Contre-coup

CROBHINGNE: BA CHEART go mbeadh i bhfad níos mó suime à gogo againn san Fhrainc ná mar atá, óir tá sí ar cheann d’fhórsaí móra…

CROBHINGNE:BA CHEART go mbeadh i bhfad níos mó suime à gogo againn san Fhrainc ná mar atá, óir tá sí ar cheann d'fhórsaí móra an Aontais Eorpaigh, agus bíonn éileamh ar spreachall beag Fraincise ag gach duine a bhfuil teanntás ar chultúr aige ó chuir na Sasanaigh suim inti.

Ina choinne sin, níor mhór a dhein siad dúinne riamh mar náisiún. Idir láimhseáil chalaoiseach peile agus gan teacht i dtír san áit cheart nuair a bhíomar ina ngá nuair nach rabhamar cairdiúil le Sasana níl aon chúis faoi leith againn gean thar meon a thabhairt dóibh.

Fairis sin, tá scata ainmneacha ar dhathanna tugtha acu dúinn nach dathanna in aon chor iad ach beartáin a d’fhág an cat ina dhiaidh. Cad is beige ann i gcuntais Dé na Glóire ach smut den tromluí a bhí agat idir codladh is dúiseacht?

De réir mar a thuigim saghas dí is ea chartreuse agus tá an dealramh ar bisque gur rud éigin é a gheofá i mbialainn, ach deir bean liom gur dathanna is ea iad.

READ MORE

Tráth dá raibh b’éigean do mhic léinn bhochta leithéidí Nathalie Sarraute agus A Lán Robbe-Grillet a léamh le súil is go scuabfaí ar aghaidh iad le sruth an avant-garde, nuair ba dhócha gur cul-de-sac a bhí iontu. Agus ba mheasa ná sin an iomrascáil le fealsúnacht Sartre.

Ina choinne sin, ba mhinic savoir-faire a bheith ag na Francaigh maidir le cúrsaí polaitíochta de, agus mura raibh siad rómhinic ar an bhfarraige don tseanbhean bhocht, ar a laghad thaispeáin siad an tslí.

Is chuige sin, b’fhéidir, gurbh fhiú aird a thabhairt ar thoradh an toghcháin uachtaránachta ansiúd an deireadh seachtaine seo, nach raibh sa chaitheamh vótaí coicíos ó shin ach saghas apéritif.

Má thoghtar Sarkozy arís rachaidh an saol ar aghaidh mar a bhí, deochanna á n-ól orthu siúd atá thuas agus cosa á mbualadh orthu siúd atá thíos; ach má thoghtar Hollande cuirfear méar bheag éigin san díog atá ag iarraidh airgead an tsaoil a aistriú ó na gnáthdhaoine go dtí na tiarnaí lasnairde.

Fairis sin, beidh stuif tennédhonn ar phus ár gcuidne polaiteoirí féin, mar beidh sé ag féachaint le hathruithe a dhéanamh ar an gconradh is déanaí atá ann chun jobanna a sholáthar don aos déclassé agus mil a sheoladh ina slaoda ar bhánchnoic Éireann, hó hó hó.

Dá éamais sin, tógfaidh sé líne Maginot agus cordon sanitaire idir an Fhrainc agus flaitheas na Gearmáine ar fud an ilchríochín, agus tabharfaidh misneach do na pobail úd atá ag iarraidh a gcuid rialtas ghiollaí mbanc a smachtú. Cheana féin tá beagán ag baint na sramaí dá súile thuas san Ísiltír, agus i bPoblacht na Seice, agus sa Rúmáin féin.

Ba mhó ná divertissement, áfach, imeachtaí na chéad chéime, mar léirigh siad go raibh rogha cheart ag muintir na Fraince.

I dteannta na beirte móire seo bhí iarratasóirí fódúla eile os a gcomhair, duine acu ag iarraidh labhairt ar gloire na tíre agus í ag múscailt smaointe timpeall ar Sétif na hAilgéire, agus Lá San Pharthaláin, agus My Trach Vítneam agus áiteanna eile inar cuireadh luchóga neamhFhrancacha ina dtost; agus duine eile ag iarraidh Grand Guignol an Aontais Eorpaigh a sheachaint.

Mura bhfuil Jean-Luc Mélanchon ag teastáil níos mó ó mhuintir na Fraince, an bhfuil aon tseans ann go bhféadfaimis é a fháil ar iasacht?

Ba mhór mar mhalairt é ar chineálacha éagsúla taois abhus nach bhfuil aon difríocht eatarthu bíodh siad ina Fhianna Feall nó ina Fhine Leadhb, n’est-ce-pas?

Más pian le risíní é dá lán, cé déarfadh nach eisean is mó atá au fait leis an ní is gátar a dhéanamh? Go dtabharfadh an banc Eorpach airgead ar iasacht do rialtais an ilchríochín ar ús 1 faoin gcéad faoi mar a dhéanann siad do na húsairí príobháideacha?

Lánphinsin do chách tar éis aois an trí scór; laghdú ar uaireanta allais; ardú substaintiúil ar an ráta pá íosta; cáin 100 faoin gcéad ar aon teacht isteach os cionn €350,000.

Bíonn éileamh ar mholtaí díreacha macánta, ach nuair a leagtar os comhair na ndaoine iad sceiteann siad roimh an derier cri, go fiú má tá sé chomh sean le spallaíocht.

Nuair a chéad airigh mé a chuid moltaí b’éigean dom taighdeadh go doimhin im intinn ag lorg le mot juste le cur síos a dhéanamh orthu. Dúirt na nuachtáin bien-pensant ar fad go raibh sé gan a bheith ar an saol seo in aon chor, agus cheangail daoine a raibh intinn mar découpage acu le radacacht éigin é.

Níor mar sin a taibhsíodh domsa in aon chor é, ach, au contraire, i lorgaireacht na huirílle cruinne dom, tháinig mé ar na focail “go díreach ceart”.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar