Céileog ar an gClochán

BEOCHEIST: A CHAIRDE, capaillín odhar as an Aill Fhraoigh é Céileog, arb é curadh chapaillíní Chonamara é, a bheas ag triall…

BEOCHEIST:A CHAIRDE, capaillín odhar as an Aill Fhraoigh é Céileog, arb é curadh chapaillíní Chonamara é, a bheas ag triall arís ar an gClochán an Déardaoin bheag seo, 18ú Lúnasa, ag dúil a chúigiú rosette as a chéile a ghnóthachtáil agus cé nár éirigh le Cill Chainnigh an mórghaisce údaí a bhaint amach sa bháire anuraidh ní lagaíonn sin dóchas Chéileog ná a mhuintire ná na mbailte máguaird. Triallfaidh an curadh seo ar an gClochán lán cinnte, fuinnimh, spreactha is brí.

Ar an riteacht shléibhe, ar an gcriathrach, ar an móinteán, ag smailceadh fraoigh, cíbe is fionntarnaigh, i gcomhluadar a chuid láracha – Glasóg, Póigín, Meantán, Fionnóg, Cam an Ime, Inbhear Órga, Lus na bPóg agus Ciotóg – a chaitheann Céileog bunáite a chuid laethanta; agus amanta freisin ag alpadh an fhéir ghlais i ngarraí. Ach ní réitíonn an iomarca solamair lena ghoile. Is í an aiste cheart bia, os cionn an tsúgartha, a choinníonn an loinnir cheart ina chuid róin.

Sin agus an corrlá oibre. Cé nach gcuirtear é ag tarraingt mhóna abhaile ón bportach, ag baint fhéir i gcluain ná ag tarraingt chéachta i mbranar, mar a ghníodh a shinsir roimhe, faoi gur capaillín sochma é Céileog bíonn laethanta ann a gcuirtear ag tarraingt charbaid é ar nós a chianmhuintire uaisle Ceiltí na blianta cairbreacha siar; agus ag rásaíocht ag na féilte san áit faoi go bhfuil sé lúfar; agus faoi go bhfuil sé cruadhéanta, aclaí, meabhrach, agus éasca le láimhseáil, beidh sé ag seóléimneach sa Chlochán chomh maith le bheith ag seóshiúlóid ansin.

Cé as a bhfuair Céileog a chumas? Cé as ar shíolraigh capaillíní Chonamara? Cé go bhfuil an capaillín portaigh Chiarraí ann bítear ag maíomh gurb é capaillín Chonamara an t-aon chapaillín dúchasach atá in Éirinn. Cé go dtuigtear, murab ionann is an capaillín dúchasach Íoslannach nach measctar aon phór eachtrannach leis, gur meascadh an-chuid genes thar na blianta i gcás an chapaillín Éireannaigh; géinte de chuid chapaillíní Lochlannacha, Spáinneacha agus Arabacha. Chomh maith le póir eile is uirísle is dóigh!

READ MORE

Thar na blianta, mar thoradh ar an meascán seo, tá athrú mór tagtha ar chapaillín Chonamara. Thar aon athrú eile tá sé níos airde anois ná mar a bhíodh agus tá dathanna róin air nach mbíodh. Le nach ligfí an scéal chun ródhonachta, ámh, bunaíodh Cumann Chapaillíní Chonamara, 1923.

É mar chuspóir ag an gcumann an cás uilig a iniúchadh agus rialacha cruinne a leagan síos i dtaca le pórú, clárú agus rangú. De réir na rialacha níor chóir don chapaillín Chonamara a bheith níos airde – is é sin ó dhronnóg go crúb – ná ceithre lámh déag, dhá orlach (148ceintiméadar). Orlach faoi bhun an uasphointe sin atá Céileog. Odhar is glas a bhíodh na bunchapaillíní seo ach go gceadaítear donn, ruadhonn, caorach agus dubh an lá atá inniu ann.

Murab ionann’s fadó, nuair gur minic a tugadh na capaillí isteach díreach ón sliabh lena spáint, tóraítear cóiriú áirid anois. Éilítear go mbeadh an mhoing agus an t-eireaball cíortha, an rón glanta, ach ní mholtar an róshnasachán. Comhairlítear an capaillín a bheith ag breathnú nádúrtha, gan róbhearradh ná trilseáin.

Ba é an cumann thuasluaite a chuir tús freisin le seó a eagrú, mar a spáinfí an scoth. I gCarna a tosaíodh air ach le suim mhaith blianta anois is ar an gClochán, ar príomhbhaile Chonamara é, a ritear an seó; ar an tríú Déardaoin de Lúnasa chuile bhliain. Faoi gur as Conamara do mhórbhunáite na gcapaillíní a bhíonns ar spáint bítear ag argóint go mba lárnaí an Teach Dóite mar shuíomh.

Ach, de bharr a iomráití is atá sé, tagann capaillíní as ceantracha difriúla den tír go dtí an seó; agus roinnt as tíortha taobh amuigh d’Éirinn mar, a cháiliúla is atá an pór capaillín seo, tá cumainn dá gcuid féin i sé cinn déag de thíortha. (Tá sliocht de chuid Chéileog sna Críocha Lochlannacha, sa bhFrainc agus san Astráil.) Mar sin bíonn lóistín á thóraíocht i gcoinne capaillíní agus is mó i bhfad na deiseanna chuige sin sa Chlochán mar a bhfuil páirc fhairsing, óstáin lena hais, agus áiseanna páirceála níos fearr.

Tá réimse an tseó méadaithe as cuimse agus is féile sheachtaine anois é; laethanta speisialta margaíochta mar chuid de; ionaid go leor seachas an pháirc á n-úsáid.

Bíonn saolré fhada ag an gcapaillín seo, tig leis maireachtáil go mbíonn sé sna tríochaidí, cé go mbíonn sé ina shea ó na cúig bliana amach. Na deich mbliana atá Céileog. Cén t-ionadh, más ea, i dtráth seo an lagthrá eacnamaíochta, nuair is féidir go fiú’s capall rása a cheannach ar bheagán, éileamh chomh tréan a bheith ar an gcapaillín Chonamara?