ach cúraimí na staire atá thuas. Is treise an dubhachas ná an oiriúint.

An fuadar a bhí faoi na réivisonóirí, d'fhocal níos giorra fós, b'é fuadar na seanaontachtóirí é. Fuadar an dreama nár ghéill riamh gur cheart go mbeadh stát saor neamhspleách ceannasach abhus agus gur cheart go mbeimis fós inár slánchuid den ríocht lastoir. Siolla síl de na slaoda rúin sin ní admhaítear, gan amhras. Ceist í nach gcuirtear os ard agus nach leoimhtear a lua. Is é bun na dúide arbh fhiú stát neamhspleách Éireannach a bheith ann in aon chor.

Cloiseann tú an ceistiú ós íseal nuair is mian le polaiteoirí go rachaimis ar ais sa chomhfhlaitheas Breataineach; nuair a dhéantar comóradh ar na hamhais Éireannacha a throid ar son na hImpireachta lofa i ngaobhar dúinn, mar mhalairt ar na Gaeil a throid ar son na nImpireachtaí lofa ar an Mór-roinn; nuair a thagann súlach le béala daoine nuair a luaitear "an bhanríon" nó duine cluasach dá sliocht; nuair a mhaítear gur cheart dúinn a bheith "aibidh"; nuair a mholtar dúinn tacaíocht a thabhairt d'fhoireann Shasana i ngach saghas caideolaíochta in ainneoin a cuid ainnise...

Níl siad imithe, tá's agat, na haontachtóirí ó dheas.

An bhuncheist a bhaineann le stair an Stáit seo, agus le stair na hÉireann soir ó thuaidh, ná cad chuige sinn? Thuig Dan Keating é sin go feileamanta, go díreach mar a thuig an dream sin atá imithe uainn anois ar fad. Pé lascadh is dual dúinn, is lascadh dár gcuid féin é, agus pé sádamhasacaisteachas is mian linn bainfimid ár gceol féin as, seachas ceol na gcomharsan. Sin é, leis, bun na dúide.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar