Cúlchaint agus taidhleoirí

BEOCHEIST: CAITHFIDH MUID a bheith buíoch sa tromluí fada eacnamaíoch seo as aon fhaoiseamh grinn

BEOCHEIST:CAITHFIDH MUID a bheith buíoch sa tromluí fada eacnamaíoch seo as aon fhaoiseamh grinn. Más fíor don tseanfhocal "Gáire maith is codladh fada an dá leigheas is fearr" tá bille le híoc againn leis an Dochtúir Wikileaks.

Níor leigheas go dtí iad na píosaí beaga faisnéise fúinn a bhí á gcur abhaile ag ambasáid Mheiriceá le linn an dá rialtas dheiridh.

Ní bheidh sé ina ábhar iontais ag an gcuid is mó den bpobal go mbíonn ambasadóirí ag cúléisteacht agus ag cúlchaint. Cad é eile a bheadh ar siúl acu?

Is cuid thábhachtach dá bpostanna í an rialtas s’abhaile a choinneáil ar an eolas faoi mheon an phobail sa tír ina lonnaítear iad.

READ MORE

Ach, sa gcás seo, cuirfidh sé iontas ar a lán chomh réidh agus a bhí airí agus Taoisigh chun faisnéis a scaoileadh, eolas nach raibh fiú ag an bpobal ar ócáidí fós.

Thug na scéalta seo léargas iontach, taobh thiar den doras, ar pholaiteoirí Éireannacha a raibh a n-aghaidheanna poiblí bainte díobh. Is léir go raibh an chuid is mó acu ar a suaimhneas agus gan aon tuairim acu go bhféadfadh na comhráití príobháideacha seo críochnú i gcló.

Ar an drochuair dóibhsean agus ar ádhmharaí an tsaoil dúinne, chríochnaigh, agus ba mhór an spórt iad a léamh.

Tá raon leathan siamsaíochta le fáil iontu ó thuairimí greannmhara Mhary Hanafin faoi na Glasaigh, go dtí na nótaí faoi shaol sóisialta bheirt Thaoiseach. Ach thar aon rud eile, bainfear an greann is mó as an bhearna idir an rud a bhíodh á rá ag polaiteoirí áirithe go poiblí agus an rud a bhíodh á rá acu go príobháideach le heachtrannaigh. Is ceacht luachmhar don bpobal é an cogar-mogar seo i measc na n-uasal nach raibh aon taifead i ndán dó, measadh.

I gcás beirt de na polaiteoirí ar a laghad, tugtar léargas maith ar a modhanna oibre, má bhí a leithéid de dhíth.

Féach, mar shampla, gur éirigh le Wikileaks ráiteas eile ó Bhertie Ahern a thabhairt dúinn a mhairfidh leis na ráitis mhóra eile sin as an saol poiblí in Éirinn in annálacha na míthuisceana.

Thart faoin am go mbíodh Bertie ag inse don Dáil le tréan údaráis nach raibh aon phríosúnaigh á dtabhairt faoi rún ag arm Mheiriceá tré aerfort na Sionainne, bhí sé ag léiriú éiginnteachta agus imní i gcomhrá leis an ambasadóir Kenny.

Gan olc a chur a chomhluadar le ceist dhíreach, d’fhíafraigh Bertie díobh “Am I all right with this?”

Péarla eile le cur leis na seodanna a fhanann sa gcuimhne ar nós: “We are living way beyond our means”/“Here’s something for yourself.” “Thanks, Bigfella”/“Will we get a receipt? Will we f...!”/“She’s a class act!”

Maíodh i gcónaí go labhraíodh Bertie i gcód ach ní theastódh saineolaí ó Bhletchley Park chun a dhéanamh amach ón gceist sin cad é an rud a ba thábhachtaí leis.

An polaiteoir eile a bheidh thíos leis an sceitheadh scéalta ná an Tánaiste Eamon Gilmore. Cuimhneoidh daoine gur fhógair seisean tar éis an chéad reifrinn faoi Chonradh Liospóin: “The Lisbon Treaty is dead.”

Bhuel, caithfidh gur chuir a lán daoine ar an eite chlé spéis sa gcuntas de chomhrá leis a léirigh a mhalairt de thuairim. De réir an chuntais, d’admhaigh sé go dtacódh sé leis an dara reifreann ar Liospóin in ainneoin go raibh a mhalairt á rá aige go poiblí.

Riachtanas polaitiúil a bhí sa dallamullóg is cosúil agus d’fhan sí ina rún go dtí gur scaoil Wikileaks le nuachtáin áirithe an comhad Éireannach. An ndéanfar dearmad ar an eachtra seo? Nach dócha go mbeidh an pobal amhrasach faoi aon fhógra sollúnta eile uaidh?

Tá siad ann a déarfadh nach cúis iontais ná uafáis a bhfuil léirithe sna scéalta seo. Ach caithfidh go bhfuil mórán daoine míshásta leis an meon sclábhánta a léirítear iontu, an mhian ollmhór chun ár gcairde Meiriceánacha a shásamh. Cinnte, ní thaitneodh sé lena lán dá mbeadh gnó an Rialtais faoi chaibidil ag airí le strainséirí nó le hionadaithe ó stáit eile.

Is seanchara de chuid na tíre seo é Meiriceá agus ba chara mór riamh é in am an ghátair. Tá dídean, fostaíocht agus tacaíocht tugtha aige dár muintir agus, de bharr na heisimirce, tá gaol gairid eadrainn. Mar a léirigh cuairt an uachtaráin Obama, tá gean ar leith i gcónaí idir an dá thír a mhairfidh i bhfad tar éis na glúine óige a d’éist leis i bhFaiche an Choláiste. Ní gá aon chruthúnas go bhfuil an “caidreamh speisialta” ann. Ach ní eireaball ná ball de Mheiriceá muid fós. Uaireanta is beag idir “caidreamh speisialta” agus caidreamh míshláintiúil.

Is binn béal...